+Airteagal 50 Measúnú ar an struchtúr comhghaolúcháin
---+Airteagal 50 1
---+Airteagal 50 2

Airteagal 50 Measúnú ar an struchtúr comhghaolúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 50 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáideann institiúid chun an comhghaolú mainneachtana idir eisitheoirí éagsúla a chinneadh mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bn(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach n-úsáidtear ach raonta difríochta cothromais agus creidmheasa liostaithe mar ionchuir sonraí chun an comhghaolú idir eisitheoirí éagsúla a chinneadh;

(b)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid copailí chun comhghaolta mainneachtana a shamhaltú, measúnú a dhéanamh ar bhailíochtú inmheánach na dtoimhdí copaile arna ndéanamh ag an institiúid agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil comhoiriúnacht idir na sonraí stairiúla a úsáidtear chun na comhghaolta agus na heisitheoirí atá ar áireamh i bpunann na hinstitiúide a chalabrú;

(c)

a shainaithint cé acu atá nó nach bhfuil an comhghaol idir eisitheoirí bunaithe ar thorthaí absalóideacha nó coibhneasta, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an réasúnaíocht a bhaineann le rogha an chineáil toraidh:

(i)

fónta;

(ii)

i gcomhréir leis na roghanna a dhéanann na hinstitiúidí i ndáil le gnéithe eile den tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(d)

maidir leis an modh a úsáideann an institiúid chun comhghaol a fháil ar an ionchas ama is infheidhme ó thorthaí arna ríomh ar ionchas ama níos giorra, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sé fónta;

(e)

measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcinneann an institiúid an tréimhse chalabrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 325bn(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Chun críocha phointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an institiúid sonraí a sholáthar, ar sonraí iad a úsáidtear chun an comhghaol idir sampla d’eisitheoirí arna roghnú ag na húdaráis inniúla a shamhaltú, agus a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach mbaineann na sonraí sin ach le raonta difríochta cothromas agus creidmheasa liostaithe amháin.

Chun críocha phointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla, i gcás ina gcuireann an institiúid an maolú dá dtagraítear in Airteagal 325bn(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm, cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach n-úsáidtear comhghaol 60 lá gnó ach amháin idir suíomhanna cothromais a n-úsáidtear an maolú sin ina leith, agus go ndéantar an comhghaol a thomhas ar shlí eile i gcaitheamh ionchas ama de 1 bhliain amháin.

Chun críocha phointe (e), fíoróidh na húdaráis inniúla, cé acu atá nó nach bhfuil an cur chuige a úsáideann an institiúid chun an tréimhse a roghnú, lena n-áirítear fad na tréimhse:

(a)

fónta;

(b)

doiciméadaítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide é;

(c)

déantar athbhreithniú air chun cuntas a choinneáil ar aon athrú ar an tréimhse struis dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 50 2

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), fíoróidh na húdaráis inniúla, maidir le sampla d’eisitheoirí a bhfuil suíomhanna ag an institiúid ina leith faoi réir na gceanglas cistí dílse maidir le riosca mainneachtana, cé acu atá nó nach bhfuil na comhghaolta eisitheora idir péirí a dhíorthaítear ón samhaltú comhghaolaithe comhoiriúnach leis na comhghaolta eisitheora idir péirí a dhíorthaítear ó shonraí margaidh inbhraite.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.