+Airteagal 92 Ceanglais cistí dílse
---+Airteagal 92 1.
---+Airteagal 92 1a.
---+Airteagal 92 2.
---+Airteagal 92 3.
---+Airteagal 92 4.
---+Airteagal 92 5.
---+Airteagal 92 6.
|
Airteagal 92 Ceanglais cistí dílse
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 92 1.
|
Faoi réir Airteagal 93 agus Airteagal 94, comhlíonfaidh institiúidí tráth ar bith na ceanglais cistí dílse seo a leanas:
(a)
cóimheas caipitil 4.5 % de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b)
cóimheas caipitil Leibhéal 1 6 %;
(c)
cóimheas caipitil iomlán 8 %;
▼M8
(d)
cóimheas luamhánaithe 3 %.
|
|
Airteagal 92 1a.
|
Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, coinneoidh G-SII maolán cóimheasa luamhánaithe cothrom le tomhas iomlán risíochta de chuid G-SII dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo arna iolrú faoi 50 % de mhaolán G-SII is infheidhme maidir le G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE. Ní dhéanfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh ach amháin le caipiteal Leibhéal 1. Caipiteal Leibhéal 1 a úsáidfear chun an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh, ní úsáidfear é chun aon cheanglas luamhánú-bhunaithe a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dó ar shlí eile sa Rialachán nó sa Treoir. I gcas nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 141b de Threoir 2013/36/AE. I gcás nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE é ag an am céanna, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil atá níos airde i gcomhréir le hAirteagal 141 agus 141b den Treoir sin.
|
|
Airteagal 92 2.
|
Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:
(a)
is ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na
►C9
neamhchosanta ◄ ar
►C9
riosca ◄ ;
(b)
is ionann cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na
►C9
neamhchosanta ◄ ar
►C9
riosca ◄ ;
(c)
is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na
►C9
neamhchosanta ◄ ar
►C9
riosca ◄ .
|
|
Airteagal 92 3.
|
Ríomhfaidh institiúidí méid iomlán na neamhchosanta ar riosca mar leanas:
TREA = max {U-TREA; x·S-TREA}
i gcás inarb amhlaidh:
|
TREA
|
= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca;
|
|
U-TREA
|
= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta arna ríomh i gcomhréir le mír 4;
|
|
S-TREA
|
= méid iomlán caighdeánaithe neamhchosaint an eintitis ar riosca arna ríomh i gcomhréir le mír 5;
|
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh gurb éard a bheidh i méid iomlán na neamhchosanta ar riosca méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta, arna ríomh i gcomhréir le mír 4, maidir le hinstitiúidí atá mar chuid de ghrúpa le máthairinstitiúid sa Bhallstát céanna, ar choinníoll go ndéanfaidh an mháthairinstitiúid sin nó, i gcás grúpaí atá comhdhéanta de chomhlacht lárnach agus d’institiúidí buanchleamhnaithe, an t-iomlán mar atá comhdhéanta den chomhlacht lárnach agus a institiúidí cleamhnaithe, méid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo ar bhonn comhdhlúite.
|
|
Airteagal 92 4.
|
Ríomhfar méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta mar shuim phointí (a) go (g) den mhír seo tar éis mír 6 den Airteagal seo a chur san áireamh:
(a)
na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo agus le hAirteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca ó ghnó leabhair trádála na hinstitiúide;
(b)
ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:
(i)
riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo;
(ii)
neamhchosaintí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;
(c)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí;
(d)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca socraíochta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 378 agus 380;
(e)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh an riosca coigeartaithe luachála creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI den Chuid seo;
(f)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh le riosca oibriúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal III den Chuid seo;
(g)
na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhar trádála na hinstitiúide i gcás na gcineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo:
(i)
conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
(ii)
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
(iii)
idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
(iv)
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
|
|
Airteagal 92 5.
|
Ríomhfar méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca mar shuim mhír 4, pointí (a) go (g), tar éis na forálacha a leagtar amach i mír 6 agus na ceanglais seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), agus le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhair trádála na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír sin, déanfar iad a ríomh gan aon cheann de na cineálacha cur chuige seo a leanas a úsáid:
(i)
cur chuige na samhla inmheánaí le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála a leagtar amach in Airteagal 221;
(ii)
an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3;
(iii)
Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha i leith an Urrúsaithe a leagtar amach in Airteagail 258, 259 agus 260 agus Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a leagtar amach in Airteagal 265;
(iv)
Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6;
(b)
déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh do ghnó an leabhair trádála dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(i), a ríomh gan úsáid a bhaint astu seo a leanas:
(i)
an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b; nó
(ii)
aon chur chuige a liostaítear faoi phointe (a) den mhír seo, i gcás inarb infheidhme;
(c)
déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála de chuid institiúide atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo a ríomh gan an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, a úsáid.
|
|
Airteagal 92 6.
|
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta dá dtagraítear i mír 4 agus méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca dá dtagraítear i mír 5 á ríomh:
(a)
áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i mír 4, pointí (d), (e) agus (f), na ceanglais sin a eascraíonn as gníomhaíochtaí gnó uile institiúide;
(b)
déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i mír 4, pointí (b) go (f), a iolrú faoi 12,5 .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|