+Airteagal 43 Údaráis faireachais margaidh
---+Airteagal 43 1
---+Airteagal 43 2
---+Airteagal 43 3
---+Airteagal 43 4
---+Airteagal 43 5
---+Airteagal 43 6
---+Airteagal 43 7

Airteagal 43 Údaráis faireachais margaidh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais RTS i ndáil leis na ceanglais is infheidhme maidir le córais RTS agus na rioscaí a bhaineann leo a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

Airteagal 43 2

2.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh a bheidh freagrach as an gCaibidil seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí is gá agus soláthróidh siad dóibh na hacmhainní daonna, airgeadais agus teicniúla, an trealamh agus an t-eolas atá riachtanach chun feidhmíocht a gcúraimí a dhéanamh i gceart de bhun an Rialacháin seo. Tabharfar de chumhacht d’údaráis faireachais margaidh na bearta faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020 a dhéanamh chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo a fhorfheidhmiú. Cuirfidh na Ballstáit céannacht na n-údarás faireachais margaidh in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 43 3

3.   D’fhéadfadh sé gurb iad na húdaráis sláinte digití arna n-ainmniú de bhun Airteagal 19 na húdaráis faireachais margaidh céanna arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo. I gcás ina ndéanann údarás sláinte digití cúraimí údaráis faireachais margaidh, áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa.

Airteagal 43 4

4.   Tuairisceoidh na húdaráis faireachais margaidh don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha i ndáil le faireachas margaidh.

Airteagal 43 5

5.   I gcás ina mainníonn monaróir nó oibreoir eacnamaíoch eile comhoibriú le húdarás faireachais margaidh nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht atá soláthartha acu neamhiomlán nó mícheart, féadfaidh an t-údarás faireachais margaidh gach beart iomchuí a dhéanamh chun an córas RTS ábhartha a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh go dtí go gcomhoibreoidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann nó go dtí go soláthróidh an monaróir an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann faisnéis iomlán agus cheart, nó chun córas RTS den sórt sin a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm.

Airteagal 43 6

6.   Oibreoidh údaráis faireachais margaidh na mBallstát i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún na malartuithe faisnéise is gá a chumasú le haghaidh comhar den sórt sin.

Airteagal 43 7

7.   Maidir le feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro nó córais ardriosca intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (2), is iad na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/745, Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2017/746 nó in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2024/1689, de réir mar is infheidhme, a bheidh freagrach as an bhfaireachas margaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.