+68. De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú , de réir mar is infheidhme, agus i gcás …
|
68. De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú , de réir mar is infheidhme, agus i gcás …
De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú12 , de réir mar is infheidhme, agus i gcás ina gceadaítear seachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoin dlí náisiúnta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais féachaint do na príomhphrionsabail seo a leanas: - a. Is ar an institiúid creidmheasa nó airgeadais atá an fhreagracht deiridh as comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála, cibé acu a dhéantar feidhmeanna sonracha a sheachfhoinsiú nó nach ndéantar.
- b. Ba cheart cearta agus oibleagáidí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais agus an tsoláthraí seirbhíse a leithdháileadh go soiléir agus a leagan amach i gcomhaontú i scríbhinn.
- c. Ba cheart don institiúid chreidmheasa nó airgeadais atá ag brath ar shocrú seachfhoinsithe leanúint de bheith freagrach as faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil.
- d. Ba cheart go mbeadh seachfhoinsiú ionghrúpa faoi réir an chreata rialúcháin céanna agus seachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí lasmuigh den ghrúpa.13
- e. Ní féidir le tarmligean freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta a bheith mar thoradh ar sheachfhoinsiú feidhmeanna. Níor cheart cinntí straitéiseacha maidir le AML/CFT a sheachfhoinsiú. Áirítear ar na cinntí sin, go háirithe:
- i. formheas an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an ghnó;
- ii. an cinneadh maidir le heagrú inmheánach chreat AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa agus airgeadais;
- iii. beartais agus nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT a ghlacadh;
- iv. formheas na modheolaíochta a úsáidtear chun an riosca ML/TF a chinneadh a bhaineann le caidreamh gnó ar leith agus sannadh na próifíle riosca;
- v. formheas na gcritéar atá le húsáid ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun idirbhearta amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath chun críocha faireacháin agus/nó tuairiscithe leanúnaigh.
Tá institiúidí creidmheasa agus airgeadais fós freagrach ar deireadh thiar as an gcinneadh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú don FIU, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar sainaithint agus tuairisciú idirbheart amhrasach a sheachfhoinsiú.
12 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe: EBA/GL/2019/02; Treoirlínte ÚEÁPC maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: EIOPA-BoS-20-002; Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: ESMA50-157-2403 13 Pointe 27 de na codanna Cúlra de threoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe an 25 Feabhra 2019: EBA/GL/2019/02
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|