+Airteagal 44 2

Airteagal 44 2

2.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh díreach dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 i ndáil le fachtóirí riosca neamh-insamhlaithe:

(i)

a fhíorú cé acu a leanann nó nach leanann próisis na hinstitiúide na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 mar a leagtar síos sna beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid athruithe ar an gcur chuige a úsáidtear le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis a dhoiciméadú agus bonn cirt a thabhairt leo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 1, pointe (a)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(iii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil aon difríocht ábhartha idir an beart riosca maidir le cás struis a eascraíonn, ar thaobh amháin, as an modh díreach agus, ar an taobh eile, as an modh céim ar chéim, le haghaidh na tréimhse 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le haon difríocht ábhartha;

(b)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh díreach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 i ndáil le buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhlaithe:

(i)

a fhíorú cé acu a leanann nó nach leanann próisis na hinstitiúide na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(i), den Rialachán Tarmligthe sin, mar a leagtar síos sna beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid athruithe ar an gcur chuige a úsáidtear le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis a dhoiciméadú agus bonn cirt a thabhairt leo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (a)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(iii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil aon difríocht ábhartha idir an beart riosca maidir le cás struis a eascraíonn, ar thaobh amháin, as an modh díreach agus, ar an taobh eile, as an modh céim ar chéim, le haghaidh na tréimhse 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le haon difríocht ábhartha;

(c)

i ndáil le cinneadh na hamshraithe de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach n-áiríonn an institiúid níos mó ná barúil amháin in aghaidh an lae gnó san amshraith a úsáidtear chun beart riosca maidir le cás struis a ghiniúint, agus a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leis an amshraith sonraí margaidh iarbhír agus na sonraí sin amháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(ii)

a fhíorú cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) chun laethanta gnó agus neamhghnó a shainaithint i ríomh na dtorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 agus sa síneadh ar an tréimhse struis suas le 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), den Rialachán sin, agus a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na céimeanna chun na torthaí 10 lá gnó a fháil, lena n-áirítear an cinneadh ar D t' dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin, mar is ceart;

(iii)

maidir leis an amshraith d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe a ndearna an institiúid measúnú orthu roimhe seo mar fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leo na breathnuithe arna n-úsáid ag an institiúid chun na cásanna de shuaitheadh amach anseo a chalabrú dá dtagraítear in Airteagal 325bc den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(d)

i ndáil le cur chun feidhme mhodh an chúltaca dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

a fhíorú cé acu is féidir nó nach féidir le hinstitiúidí bonn cirt a thabhairt leis na sonraí ganna dá bhfuil ar fáil i gcás na bhfachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó na mbuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a n-úsáideann an institiúid modh an chúltaca ina leith;

(ii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sainaithint iomchuí ann ar fhachtóirí riosca a bhfuil an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 le húsáid ina leith;

(iii)

a fhíorú, le linn an modh dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chur i bhfeidhm, ar cé acu is é nó nach é an toradh ar an gcur chuige arna úsáid ag an institiúid chun fachtóir riosca a roghnú, ar fachtóir riosca é a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin, go gcinntear na suaití aníos agus anuas atá oiriúnach le haghaidh fachtóir riosca a gcuirtear modh an chúltaca i bhfeidhm ina leith;

(e)

é a cheangal ar an institiúid fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a shainaithint a bhfuil luach na comhéifeachta neamhlíneachta ina leith dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 cothrom le κ min nó κ max , dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus a fhíorú cé acu is iomchuí nó nach iomchuí an dianchás de shuaitheadh amach anseo nó, i gcomhréir le hAirteagal 325bk(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé acu atá nó nach bhfuil sé le ceangal ar an institiúid dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(f)

i ndáil le cinneadh na tréimhse struis mar a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

i gcás ina gcinneann an institiúid an tréimhse struis trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 agus trí úsáid a bhaint as modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den Rialachán Tarmligthe sin, stóinseacht na hanailíse arna déanamh ag an institiúid a fhíorú chun a léiriú nach modhnófaí an tréimhse struis leis na hathruithe ar phraghsanna nach ngabhtar leis na modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht;

(ii)

i gcás ina gcinneann an institiúid an tréimhse struis le haghaidh na bhfachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe i gcatagóir leathan d’fhachtóirí riosca tríd an tréimhse bhreathnaithe 12 mhí lena n-uasmhéadaítear an beart easnaimh ionchasaigh páirteach PES RS, i i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, stóinseacht na hanailíse arna déanamh ag an institiúid a fhíorú chun a léiriú gur tréimhse struis airgeadais le haghaidh a fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe atá i gceist leis an tréimhse struis arna sainaithint;

(iii)

a fhíorú cé acu a thosaíonn nó nach dtosaíonn na tréimhsí rollacha 12 mhí arna dtástáil chun an tréimhse struis a chinneadh ón 1 Eanáir 2007 ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus a fhíorú cé acu a lean nó nár lean nuashonruithe roimhe seo ar an tréimhse struis an mhinicíocht agus na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (g);

(g)

i ndáil le caillteanais a ríomh le modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

measúnú a dhéanamh ar stóinseacht na bpróiseas agus na modhanna chun teipeanna praghsála a bhrath, na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí ar tharla teip phraghsála ina leith a shainaithint, cúiseanna na dteipeanna praghsála a shainaithint, agus a n-íogaireachtaí ábhartha a chinneadh;

(ii)

a fhíorú, tar éis an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóir riosca neamh-insamhaltaithe, cé acu is amhlaidh, nó nach amhlaidh, nach gcuirtear modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí a iompraíonn an fachtóir riosca sin agus faoi réir na dteipeanna praghsála i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(h)

i ndáil leis an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

oiriúnacht an mhodha a úsáideann an institiúid a fhíorú chun cinneadh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas uasta a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr athrú ar fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó de bharr athrú ar bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe críochta;

(ii)

i gcás inar críochta an caillteanas uasta a chomhfhreagraíonn d’fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó do bhuicéad neamh-insamhaltaithe, a fhíorú cé acu a shainaithníonn nó nach sainaithníonn an institiúid an caillteanas uasta sin go cruinn;

(iii)

i gcás nach críochta an caillteanas uasta a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr athrú ar fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó de bharr athrú ar bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, maidir leis na toimhdí dáileacháin agus staidrimh a úsáidtear sa chur chuige bunaithe ar shaineolas dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (a), agus Airteagal 14(4), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil siad bunaithe ar shonraí oibiachtúla agus tástálacha láidre, agus a fhíorú go bhfuil an dianchás de shuaitheadh amach anseo coimeádach a dhóthain;

(iv)

a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(1)

an fhaisnéis a áirítear san fhardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), tá sí i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (e) den mhír sin;

(2)

na critéir a shonraítear san fhardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) chun na fachtóirí riosca sin a shainaithint ar ina leith a fhaightear an beart riosca maidir le cás struis trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, tá siad fónta;

(v)

stóinseacht na modheolaíochta agus na dtástálacha staidrimh arna n-úsáid ag an institiúid a fhíorú chun fachtóirí riosca nach léiríonn ach riosca neamhghnách amháin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397.

Chun críocha phointe (a)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an réasúnú a sholáthraítear i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus cé acu atá nó bhfuil na hathruithe gaolmhara á dtiomáint ag an bhfíoras go dtagann beart riosca maidir le cás struis níos ísle as modh amháin ná as an gceann eile.

Chun críocha phointe (b)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an réasúnú a sholáthraítear i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus cé acu atá nó nach bhfuil sé á thiomáint ag an bhfíoras go dtagann beart riosca maidir le cás struis níos ísle as modh amháin ná as an gceann eile.

Chun críocha phointe (g)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla go ríomhann an institiúid na caillteanais a bhaineann le hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí eile a iompraíonn an fachtóir riosca sin ach nach bhfuil faoi réir teip phraghsála leis na modhanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.