+Airteagal 52 Cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
---+Airteagal 52 5

Airteagal 52 Cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1

1.   Déanfar sonraí leictreonacha sláinte atá cosanta ag cearta maoine intleachtúla, rúin trádála nó a chumhdaítear leis an gceart rialála cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint a hEorpa agus ón gComhairle (36) nó le hAirteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) a chur ar fáil le haghaidh úsáid thánaisteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 52 2

2.   Cuirfidh sealbhóirí sonraí sláinte an comhlacht rochtana sonraí sláinte ar an eolas faoi aon sonraí leictreonacha sláinte ina bhfuil ábhar nó faisnéis atá cosanta ag cearta maoine intleachtúla, nó rúin trádála agus/nó a chumhdaítear leis an gceart rialála cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Threoir 2001/83/CE nó Airteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Sainaithneoidh sealbhóirí sonraí sláinte cé na codanna de na tacair sonraí lena mbaineann agus tabharfaidh siad údar leis an ngá atá le cosaint shonrach na sonraí. Soláthróidh sealbhóirí sonraí sláinte an fhaisnéis sin nuair a bheidh tuairisc ar an tacar sonraí atá ina seilbh acu de bhun Airteagal 60(3) den Rialachán seo á gcur in iúl acu don chomhlacht rochtana sonraí sláinte, nó ar a dhéanaí, tar éis iarraidh a fháil ón gcomhlacht rochtana sonraí sláinte.

Airteagal 52 3

3.   Déanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte gach beart sonrach iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear bearta de chineál dlíthiúil, eagraíochtúil agus teicniúil, a mheasann siad a bheith riachtanach chun na cearta maoine intleachtúla, na rúin trádála nó na cearta rialála cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Threoir 2001/83/CE nó in Airteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a chosaint. freagrach as a chinneadh an bhfuil bearta den sórt sin riachtanach agus iomchuí. Beidh na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte freagrach fós as a chinneadh an bhfuil bearta den sórt sin riachtanach agus iomchuí.

Airteagal 52 4

4.   Agus ceadanna sonraí á n-eisiúint acu i gcomhréir le hAirteagal 68, féadfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte an rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte áirithe a chur faoi réir bearta dlíthiúla, eagraíochtúla agus teicniúla, a bhféadfar a áireamh orthu socruithe conarthacha idir sealbhóirí sonraí sláinte agus úsáideoirí sonraí sláinte chun sonraí ina bhfuil faisnéis nó inneachar atá cosanta ag cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a chomhroinnt. Déanfaidh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha a fhorbairt agus a mholadh le haghaidh socruithe den sórt sin.

Airteagal 52 5

5.   I gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach i gceist le deonú rochtana ar shonraí leictreonacha sláinte le haghaidh úsáid thánaisteach maidir le sárú a dhéanamh ar na cearta maoine intleachtúla, ar rúin trádála nó ar an gceart rialála cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Threoir 2001/83/CE nó le hAirteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nach féidir aghaidh a thabhairt air ar bhealach sásúil, diúltóidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte rochtain a thabhairt don iarratasóir ar shonraí sláinte ar shonraí den sórt sin. Cuirfidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte an t-iarratasóir ar shonraí sláinte ar an eolas faoin diúltú sin agus soláthróidh sé údar don diúltú sin don iarratasóir ar shonraí sláinte. Beidh sé de cheart ag sealbhóirí sonraí sláinte agus ag iarratasóirí sonraí sláinte gearán a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 81 den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.