+Airteagal 43 Measúnú ar thoimhde dáileacháin agus staidrimh
---+Airteagal 43 1
---+Airteagal 43 2
---+Airteagal 43 3
|
Airteagal 43 Measúnú ar thoimhde dáileacháin agus staidrimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gceanglas go léireodh bearta riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sonraí a breathnaíodh go stairiúil i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2), pointe (c), agus Airteagal 325bc(4), pointe (c), den Rialachán sin, fíoróidh siad cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tá bonn cirt leis na toimhdí dáileacháin agus aon toimhde staidrimh ábhartha eile a úsáidtear sa tsamhail, lena n-áirítear luaineachtaí agus comhghaolta, lena n-áirítear i dtaca le foirceann na ndáileachán atá ábhartha maidir le ríomh an easnaimh ionchasaigh;
|
|
(b)
|
na comhghaolta eimpíreacha arna n-úsáid ag an institiúid le linn di cás de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm chun comhghluaiseacht na bhfachtóirí riosca a léiriú i ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán Uimh. 575/2013, tá siad bunaithe ar shonraí a breathnaíodh go stairiúil i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2), pointe (c), agus Airteagal 325bc(4), pointe (c), den Rialachán sin.
|
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, é a cheangal ar an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
sampla d’amshraitheanna a sholáthar;
|
|
(b)
|
na comhghaolta eimpíreacha i measc na n-amshraitheanna sin a ríomh;
|
|
(c)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil difríocht ábhartha idir na comhghaolta dá dtagraítear i bpointe (b) agus na comhghaolta arna n-úsáid ag an institiúid ina samhail tomhais riosca inmheánach.
|
|
|
Airteagal 43 2
|
2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla comparáid idir na nithe seo a leanas ar bhonn sampla d’amshraitheanna:
|
(a)
|
an luaineacht agus na hairíonna dáileacháin eile a bhaineann leis an gcás de shuaitheadh amach anseo arna gcur i bhfeidhm maidir le fachtóir riosca ar leith i ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh páirteach;
|
|
(b)
|
an luaineacht agus na hairíonna dáileacháin eile a bhaineann leis na torthaí a breathnaíodh le haghaidh an fhachtóra riosca sin.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 325bc(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na tréimhse struis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), den Rialachán sin araon.
|
|
Airteagal 43 3
|
3. Chun críocha mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca, tástálacha breise a dhéanamh, lena n-áirítear tástálacha normáltachta, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na dáileacháin arna dtoimhdiú ag an institiúid leordhóthanach. Féadfaidh na húdaráis inniúla é a cheangal ar an institiúid an tionchar a bhainfeadh le dáileacháin mhalartacha a úsáid ar na bearta riosca easnaimh ionchasaigh a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|