+Airteagal 181 Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna
---+Airteagal 181 1.
---+Airteagal 181 2.
---+Airteagal 181 3.
---+Airteagal 181 4.
---+Airteagal 181 5.
|
Airteagal 181 Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 181 1.
|
Agus na paraiméadair
►C9
riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.
(a)
déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);
(b)
úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair
►C9
riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;
▼M17
(c)
breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann riosca an oibleagáideora, ar thaobh amháin, agus riosca na cosanta creidmheasa cistithe nó riosca an tsoláthraí cosanta sin, ar an taobh eile, ar a chéile, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe;
(d)
déanfar neamhréireanna airgeadra idir an oibleagáid fholuiteach agus an chosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe a láimhseáil go coimeádach maidir le measúnú na hinstitiúide ar LGD;
(e)
a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe a bheith ann seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na cosanta creidmheasa cistithe sin amháin;
(f)
a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, bunóidh institiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistíocht, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht riosca na cosanta creidmheasa cistithe sin, agus beidh na ceanglais sin comhsheasmhach i gcoitinne leis na cinn a leagtar amach i gCaibidil 4, Roinn 3, Foroinn 1;
(g)
a mhéid a aithneoidh institiúid cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe chun luach na neamhchosanta ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin LGD aon suim a bhfuiltear ag súil lena gnóthú ón gcosaint creidmheasa chistithe sin;
▼B
(h)
maidir le sainchás na
►C9
neamhchosaintí ◄ atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach
►C9
neamhchosaint ◄ díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na
►C9
neamhchosanta ◄ agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na
►C9
neamhchosanta ◄ ;
▼M17
(i)
a mhéid a chaipitlítear ar tháillí ar íocaíochtaí déanacha, arna ngearradh ar an oibleagáideoir roimh thráth na mainneachtana, i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar neamhchosaint agus ar chaillteanas;
(j)
i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, bunófar na meastacháin LGD ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a gcur chun feidhme go dtí go sroichfear 7 mbliana ar a laghad, i gcás foinse sonraí amháin ar a laghad, más faide an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh ar fáil d’aon fhoinse ar bith, agus má tá na sonraí ábhartha, úsáidfear an tréimhse is faide sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, cuirfidh institiúid gnóthuithe arna réadú le linn na bpróiseas ábhartha gnóthaithe ó aon chineál de chosaint creidmheasa chistithe agus ó chosaint creidmheasa neamhchistithe nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (10), san áireamh mar is iomchuí. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), is go coimeádach a láimhseálfar cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), cuirfear san áireamh sna meastacháin LGD cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú.
|
|
Airteagal 181 2.
|
I gcás
►C9
neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
na meastacháin ar LGDanna a dhíorthú ó na caillteanais réadaithe agus ar mheastacháin ábhartha ar PDanna;
▼M17
(b)
tarraingtí todhchaí a chur san áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna;
▼B
(c)
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid chun LGDanna a mheas.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), i gcás ina n-áiríonn institiúidí tarraingtí breise amach anseo ina bhfachtóirí coinbhéartachta, ba cheart iad sin a chur san áireamh in LGD san uimhreoir agus san ainmneoir araon. I gcás nach n-áiríonn institiúidí tarraingtí breise amach anseo ina bhfachtóirí coinbhéartachta, ba cheart iad sin a chur san áireamh in uimhreoir LGD amháin. I gcás neamhchosaintí miondíola, bunófar meastacháin LGD ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear bliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 181 3.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
▼C2
(b)
na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid de bhun mhír 2 sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.
▼B
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 181 4.
|
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena soiléireofar an bealach a ndéanfar aon chineál cosanta creidmheasa cistithe agus cosanta creidmheasa neamhchistithe a láimhseáil chun críocha mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus chun na paraiméadair LGD a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 181 5.
|
Chun críche caillteanas a ríomh, eiseoidh ÚBE, faoin 31 Nollaig 2025, treoirlínte nuashonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
maidir le cásanna a fhilleann ar stádas neamh-mhainnithe, lena sonrófar an chaoi a ndéanfar sreabhadh airgid saorga a láimhseáil agus cé acu atá nó nach bhfuil sé níos iomchuí d’institiúidí an sreabhadh airgid saorga a lascainiú le linn na tréimhse mainneachtana iarbhír;
(b)
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil calabrú agus cur i bhfeidhm an ráta lascaine iomchuí chun caillteanas eacnamaíoch a ríomh ar fud na neamhchosaintí uile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|