+Airteagal 64 Coinníollacha ginearálta le haghaidh fíneálacha riaracháin arna gcur i bhfeidhm ag comhlachtaí rochtana sonraí sláinte a fhorchur
---+Airteagal 64 1
---+Airteagal 64 2
---+Airteagal 64 3
---+Airteagal 64 4
---+Airteagal 64 5
---+Airteagal 64 6
---+Airteagal 64 7
---+Airteagal 64 8
|
Airteagal 64 Coinníollacha ginearálta le haghaidh fíneálacha riaracháin arna gcur i bhfeidhm ag comhlachtaí rochtana sonraí sláinte a fhorchur
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 64 1
|
1. Áiritheoidh gach comhlacht rochtana sonraí sláinte go mbeidh forchur fíneálacha riaracháin de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.
|
|
Airteagal 64 2
|
2. Déanfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar imthosca gach cáis faoi leith, a fhorchur de bhreis ar na bearta forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagail 63(3) agus (4), nó ina n-ionad. Déanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte cinneadh i dtaobh cibé acu a dhéanfar fíneáil riaracháin a fhorchur nó nach ndéanfar agus faoi mhéid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair trí aird chuí a thabhairt ar na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;
|
|
(b)
|
cibé acu a rinne údaráis inniúla eile aon phionós nó fíneáil riaracháin a fhorchur cheana i leith an tsáraithe chéanna nó nach ndearna;
|
|
(c)
|
an sárú a bheith d’aon ghnó nó faillíoch;
|
|
(d)
|
aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an sealbhóir sonraí sláinte nó ag an úsáideoir sonraí sláinte chun an damáiste a rinneadh a mhaolú;
|
|
(e)
|
leibhéal freagrachta an úsáideora sonraí sláinte, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme ag an úsáideoir sonraí sláinte sin de bhun Airteagal 67(2), pointe (g), agus Airteagal 67(4) á gcur san áireamh;
|
|
(f)
|
aon sáruithe ábhartha arna ndéanamh ag an sealbhóir sonraí sláinte nó ag an úsáideoir sonraí sláinte roimhe sin;
|
|
(g)
|
leibhéal an chomhoibrithe idir an sealbhóir sonraí sláinte nó an t-úsáideoir sonraí sláinte agus an comhlacht rochtana sonraí sláinte maidir leis an sárú a leigheas agus a éifeachtaí díobhálacha féideartha a mhaolú;
|
|
(h)
|
an bealach ina bhfuair an comhlacht rochtana sonraí sláinte eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-úsáideoir sonraí sláinte an sárú in iúl, agus a mhéid a chuir sé in iúl é;
|
|
(i)
|
comhlíonadh aon bheart forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3) agus (4) a ordaíodh roimhe sin i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna;
|
|
(j)
|
aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis, amhail sochair airgeadais arna ngnóthú, nó caillteanais arna seachaint, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.
|
|
|
Airteagal 64 3
|
3. Má sháraíonn sealbhóir sonraí sláinte nó úsáideoir sonraí sláinte, d’aon ghnó nó le faillí roinnt forálacha den Rialachán seo i gcás an cheada sonraí sláinte chéanna nó nasctha nó i gcás na n-iarrataí ar shonraí sláinte céanna nó nasctha, ní bheidh méid iomlán na fíneála riaracháin níos mó ná an méid a shonraítear don sárú is tromchúisí.
|
|
Airteagal 64 4
|
4. I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh sáruithe ar dhualgais an tsealbhóra sonraí sláinte nó ar oibleagáidí an úsáideora sonraí sláinte de bhun Airteagal 60 agus Airteagal 61(1), (5) agus (6) faoi réir fíneálacha riaracháin nach mó ná EUR 10 000 000 ar a mhéad nó, i gcás gnóthais, nach mó ná 2 % ar a mhéad dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
|
|
Airteagal 64 5
|
5. I gcomhréir le mír 2, beidh na sáruithe seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin nach mó ná EUR 20 000 000 ar a mhéad, nó i gcás gnóthais, nach mó ná 4 % ar a mhéad dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
|
(a)
|
úsáideoirí sonraí sláinte a bheith ag próiseáil sonraí leictreonacha sláinte arna bhfáil trí chead sonraí arna eisiúint de bhun Airteagal 68 le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 54;
|
|
(b)
|
úsáideoirí sonraí sláinte a asbhaineann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte as timpeallachtaí slána próiseála;
|
|
(c)
|
na daoine nádúrtha lena mbaineann na sonraí leictreonacha sláinte arna bhfáil ag na húsáideoirí sonraí sláinte ar bhonn cead sonraí nó iarraidh ar shonraí sláinte de bhun Airteagal 61(3) a ath-shainaithint nó iarracht a dhéanamh iad a ath-shainaithint;
|
|
(d)
|
neamhchomhlíonadh na mbeart forfheidhmiúcháin a rinne an comhlacht rochtana sonraí sláinte de bhun Airteagal 63(3) agus (4).
|
|
|
Airteagal 64 6
|
6. Gan dochar do chumhachtaí na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte de bhun Airteagal 63, féadfaidh gach Ballstát rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a fhorchur ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí earnála poiblí atá bunaithe sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 64 7
|
7. Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag comhlacht rochtana sonraí sláinte faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha agus próis chuí.
|
|
Airteagal 64 8
|
8. I gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit d’fhíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach, i gcomhréir lena chreat dlíthiúil náisiúnta, lena n-áirithítear go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht acu a bheidh coibhéiseach le héifeacht sin na bhfíneálacha riaracháin arna bhforchur ag comhlachtaí rochtana sonraí sláinte. In aon chás, beidh na fíneálacha a fhorchuirtear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi fhorálacha na ndlíthe arna nglacadh aige de bhun na míre seo faoin 26 Márta 2029 agus, gan mhoill, faoi aon dlí ina dhiaidh sin lena ndéanfar leasú ar na forálacha sin nó leasuithe a dhéanfaidh difear d’fhorálacha den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|