+IARSCRÍBHINN III Doiciméadacht theicniúil
---+1. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras RTS, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a) an cuspóir …
---+2. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar …
---+3. Na tagairtí d’aon sonraíocht chomhchoiteann a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 36 agus ar ina …
---+4. Torthaí agus anailísí criticiúla na bhfíoruithe agus na dtastálacha bailíochtaithe go léir a …
---+5. Cóip den bhileog faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 38.
---+6. Cóip de dhearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh.

IARSCRÍBHINN III Doiciméadacht theicniúil

IARSCRÍBHINN III

Doiciméadacht theicniúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras RTS, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a) an cuspóir …

1.

Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras RTS, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an cuspóir atá beartaithe dó, agus dáta agus leagan an chórais RTS;

(b)

catagóirí na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a bhfuil an córas RTS deartha lena bpróiseáil;

(c)

an chaoi a n-idirghníomhaíonn an córas RTS nó an chaoi ar féidir é a úsáid chun idirghníomhú le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den chóras RTS é féin;

(d)

na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglas a bhaineann le leagan nuashonraithe;

(e)

an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas RTS ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é;

(f)

an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas RTS a rith;

(g)

tuairisc ar ollstruchtúr an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, léirithe pictiúrtha lipéadaithe (e.g. léaráidí agus líníochtaí), lena léirítear go soiléir na príomhpháirteanna nó na príomh-chomhpháirteanna bogearraí agus lena n-áirítear míniú leordhóthanach chun na líníochtaí agus na léaráidí a thuiscint;

(h)

na sonraíochtaí teicniúla, amhail gnéithe, toisí agus saintréithe feidhmíochta, de chuid an chórais RTS agus aon mhalairtí nó aon chumraíochtaí agus aon ghabhálais a bheadh le fáil de ghnáth sa tsonraíocht táirge a chuirtear ar fáil don úsáideoir, mar shampla i mbróisiúir, i gcatalóga agus i bhfoilseacháin chomhchosúla, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar struchtúir na sonraí, stóráil agus ionchur/aschur sonraí;

(i)

tuairisc ar aon athrú a dhéantar ar an gcóras le linn a shaolré;

(j)

na treoracha úsáide don úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, treoracha suiteála.

2. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar …

2.

Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais RTS, i gcás inarb infheidhme.

3. Na tagairtí d’aon sonraíocht chomhchoiteann a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 36 agus ar ina …

3.

Na tagairtí d’aon sonraíocht chomhchoiteann a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 36 agus ar ina leith a dhearbhaítear comhréireacht.

4. Torthaí agus anailísí criticiúla na bhfíoruithe agus na dtastálacha bailíochtaithe go léir a …

4.

Torthaí agus anailísí criticiúla na bhfíoruithe agus na dtastálacha bailíochtaithe go léir a rinneadh chun comhréireacht an chórais RTS leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil III a léiriú, go háirithe na ceanglais bhunriachtanacha is infheidhme.

5. Cóip den bhileog faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 38.

5.

Cóip den bhileog faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 38.

6. Cóip de dhearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh.

6.

Cóip de dhearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.