+Airteagal 104 Leasú ar Rialachán (AE) 2024/2847
---+Airteagal 104 (1)
---+Airteagal 104 (2)
---+Airteagal 104 (3)

Airteagal 104 Leasú ar Rialachán (AE) 2024/2847

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/2847 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 104 (1)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag an monaróir, cuirfidh sé an measúnú riosca cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh sa doiciméadacht theicniúil a cheanglaítear de bhun Airteagal 31 agus Iarscríbhinn VII. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 32(5a), atá faoi réir gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais freisin, féadfaidh an measúnú riosca cibearshlándála a bheith mar chuid den mheasúnú riosca a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais. I gcás nach bhfuil ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha áirithe infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh an monaróir údar soiléir chuige sin san áireamh sa doiciméadacht theicniúil sin.’

Airteagal 104 (2)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 32(5a), atá faoi réir ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais freisin lena bhforáiltear do dhoiciméadacht theicniúil, déanfar tacar aonair de dhoiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.’

Airteagal 104 (3)

in Airteagal 32, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   Léireoidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá aicmithe mar chórais RTS faoi Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2025/327.

(*1)  Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847 (OJ L, 2025/327, 5.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/327/oj).’."

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.