+Airteagal 19 Údaráis sláinte digití
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
|
Airteagal 19 Údaráis sláinte digití
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás sláinte digití amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an gCaibidil seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na n-údarás sláinte digití faoin 26 Márta 2027. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás sláinte digití amháin nó i gcás ina mbeidh an t-údarás sláinte digití comhdhéanta d’eagraíochtaí iomadúla, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tuairisc ar dháileadh na gcúraimí agus na gcumhachtaí idir na húdaráis nó eagraíochtaí éagsúla a chur in iúl don Choimisiún. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát roinnt údaráis sláinte digití, ainmneoidh sé údarás sláinte digití amháin a ghníomhóidh mar chomhordaitheoir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Cuirfear na cúraimí agus na cumhachtaí seo a leanas ar gach údarás sláinte digití:
|
(a)
|
cur chun feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III a áirithiú trí na réitigh riachtanacha theicniúla náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a ghlacadh agus trí rialacha agus sásraí ábhartha a bhunú;
|
|
(b)
|
a áirithiú go gcuirfear faisnéis iomlán agus cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III ar fáil go héasca do dhaoine nádúrtha, do ghairmithe sláinte agus do sholáthraithe cúraim sláinte;
|
|
(c)
|
i gcur chun feidhme na réiteach teicniúil dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, lena n-áirithítear go gcomhlíonann na réitigh theicniúla sin an Chaibidil seo agus Caibidil III agus Iarscríbhinn II;
|
|
(d)
|
rannchuidiú, ar leibhéal an Aontais, le réitigh theicniúla a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas daoine nádúrtha agus gairmithe sláinte a gcearta a fheidhmiú agus a n-oibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh;
|
|
(e)
|
daoine faoi mhíchumas a éascú a gcearta faoin gCaibidil seo a fheidhmiú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);
|
|
(f)
|
na pointí teagmhála náisiúnta um shláinte dhigiteach a mhaoirsiú agus oibriú i gcomhar le húdaráis sláinte digití eile agus leis an gCoimisiún maidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar MoShláinte@AE (MyHealth@EU);
|
|
(g)
|
a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta formáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus leis na geallsealbhóirí;
|
|
(h)
|
rannchuidiú ar leibhéal an Aontais le forbairt a dhéanamh ar fhormáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte, le forbairt sonraíochtaí comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 36, lena dtabharfar aghaidh ar ábhair imní a bhaineann le cáilíocht, idir-inoibritheacht, slándáil, sábháilteacht, éascaíocht úsáide, inrochtaineacht, neamh-idirdhealú nó cearta bunúsacha agus le forbairt shonraíochtaí bhunachar sonraí an Aontais chun córais RTS agus na feidhmchláir folláine dá dtagraítear in Airteagal 49 a chlárú;
|
|
(i)
|
i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 43, agus a áirithiú ag an am céanna go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa;
|
|
(j)
|
acmhainneacht náisiúnta a fhorbairt chun ceanglais a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus slándáil sonraí leictreonacha sláinte le haghaidh úsáid phríomhúil a chur chun feidhme agus páirt a ghlacadh i malartuithe faisnéise agus i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne ar leibhéal an Aontais;
|
|
(k)
|
oibriú i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh, páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rioscaí a bhaineann le córais RTS agus teagmhais thromchúiseacha a láimhseáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme gníomhaíocht cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 44;
|
|
(l)
|
oibriú i gcomhar le heintitis agus comhlachtaí ábhartha eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, chun idir-inoibritheacht, iniomparthacht agus slándáil sonraí leictreonacha sláinte a áirithiú;
|
|
(m)
|
oibriú i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd atá inniúil maidir leis an gcibearshlándáil agus an ríomh-shainaitheantas.
|
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar is gá do gach údarás sláinte digití chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, seachnóidh gach údarás sláinte digití aon choinbhleachtaí leasa. Gníomhóidh gach ball foirne de chuid an údaráis sláinte digití ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, oibreoidh na húdaráis sláinte digití ábhartha go gníomhach i gcomhar le hionadaithe na ngeallsealbhóirí ábhartha agus rachaidh siad i gcomhairle leo, lena n-áirítear ionadaithe othar, soláthraithe cúraim sláinte agus ionadaithe gairmithe sláinte, lena n-áirítear comhlachais gairmithe sláinte, chomh maith le heagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachais tionscail.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|