|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II Faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile A. FAIREACHÁN IN AGHAIDH AN MHUIRAISTIR (AIRTEAGAL 9) 1. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile in aghaidh an mhuiraistir (Airteagal 9(1)), tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas:
(a)
►M1 the date and hour of departure from berth and arrival at berth shall be considered using Greenwich Mean Time (GMT/UTC). ◄ Déanfar an méid ama a chaitear ar muir a ríomh bunaithe ar fhaisnéis a bhaineann le faisnéis i ndáil le himeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort agus ní bheidh an t-am a chaitear ar ancaire san áireamh;
(b)
féadfaidh sé gurb éard a bheidh san fhad a thaistealaítear an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann nó an fad iarbhír a thaistealaítear. I gcás ina n-úsáidtear fad an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann, ba cheart fachtóir coimeádach ceartúcháin a chur san áireamh d'fhonn a áirithiú nach bhfuil an fad a taistealaíodh á meas go suntasach faoina luach. Sonrófar sa phlean faireacháin cén ríomh faid a úsáidtear agus, más gá, an fachtóir ceartaithe a úsáidtear. ►M1 The distance travelled shall be determined from berth of the port of departure to berth of the port of arrival and shall be expressed in nautical miles; ◄
(c)
cinnfear obair iompair tríd an bhfad a thaistealaítear a mhéadú faoi mhéid an lastais arna iompar;
(d)
i ndáil le longa paisinéirí, úsáidfear an líon paisinéirí chun léargas a thabhairt ar an lastas arna iompar. I gcás gach catagóra eile long, is i dtonaí méadracha nó i méadair chiúbacha chaighdeánacha lastais a bheidh an méid lastais á shonrú, de réir mar is iomchuí.
(e)
►M1 for ro-ro ships, cargo carried shall be defined as the mass of cargo on board, determined as the actual mass or as the number of cargo units (trucks, cars, etc.) or occupied lane-metres multiplied by default values for their weight. ◄ Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long róró” long a dheartar chun aonaid iompair lastais rollta ann, rollta as a iompar nó long a bhfuil spásanna lastais rollta ann, rollta as air.
(f)
i gcás long coimeádáin, sainmhíneofar lastas atá á iompar mar mheáchan iomlán i dtonaí méadracha an lastais nó, murach sin, líon na nAonad is Coibhéis Fiche Troigh (TEUanna) iolraithe faoi luachanna réamhshocraithe le haghaidh a meáchain. Má shainmhínítear lastas atá á iompar ag soitheach coimeádáin i gcomhréir le Treoirlínte IMO is infheidhme nó le hionstraimí de bhun an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS), measfar go gcomhlíonann an sainmhíniú sin an Rialachán seo. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long coimeádáin” long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar dheic, agus chuige sin amháin;
(g)
agus lastas atá á iompar i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa ró-ró agus longa coimeádáin á chinneadh, féadfar meáchan agus toirt an lastais atá á iompar mar aon le líon na bpaisinéirí a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Áireofar leis na catagóirí sin, inter alia, tancaeir, olliompróirí, longa lastais ghinearálta, longa lastais cuisniúcháin, iompróirí feithiclí agus comhiompróirí. 2. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun ►M3 pointe 1(g) ◄ a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha teicniúla lena sonrófar na paraiméadair is infheidhme maidir le gach ceann de na catagóirí eile long dá dtagraítear faoin bpointe sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar na paraiméadair is infheidhme dá dtagraítear i b ►M3 pointe 1(g) ◄ . I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair sin chun na leasuithe ar an Iarscríbhinn seo a chur san áireamh de bhun Airteagal 5(2). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2). 3. Agus na rialacha dá dtagraítear i ►M3 pointe 1 agus pointe 2 ◄ á gcomhlíonadh acu, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireacht trí leac oighir a áireamh. B. FAIREACHÁN AR BHONN BLIANTÚIL (AIRTEAGAL 10) Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile ar bhonn bliantúil, tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas: Déanfar na luachanna a bhfuil faireachán le déanamh orthu faoi Airteagal 10 a chinneadh trí chomhiomlánú na sonraí a bhaineann leis an muiraistear faoi seach. Déanfar faireachán ar an meán-éifeachtúlacht fuinnimh trí úsáid a bhaint as ceithre tháscaire ar a laghad: ídiú breosla de réir achair, ídiú breosla de réir oibre iompair, astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an fhaid agus astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na hoibre iompair, ar nithe iad a ríomhfar mar seo a leanas: Ídiú breosla bunaithe ar an bhfad a thaistealaítear = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán an fhaid a thaistealaítear Ídiú breosla bunaithe ar obair iompair = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán na hoibre iompair Astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar an bhfad a thaistealaítear = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán an fhaid a thaistealaítear Astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar obair iompair = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán na hoibre iompair. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, féadfaidh longa faireachán a dhéanamh ar an meán-éifeachtúlacht fuinnimh trí úsáid a bhaint as an dá tháscaire éifeachtúlachta fuinnimh seo a leanas: ídiú breosla bunaithe ar an am a chaitear ar muir agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar an am a chaitear ar muir, ar nithe iad a ríomhfar mar seo a leanas: Ídiú breosla bunaithe ar an am a chaitear ar muir = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán an ama a chaitear ar muir Astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an ama a chaitear ar muir = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán an ama a chaitear ar muir Agus iad ag comhlíonadh na rialacha seo, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh freisin chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireachta trí leac oighir a áireamh, mar aon le faisnéis ar bith eile a bhaineann leis an mbreosla a ídítear agus le astaíochtaí gás ceaptha teasa a astaítear, agus idirdhealú á dhéanamh ar bhonn critéir eile a léirítear sa phlean faireacháin. C. FAIREACHÁN AR IOMLÁN NA nASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A CHUMHDAÍTEAR LE TREOIR 2003/87/CE I nDÁIL LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ MUIRIOMPAIR AGUS AR AN bhFAISNÉIS CHUN ÚDAR A THABHAIRT LE MAOLUITHE AR AIRTEAGAL 12(3) DEN TREOIR SIN (AIRTEAGAL 10, POINTE (K)) 1. Rialacha chun faireachán a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa loinge a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin Déanfaidh cuideachtaí na méideanna ábhartha de gach gás ceaptha teasa a chinneadh ar leithligh agus déanfaidh siad iomlán na méideanna sin arna sloinneadh i gcoibhéisí CO2 a chinneadh. Breithneoidh cuideachtaí na méideanna de gach cineál breosla a ídítear le haghaidh gníomhaíochtaí muiriompair a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil leis an tréimhse ar lena linn a bhí an long faoina bhfreagracht a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir sin. Déanfaidh cuideachtaí, nuair is infheidhme, na ríomhanna a leagtar amach i bpointí 1.1. go 1.7 san ord a leagtar síos thíos. 1.1. An prionsabal ginearálta Chun críche faireachán a dhéanamh ar iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlánaithe na loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE, cuirfidh cuideachtaí na foirmlí a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm, agus na cineálacha astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE á gcur san áireamh. 1.2. Maolú ar an bprionsabal ginearálta agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta de bhun Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE De mhaolú ar phointe 1.1, ní chuirfidh cuideachtaí na rialacha a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le fachtóirí astaíochtaí CO2 a chinneadh i gcás ina n-úsáideann an chuideachta breosla a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh úsáid na bithmhaise arna bunú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus aon choigeartú is gá lena chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Sna cásanna sin, nialas a bheidh i bhfachtóir astaíochta CO2 chodán bithmhaise an bhreosla. De mhaolú ar phointe 1.1, ní chuirfidh cuideachtaí na rialacha a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le fachtóirí astaíochta CO2 a chinneadh i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Breoslaí In-Athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch, Breosla Carbóin Athchúrsáilte nó breosla sintéiseach ísealcharbóin. Sna cásanna sin, cinnfear an fachtóir astaíochta CO2 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. 1.3. Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás turas idir calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit I gcomhréir leis an raon feidhme geografach dá dtagraítear in Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE, déanfar na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1 agus pointe 1.2 den Chuid seo a iolrú faoi 50 % i gcás ina scaoileann long astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar long é a thugann faoi mhuiraistear ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, nó faoi mhuiraistear a imíonn ó chalafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit. 1.4. Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás astaíochtaí CO2 dá dtagraítear in Airteagal 12(3a) agus (3b) de Threoir 2003/87/CE De mhaolú ar phointe 1.1, i gcás ina dtagann astaíochtaí CO2 faoi raon feidhme Airteagal 12(3a) nó (3b) de Threoir 2003/87/CE, déanfar méideanna na n-astaíochtaí sin arna ríomh i gcomhréir le pointí 1.1, 1.2 agus 1.3 den Chuid seo a iolrú faoi nialas. 1.5. Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiraistear nó ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3-d), (3-c) nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE De mhaolú ar phointe 1.1, i gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c), nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE, déanfar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.4 den Chuid seo a iolrú faoi nialas. 1.6. Ríomh iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i gcás inar mian leis an gcuideachta tairbhe a bhaint as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) den Treoir sin Cuideachtaí ar mian leo leas a bhaint as an maolú le haghaidh longa d’aicme oighir dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh siad 5 % de na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.5 den Chuid seo, de réir mar is infheidhme. 1.7. Ríomh iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE, agus Airteagal 3gb den Treoir sin á chur san áireamh I leith na n-astaíochtaí le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2024 agus 2025, cuirfidh cuideachtaí na céatadáin chéimnithe isteach dá bhforáiltear in Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE i bhfeidhm ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.6 den Chuid seo, de réir mar is infheidhme. Déanfaidh cuideachtaí méideanna gach gáis a chomhiomlánú chun iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE a ríomh. 2. Faireachán ar an bhfaisnéis is gá chun údar cuí a thabhairt le haon mhaolú ábhartha ar Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE a chur i bhfeidhm 2.1. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c), nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh cuideachtaí faireachán, ar feadh na tréimhse a raibh an long faoina bhfreagracht, ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcás gach cineál maolaithe dá bhforáiltear sna forálacha sin, in aghaidh an mhuiraistir:
(a)
an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach;
(b)
méid agus fachtóir astaíochta gach cineáil breosla a ídítear, agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 1.2 á gcur san áireamh;
(c)
astaíochtaí gás ceaptha teasa a astaítear, arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1, pointe 1.2 agus pointe 1.3;
(d)
an fad a thaistealaítear;
(e)
an t-am a chaitear ar muir; 2.2. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a scaoileann long le linn tréimhse tuairiscithe faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c) nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE agus i gcás ina dtugann an long, de réir a sceidil, faoi níos mó ná 300 aistear le linn na tréimhse tuairiscithe sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gcuideachta faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1 den Chuid seo ar bhonn in aghaidh an mhuiraistir i ndáil leis an long sin le linn na tréimhse tuairiscithe sin. 2.3. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE, cuirfidh cuideachtaí faisnéis ar fáil a bhaineann le haicme oighir na loinge. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|