+Airteagal 47 Lipéadú ar fheidhmchláir folláine
---+Airteagal 47 1
---+Airteagal 47 2
---+Airteagal 47 3
---+Airteagal 47 4
---+Airteagal 47 5
---+Airteagal 47 6
---+Airteagal 47 7
---+Airteagal 47 8
---+Airteagal 47 9

Airteagal 47 Lipéadú ar fheidhmchláir folláine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1

1.   I gcás ina maíonn monaróir feidhmchlár folláine idir-inoibritheacht le córas RTS maidir le comhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí de chórais RTS agus, dá bhrí sin, comhlíonadh leis na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36 agus leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, gabhfaidh lipéad leis an bhfeidhmchlár folláine sin, ina léireofar go soiléir go gcomhlíonann sé na sonraíochtaí agus na ceanglais sin. Is é monaróir an fheidhmchláir folláine a eiseoidh an lipéad sin.

Airteagal 47 2

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh ar an lipéad dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na catagóirí de shonraí leictreonacha sláinte ar deimhníodh ina leith go gcomhlíontar ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(b)

tagairt do shonraíochtaí comhchoiteanna chun comhlíonadh a léiriú;

(c)

tréimhse bhailíochta an lipéid.

Airteagal 47 3

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus inneachar an lipéid dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Airteagal 47 4

4.   Déanfar an lipéad a tharraingt suas i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais nó i dteanga sothuigthe arna gcinneadh ag an mBallstát ina gcuirtear an feidhmchlár folláine ar an margadh nó i mbun seirbhíse.

Airteagal 47 5

5.   Ní rachaidh tréimhse bhailíochta an lipéid thar thrí bliana.

Airteagal 47 6

6.   Más cuid dhílis d’fheiste é an feidhmchlár folláine nó má tá sé leabaithe i bhfeiste tar éis í a bheith curtha i mbun seirbhíse, taispeánfar an lipéad a ghabhann leis san fheidhmchlár féin nó cuirfear ar an bhfeiste sin é. I gcás ina bhfuil bogearraí amháin mar chuid den fheidhmchlár folláine, beidh formáid dhigiteach ag an lipéad agus taispeánfar é san fheidhmchlár féin. Féadfar barrachód déthoiseach (2T) a úsáid freisin chun an lipéad a thaispeáint.

Airteagal 47 7

7.   Seiceálfaidh na húdaráis faireachais margaidh comhlíonadh na bhfeidhmchlár folláine leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 47 8

8.   Áiritheoidh gach soláthróir feidhmchlár folláine, ar eisíodh lipéad ina leith, go mbeidh lipéad do gach aonad aonair ag gabháil saor in aisce leis an bhfeidhmchlár folláine a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse.

Airteagal 47 9

9.   Gach dáileoir feidhmchlár folláine ar eisíodh lipéad ina leith, déanfaidh sé an lipéad a chur ar fáil do chustaiméirí ag an díolphointe i bhfoirm leictreonach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.