+IARSCRÍBHINN I Aicmiú ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe

IARSCRÍBHINN I Aicmiú ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe




IARSCRÍBHINN I

Aicmiú ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe



Buicéad

Ítimí

1

(a)  Díorthaigh chreidmheasa agus ráthaíochtaí ginearálta féichiúnais, lena n-áirítear litreacha creidmheasa teannta a fhónann mar ráthaíochtaí airgeadais le haghaidh iasachtaí agus urrús, agus glacachtaí, lena n-áirítear formhuinithe de chineál glacachtaí, chomh maith le haon ionadaithe creidmheasa díreacha eile;

(b)  Comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh agus díolachán sócmhainní agus iontaoibh i gcás ina bhfanann an riosca creidmheasa leis an institiúid;

(c)  Urrúis arna dtabhairt ar iasacht ag an institiúid nó urrúis arna bpostáil ag an institiúid mar chomhthaobhacht, lena n-áirítear cásanna ina n-eascraíonn siad sin as idirbhearta bunaithe ar chomhaontú athcheannaigh;

(d)  Réamhcheannacháin sócmhainní, réamhthaiscí agus scaireanna agus urrúis pháirtíoctha, a léiríonn gealltanais le híostarraingt áirithe;

(e)  Ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ina gcuimsítear ionadaí creidmheasa i gcás nach n-áirítear é go sainráite in aon chatagóir eile;

(f)  Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna agus mar a chuirtear in iúl do ÚBE iad.

2

(a)  Saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna) gan beann ar aibíocht na saoráide foluití;

(b)  Bannaí feidhmíochta, bannaí tairisceana, barántais agus litreacha creidmheasa teannta a bhaineann le hidirbhearta áirithe agus míreanna teagmhasacha den chineál céanna a bhaineann le hidirbhearta, cé is moite de ítimí maoinithe trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i mbuicéad 4;

(c)  Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad.

3

(a)  Méid neamhtharraingthe na ngealltanas, gan beann ar aibíocht na saoráide forluití, mura dtagann siad faoi chatagóir eile;

(b)  Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad.

4

(a)  Ítimí maoinithe trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe:

(i)  barántais, lena n-áirítear bannaí tairisceana agus feidhmíochta agus ráthaíochtaí gaolmhara maidir le réamh-mhaoiniú agus coinneáil, agus ráthaíochtaí nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad;

(ii)  litreacha creidmheasa teannta neamh-inchúlghairthe nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad;

(iii)  litreacha creidmheasa trádála gearrthéarmacha, féinleachtaitheacha a eascraíonn as gluaiseacht earraí, go háirithe creidmheasanna doiciméadacha arna gcomhthaobhú leis an loingsiú bunúsach, i gcás institiúid eisiúna nó institiúid daingniúcháin;

(b)  Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad.

5

(a)  Méid neamhtharraingthe na ngealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach;

(b)  Méid neamhtharraingthe na línte creidmheasa miondíola dá gceadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara;

(c)  Saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe le haghaidh ráthaíochtaí tairisceana agus feidhmíochta is féidir a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra roimh ré, nó nach bhforáiltear go héifeachtach iontu maidir le d’uathchealú de bharr meathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí;

(d)  Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear iad do ÚBE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas