|
+IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH |
IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH
IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH Cuid A Córais bhailiúcháin Cuirfidh córais bhailiúcháin san áireamh na ceanglais maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh. Déanfar córais bhailiúcháin a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil i gcomhréir leis an eolas teicniúil is fearr nach mbaineann costais iomarcacha leis, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
—
toirt agus saintréithe fuíolluisce uirbigh,
—
sceitheadh fuíolluisce uirbigh, insíothlú agus insreabhadh mícheangailte isteach sna córais bhailiúcháin a chosc,
—
teorainn a chur le truailliú uiscí glactha a tharlaíonn mar gheall ar fhorshreabhadh uisce stoirme, agus na ceanglais ábhartha in Airteagal 5 agus Iarscríbhinn V á gcur san áireamh.
Cuid B Sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uiscí glactha 1. Déanfar gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhearadh nó a mhodhnú ionas gur féidir samplaí ionadaíocha den fhuíolluisce atá ag teacht isteach agus den eisilteach cóireáilte a fháil sula ndéantar é a sceitheadh isteach sna huiscí glactha. 2. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo. 3. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), chomh maith leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcásanna ina gcuirtear Airteagal 7(8) i bhfeidhm. 4. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4), comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn seo. 5. Le réamhrialacháin agus údaruithe sonracha don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin, áireofar an méid seo a leanas iontu:
—
tuairisc ar na teicneolaíochtaí ina gcuimsítear bithmheáin a úsáidtear i gcóireáil a dhéantar ag gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear cineál agus toirt na mbithmheán a úsáidtear sa ghléasra agus tuairisc ar na bearta a rinneadh chun scaoileadh bithmheán sa chomhshaol a sheachaint;
—
oibleagáid buanfhaireachán a dhéanamh ar scaoileadh bithmheán isteach sa chomhshaol agus an scaoileadh sin a chosc;
—
oibleagáid aon scaoileadh suntasach bithmheán isteach in uiscí glactha a thuairisciú gan mhoill d’údaráis inniúla.
6. Cuirfear i bhfeidhm ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na huiscí glactha na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2000/60/CE, 2008/56/CE, 2008/105/CE agus 2006/7/CE. 7. Déanfar pointí sceite an fhuíolluisce uirbigh a roghnú, a mhéid is féidir, chun na héifeachtaí díobhálacha ar na huiscí glactha a íoslaghdú. Cuid C Modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear i bhfeidhm modh faireacháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 go 5. I gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh gach modh anailíse na híoschritéir feidhmíochta chéanna mar a shainítear iad i dTreoir 2009/90/CE agus i rialacha ábhartha eile. Féadfar modhanna eile seachas na modhanna sin dá dtagraítear i bpointí 2, 3 agus 4 a úsáid ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbaintear amach torthaí coibhéiseacha leis na modhanna eile sin. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir a bhaineann leis an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm. 2. Déanfar samplaí sreabh-chomhréireacha nó am-bhunaithe thar tréimhse 24 uair an chloig a bhailiú ag an bpointe dea-shainithe chéanna in asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus, más gá, in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Aon samplaí am-bhunaithe a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin, áfach, samplaí 48 uair an chloig a bheidh iontu. Cuirfear i bhfeidhm dea-chleachtais idirnáisiúnta saotharlainne chun díghrádú na samplaí idir tráth a mbailithe agus tráth a n-anailísithe a íoslaghdú. 3. Cinnfear an líon íosta bliantúil samplaí le tógáil de réir mhéid an ghléasra cóireála agus baileofar na samplaí go tráthrialta le linn na bliana:
Nóta 1: Maidir le ceirtleáin a mbaineann gníomhaíocht shéasúrach leo, glactar le heatraimh 2 mhí ar a mhéad gan sampláil ar choinníoll go dtógtar samplaí breise le linn mhíonna na gníomhaíochta séasúraí. Tógfar 12 shampla san iomlán i rith na bliana. 4. Glacfar leis go bhfuil an fuíolluisce uirbeach cóireáilte i gcomhréir leis na paraiméadair ábhartha más rud é, maidir le gach paraiméadar ábhartha arna mheas ina aonar, go léiríonn samplaí den uisce go gcomhlíonann sé an luach paraiméadrach ábhartha ar an gcaoi seo a leanas:
(a)
maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTáblaí 1 agus 3, déantar líon uasta na samplaí ar ceadmhach dóibh gan na ceanglais a chomhlíonadh, arna sloinneadh ina dtiúchan nó ina laghduithe céatadánacha, nó iad araon, a shonrú i dTábla 4;
(b)
maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTábla 1 arna sloinneadh ina dtiúchan, ní foláir do na samplaí neamh-chomhlíontacha a ghlactar faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin gan imeacht méid diallta is mó ná 100 % ó na luachanna paraiméadracha, ach amháin i gcás an pharaiméadair dá ngairtear iomlán na solad ar fuaidreamh, a bhféadtar glacadh le méideanna diallta suas le 150 % ó na luachanna paraiméadracha ina leith;
(c)
maidir leis na paraiméadair sin a shonraítear i dTábla 2, tá meán bliantúil na samplaí do gach paraiméadar i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha ábhartha a leagtar amach sa tábla sin; tá feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán íosta an laghdaithe;
(d)
maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTábla 3, is mar gheall ar mhinicíocht na samplála dá dtagraítear i gCuid C, pointe 3, go dtógtar sampla amháin in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus go dtógtar sampla amháin in asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh lena fhíorú go bhfuil an céatadán íosta arna bhaint i dTábla 3 á chomhlíonadh; úsáidtear meánchéatadán na substaintí go léir arna mbaint sa ríomh, chun a mheas ar baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint is gá, is é sin 80 %. 5. Tógfar na samplaí sa chaoi go mbeidh siad ina léiriú ar an truailliú le linn sreabhadh uisce triomaigh. Ní chuirfear san áireamh luachanna foircneacha cháilíocht an uisce i gceist i gcás ar leith nuair is de bharr dálaí neamhghnácha trombháistí iad na luachanna sin. 6. Is ar shamplaí scagtha a dhéanfar anailís ar an sceitheadh ón murlachú; mar sin féin, níor cheart tiúchan iomlán na solad ar fuaidreamh i samplaí uisce neamhscagtha sa sceitheadh sin a bheith níos mó ná 150 mg/l.
Tábla 1: Ceanglais maidir le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh faoi réir Airteagal 6 den Treoir seo. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.
Nóta 1: Féadfar paraiméadar eile a chur in ionad an pharaiméadair: carbón orgánach iomlán (TOC) nó éileamh iomlán ar ocsaigin (TOD) más féidir coibhneas a shuí idir BOD5 agus an paraiméadar ionaid. Nóta 2: Déanfaidh na Ballstáit an t-éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) nó an Carbón Orgánach Iomlán a thomhas. Nóta 3: Tá an ceanglas seo roghnach. Nóta 4: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh.
Tábla 2: Ceanglais maidir le cóireáil threasach ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Maidir le sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), beidh feidhm ag an dá pharaiméadar. Maidir le ceirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfar paraiméadar amháin nó an dá pharaiméadar a chur i bhfeidhm ag brath ar an staid áitiúil. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.
Nóta 1: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh nó leis an ualach a ghintear i gceirtleán más féidir an leibhéal céanna cosanta comhshaoil a áirithiú. Nóta 2: Má úsáidtear codán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfar cothaithigh sa chodán sin a áireamh i ríomh an ualaigh insiltigh agus féadfar iad a eisiamh ón ualach a sceitear. Nóta 3: I gcásanna eisceachtúla mar gheall ar imthosca áitiúla sonracha, féadfar coinneáil nádúrtha nítrigine a chur san áireamh sna Ballstáit inar cuireadh coinneáil nádúrtha nítrigine san áireamh agus céatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/271/CEE á ríomh agus i gcás ina léirítear gur féidir cuid den nítrigin a d’eascair as fuíolluisce uirbeach a dhíothú sna huiscí glactha, go dtí an 31 Nollaig 2045 i gcéatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo a ríomh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(1)
go bhfuil meán-am coinneála hiodrálach an eisiltigh a sceitear 1.5 bliain ar a laghad sula sroicheann sé an limistéar atá íogair do nítrigin a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);
(2)
go n-áirithítear clár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh ar an bparaiméadar nítrigine iomláin:
(a)
in asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir agus i gcás inarb ábhartha sa rith chun srutha uirbeach ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó atá suite i ndobharcheantar an limistéir atá íogair do nítrigin a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);
(b)
sna hionraonta ábhartha den limistéar a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);
(c)
ag na láithreacha samplála ionadaíocha sna huiscí glactha agus sna dobharlaigh ábhartha i ndobharcheantar an limistéir a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);
(3)
go gcomhlíontar céatadán íosta an laghdaithe nítrigine i dTábla 2; go ríomhfar an céatadán sin ar bhonn na sonraí arna mbailiú ón gclár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh dá dtagraítear i bpointe (2);
(4)
gur féidir a thaispeáint nach ndéanann scaoileadh nítrigine ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sa dobharcheantar dochar don chomhshaol, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht, ná do shláinte an duine agus nach n-athraíonn sé an t-éiceachóras;
(5)
go gcomhlíonann tiúchan na gcothaitheach sna limistéir dá dtagraítear i bpointe (c) de choinníoll (2) an coinníoll a leagtar síos faoi Iarscríbhinn V.1.2.1 a ghabhann le Treoir 2000/60/CE chun stádas maith éiceolaíoch na limistéar sin a shainiú;
(6)
go ndéantar úsáid na coinneála nádúrtha nítrigine a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 22(1)(a), chomh maith leis na Ballstáit chomharsanacha a bhféadfadh éifeacht a bheith orthu, mar aon leis an méid uile is gá chun a fhíorú go bhfuil coinníollacha (1), (2), (3), (4) agus (5) á gcomhlíonadh. Nóta 4: Beidh feidhm ag an gceanglas seo an 1 Eanáir 2025 maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a bhfuil sé d’oibleagáid orthu na spriocdhátaí a bunaíodh faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh agus maidir le ceirtleáin faoi Airteagal 7(3). Go dtí go mbainfear na spriocdhátaí sin amach, beidh feidhm ag oibleagáidí Airteagal 32(3) maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin. Nóta 5: I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 12 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:
(1)
go n-áirithítear nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ar an gcomhshaol;
(2)
go mbeadh costais iomarcacha nó ídiú iomarcach fuinnimh ag teastáil chun na luachanna le haghaidh nítrigine i dTábla 2 a bhaint amach. I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 5 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo.
Tábla 3: Ceanglais maidir le cóireáil cheathartha ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus/nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
Nóta 1: Déanfar tiúchan na substaintí orgánacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a thomhas.
(a)
Catagóir 1 (substaintí arb an-éasca iad a chóireáil):
(i)
Aimi-suilpríd (Uimh. CAS 71675-85-9),
(ii)
Carbamasaipín (Uimh. CAS 298-46-4),
(iii)
Ciatailopraim (Uimh. CAS 59729-33-8),
(iv)
Clairitrimícin (Uimh. CAS 81103-11-9),
(v)
Déchlóifeineac (Uimh. CAS 15307-86-5),
(vi)
Hidreaclóraitiaisíd (Uimh. CAS 58-93-5),
(vii)
Meatoprólól (Uimh. CAS 37350-58-6),
(viii)
Veanlafaicsín (Uimh. CAS 93413-69-5);
(b)
Catagóir 2 (substaintí arb éasca iad a dhiúscairt):
(i)
Beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 95-14-7),
(ii)
Caindiseartán (Uimh. CAS 139481-59-7),
(iii)
Irbiseartán (Uimh. CAS 138402-11-6),
(iv)
meascán 4-Meitil-beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 29878-31-7) agus 5-meitil- beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 136-85-6). Nóta 2: Ríomhfar an céatadán arna bhaint de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh le haghaidh 6 shubstaint ar a laghad. Beidh líon na substaintí i gcatagóir 1 dhá oiread níos líonmhaire ná líon na substaintí i gcatagóir 2. I gcás nach féidir ach níos lú ná 6 shubstaint a thomhas ina dtiúchan leordhóthanach, ainmneoidh an t-údarás inniúil substaintí eile chun ríomh a dhéanamh ar an gcéatadán íosta arna bhaint nuair is gá sin. Le linn an ríomha, bainfear úsáid as meán na gcéatadán sonrach arna mbaint le haghaidh na substaintí aonair go léir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint, is é sin 80 %, nó nár baineadh.
Tábla 4: Ceanglas maidir le samplaí
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|