+4.2 Ról agus freagrachtaí an oifigigh chomhlíonta AML/CFT
---+24. Agus cinneadh á dhéanamh cibé an gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le …
---+25. Ba cheart an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a cheapadh ar leibhéal na bainistíochta. Ba …
---+26. I gcás ina gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir …
---+27. I gcás ina bhfuil feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT le cur ar iontaoibh oifigigh …
---+28. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT é féin a chur ar fáil don údarás inniúil agus …
---+29. I gcás ina bhfuil sé ar cóimhéid leis an riosca ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó …
---+30. Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT in ann a chuid cúraimí/a cuid …
---+31. Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ina chuid den dara líne cosanta …
---+32. Ba cheart d’institiúid creidmheasa nó airgeadais oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a …
---+33. Nuair a chinneann an comhlacht bainistíochta gan oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a …
---+34. I gcás nach gceaptar oifigeach comhlíonta AML/CFT ar leith, ba cheart don institiúid …
---+35. Nuair a ghníomhaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT thar ceann dhá eintiteas nó níos mó …
---+36. Maidir le scagadh fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(a) de Threoir (AE) 2015/849, ba …
---+37. Ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfeidhmíonn an fheidhm …
---+38. Ba cheart ról agus freagrachtaí an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a shainiú agus a …
---+39. Maidir le riosca dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/849 a shainaithint agus …
---+40. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT torthaí an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an …
---+41. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirtear beartais agus nósanna …
---+42. Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a áireamh sna beartais, sna rialuithe agus sna …
---+43. Ba cheart dul i gcomhairle leis an oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT sula ndéanfaidh an …
---+44. Mar dhara líne cosanta, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT freagrach as …
---+45. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go ndéantar an creat AML/CFT a …
---+46. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT bearta ceartaitheacha a mholadh don chomhlacht …
---+47. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta …
---+48. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT aird chomhalta an chomhlachta bainistíochta nó …
---+49. Ní mór don institiúid creidmheasa nó airgeadais a bheith réidh chun cóip den tuarascáil …
---+50. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT tuarascáil gníomhaíochta a tháirgeadh ar bhonn …
---+51. Maidir le hoibleagáid an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoi Airteagal 33(2) de Threoir (AE) …
---+52. Nuair a tharchuireann an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT faisnéis chuig an FIU i gcomhréir …
---+53. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirfidh rialuithe inmheánacha …
---+54. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais aird a mbainisteoirí agus a bhfostaithe a …
---+55. I gcomhréir leis an oibleagáid faoi Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus mar atá …
---+56. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur …
---+57. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go dtabharfar aird na foirne ar fad …
---+58. I dteannta an oideachais ghinearálta, chun críocha Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849, ba …
---+59. Ba cheart inneachar na gclár oiliúna sonrach a sheachadtar do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla …
---+60. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT táscairí measúnaithe a chinneadh chun …
---+61. I gcás ina nglacann an institiúid creidmheasa nó airgeadais clár oiliúna agus múscailte …
---+62. I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí oiliúna áirithe a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse, ba …
---+63. Ba cheart an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm chomhlíonta neamhspleách AML/CFT araon a …
---+64. I gcás ina bhfuil difríocht idir an fheidhm chomhlíonta AML/CFT agus an fheidhm chomhlíonta …
---+65. Níor cheart an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(b) de …
---+66. Ba cheart go mbeadh rochtain ag an bhfeidhm bainistithe riosca, a mhéid atá feidhm bainistithe …
---+67. Ba cheart comhar maith a bheith ann idir an ceannaire bainistíochta riosca agus an t-oifigeach …
---+68. De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú , de réir mar is infheidhme, agus i gcás …
---+69. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an próiseas seachfhoinsithe a leanúint, mar …
---+70. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a dhéanann cúraimí na feidhme comhlíonta …
---+71. I gcás nach bhfuil aon oifigigh nó fostaithe dá cuid féin ag an institiúid creidmheasa nó …
---+72. I gcásanna ina bhfuil úsáid á baint ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais as seachfhoinsiú …
---+73. Ba cheart go mbeadh seachfhoinsiú cúraimí a bhaineann le AML/CFT chuig soláthraithe seirbhíse …

4.2 Ról agus freagrachtaí an oifigigh chomhlíonta AML/CFT

4.2.1 Oifigeach comhlíonta AML/CFT a cheapadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
24. Agus cinneadh á dhéanamh cibé an gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le …

Agus cinneadh á dhéanamh cibé an gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart don chomhlacht bainistíochta scála agus castacht oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais agus a neamhchosaint ar rioscaí ML/TF a chur san áireamh, de bhun na gcritéar atá leagtha amach i roinn 4.2.2.

25. Ba cheart an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a cheapadh ar leibhéal na bainistíochta. Ba …

Ba cheart an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a cheapadh ar leibhéal na bainistíochta. Ba cheart go mbeadh údarás leordhóthanach aige/aici chun na bearta uile is gá nó is iomchuí a mholadh, ar a thionscnamh féin, chun comhlíonadh agus éifeachtacht na mbeart inmheánach AML/CFT a áirithiú don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta agus bhainistíochta.

26. I gcás ina gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir …

I gcás ina gceapfar oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a chinneadh cibé an gcomhlíonfar an ról sin ar bhonn lánaimseartha nó an bhféadfadh fostaí nó ag oifigeach é a chur i gcrích de bhreis ar na feidhmeanna atá aige nó aici laistigh den institiúid creidmheasa nó airgeadais.

27. I gcás ina bhfuil feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT le cur ar iontaoibh oifigigh …

I gcás ina bhfuil feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT le cur ar iontaoibh oifigigh nó fostaí a bhfuil dualgais nó feidhmeanna eile aige/aici cheana féin laistigh den institiúid creidmheasa nó airgeadais, ba cheart don chomhlacht bainistíochta coinbhleachtaí leasa féideartha a shainaithint agus a bhreithniú agus na bearta is gá a dhéanamh chun iad seo a sheachaint, nó mura bhfuil sé sin indéanta, chun iad a bhainistiú. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú gur féidir leis an duine sin go leor ama a leithdháileadh ar fheidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT.

28. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT é féin a chur ar fáil don údarás inniúil agus …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT é féin a chur ar fáil don údarás inniúil agus don FIU arna iarraidh sin dó, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh sé ar conradh agus ag obair sa tír ina bhfuil an institiúid creidmheasa nó airgeadais bunaithe.

29. I gcás ina bhfuil sé ar cóimhéid leis an riosca ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó …

I gcás ina bhfuil sé ar cóimhéid leis an riosca ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó airgeadais neamhchosanta orthu agus a mhéid a cheadaítear é sin faoin dlí náisiúnta, féadfar an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a chur ar conradh chun dul i mbun oibre i ndlínse eile. Sna cásanna sin ba cheart go mbeadh na córais agus na rialuithe riachtanacha i bhfeidhm ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar an bhfaisnéis agus ar na córais ar fad is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus go mbíonn sé ar fáil chun labhairt leis an FIU áitiúil agus leis an údarás inniúil gan mhoill. Ba cheart go mbeadh an institiúid creidmheasa nó airgeadais in ann a léiriú dá údarás inniúil go bhfuil na bearta atá curtha i bhfeidhm aici maidir leis sin leordhóthanach agus éifeachtach.

30. Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT in ann a chuid cúraimí/a cuid …

Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT in ann a chuid cúraimí/a cuid cúraimí a shannadh agus a tharmligean mar atá leagtha amach i roinn 4.2.4. d’oifigigh agus d’fhostaithe eile a ghníomhaíonn faoina threoir agus faoina mhaoirsiú/faoina treoir agus faoina maoirsiú, ar choinníoll go bhfanann an fhreagracht deiridh as na cúraimí sin a chomhlíonadh go héifeachtach ar an oifigeach comhlíonta AML/CFT.

31. Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ina chuid den dara líne cosanta …

Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ina chuid den dara líne cosanta agus, mar sin, ina chuid d’fheidhm neamhspleách, agus ba cheart na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a) Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT neamhspleách ar na línte gnó nó na haonaid ghnó a rialaíonn sé/sí agus ní féidir leis/léi a bheith faoi cheannas duine atá freagrach as aon cheann de na línte nó na haonaid ghnó sin a bhainistiú.
  • b) Tá nósanna imeachta inmheánacha curtha i bhfeidhm ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais lena chinntiú go mbíonn rochtain dhíreach gan srian i gcónaí ag an oifigeach comhlíonta AML/CFT ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a fheidhm/a feidhm a chomhlíonadh. Ba cheart gur cinneadh don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT amháin é cén fhaisnéis a chaithfidh sé/sí a rochtain ina leith seo.
  • c) I gcás teagmhas suntasach, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT in ann tuairisc a thabhairt agus rochtain dhíreach a bheith aige ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta nó ar an ardbhainistíocht i gcás nach bhfuil aon chomhlacht bainistíochta i bhfeidhm.

4.2.2 Critéir chomhréireachta chun oifigeach comhlíonta AML/CFT ar leith a cheapadh

32. Ba cheart d’institiúid creidmheasa nó airgeadais oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a …

Ba cheart d’institiúid creidmheasa nó airgeadais oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a cheapadh mura trádálaí aonair í nó mura bhfuil ach líon an-teoranta fostaithe aige nó mura dtugann na cúiseanna atá leagtha amach i mír 33 údar maith leis an neamhcheapadh.

33. Nuair a chinneann an comhlacht bainistíochta gan oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a …

Nuair a chinneann an comhlacht bainistíochta gan oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ar leith a cheapadh, ba cheart go mbeadh údar maith leis na cúiseanna agus go ndéanfaí iad a dhoiciméadú, agus go ndéanfaí tagairt go sainráite do na critéir seo a leanas ar a laghad:

  • a) cineál gnó na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais agus na rioscaí ML/TF a bhaineann leis sin, ag cur san áireamh a neamhchosaint gheografach, a bonn custaiméirí, bealaí dáileacháin agus na táirgí agus na seirbhísí a thairgeann sí;
  • b) méid a oibríochtaí sa dlínse, líon a chustaiméirí, líon agus méid a idirbheart agus líon a fostaithe coibhéiseacha lánaimseartha;
  • c) foirm dhlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, lena n-áirítear cibé an bhfuil an institiúid creidmheasa mar chuid de ghrúpa.
34. I gcás nach gceaptar oifigeach comhlíonta AML/CFT ar leith, ba cheart don institiúid …

I gcás nach gceaptar oifigeach comhlíonta AML/CFT ar leith, ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais feidhmiú chúraimí an oifigigh chomhlíonta AML/CFT a eagrú (féach thíos alt 4.2.4 ar Thascanna agus ról an oifigigh chomhlíontachta AML/CFT ) ag an gcomhalta den chomhlacht bainistíochta dá dtagraítear i roinn 4.1.3 nó an ardbhainisteoir atá freagrach as AML/CFT dá dtagraítear i roinn 4.1.4, nó trí fheidhmeanna oibríochtúla a luaitear i roinn 4.2.6 a sheachfhoinsiú, nó trí mheascán de na roghanna roimhe seo.

35. Nuair a ghníomhaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT thar ceann dhá eintiteas nó níos mó …

Nuair a ghníomhaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT thar ceann dhá eintiteas nó níos mó laistigh den ghrúpa nó nuair a chuirtear cúraimí eile air, ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go gceadóidh na ceapacháin iolracha sin don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i gcónaí. Níor cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT oibriú d’eintitis éagsúla ach amháin má tá na heintitis ina gcuid den ghrúpa céanna. Mar gheall ar nádúr sonrach earnáil na ngnóthas comhinfheistíochta, áfach,5 d’fhéadfadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT roinnt cistí a sheirbhísiú. 4.2.3 Oiriúnacht, scileanna agus saineolas


5 Ciallaíonn gnóthas comhinfheistíochta nó GC GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) nó AIF mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE.

36. Maidir le scagadh fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(a) de Threoir (AE) 2015/849, ba …

Maidir le scagadh fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(a) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais, roimh an gceapachán, measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na cáilíochtaí seo a leanas ag an oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT:

  • a) an dea-cháil, an mhacántacht agus an t-ionracas atá riachtanach chun a fheidhm/a feidhm a chomhlíonadh;
  • b) na scileanna agus an saineolas AML/CFT iomchuí, lena n-áirítear eolas ar an gcreat AML/CFT dlíthiúil agus rialála is infheidhme, agus cur chun feidhme bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta AML/CFT;
  • c) eolas agus tuiscint leordhóthanach ar na rioscaí ML/TF a bhaineann le samhail ghnó na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais chun a fheidhm/a feidhm a chomhlíonadh go héifeachtach;
  • d) taithí ábhartha maidir le rioscaí ML/TF a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú; agus
  • e) dóthain ama agus sinsearachta chun a fheidhmeanna/a feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, go neamhspleách agus go huathrialach.
37. Ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfeidhmíonn an fheidhm …

Ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfeidhmíonn an fheidhm chomhlíonta AML/CFT ar bhonn leanúnach mar chuid dá bainistiú foriomlán ar leanúnachas gnó. Ba cheart go bhfreastalódh sé ar an bhféidearthacht go scoirfeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT dá fheidhmeanna agus go gcuirfí toscaire ar fáil a bhfuil na scileanna agus an saineolas cuí aige chun feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a ghlacadh i gcás ina bhfuil sé/sí as láthair ar feadh tréimhse ama nó ina gcuirtear ionracas an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoi amhras.

4.2.4 Tascanna agus ról an oifigigh chomhlíontachta AML/CFT

38. Ba cheart ról agus freagrachtaí an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a shainiú agus a …

Ba cheart ról agus freagrachtaí an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a shainiú agus a dhoiciméadú go soiléir.

  • a. Creat measúnaithe riosca a chur i dtoll a chéile
39. Maidir le riosca dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/849 a shainaithint agus …

Maidir le riosca dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/849 a shainaithint agus a mheasúnú, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT creat measúnaithe riosca ML/TF a chur i dtoll a chéile agus a chothabháil le haghaidh measúnachtaí riosca ML/TF ar fud an ghnó agus measúnachtaí aonair6 .


6 Treoirlínte athbhreithnithe ÚBE ar thosca riosca ML/TF: EBA/GL/2021/02

40. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT torthaí an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT torthaí an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an ghnó agus measúnaithe aonair a thuairisciú don chomhlacht bainistíochta, trí chomhalta den chomhlacht bainistíochta, nó don ardbhainisteoir atá freagrach as AML/CFT, nó go díreach, má mheasann sé/sí go bhfuil gá leis. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT na bearta atá le déanamh chun na rioscaí sin a mhaolú a mholadh don chomhlacht bainistíochta. Níor cheart seoladh táirge nó seirbhís nua nó athruithe suntasacha ar na cinn atá ann cheana, forbairt margaidh nua nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí nua a thionscnamh go dtí go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na rioscaí gaolmhara a thuiscint agus a bhainistiú agus go gcuirfear chun feidhme iad go héifeachtach.

  • b. Polasaithe agus nósanna imeachta a chur i dtoll a chéile
41. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirtear beartais agus nósanna …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirtear beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm, go gcoimeádtar iad cothrom le dáta agus go gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtach iad ar bhonn leanúnach. Ba cheart go mbeadh na beartais agus na nósanna imeachta ar comhréir leis na rioscaí ML/TF atá sainaitheanta ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais. Ba cheart don oifigeach comhlíonta AML/CFT na nithe seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

  • a) na beartais agus na nósanna imeachta AML/CFT atá le glacadh ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais, chomh maith leis na rialuithe agus na córais atá le cur chun feidhme faoi Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849, a leagan amach;
  • b) a áirithiú go bhfuil beartais agus nósanna imeachta AML/CFT á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais mar a mhínítear faoi roinn d ar Fhaireachán ar chomhlíonadh;
  • c) a áirithiú go ndéantar beartais agus nósanna imeachta AML/CFT a athbhreithniú go rialta agus a leasú nó a nuashonrú nuair is gá;
  • d) moltaí a dhéanamh faoi conas aghaidh a thabhairt ar aon athruithe ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála nó ar rioscaí ML/TF chomh maith leis an mbealach is fearr chun dul i ngleic le heasnaimh nó laigí arna sainaithint trí ghníomhaíochtaí faireacháin nó maoirseachta.
42. Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a áireamh sna beartais, sna rialuithe agus sna …

Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a áireamh sna beartais, sna rialuithe agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849:

  • a) an mhodheolaíocht measúnaithe riosca ML/TF ar fud an ghnó agus aonair;
  • b) dícheall cuí custaiméirí lena n-áirítear an ceann a sholáthraíonn treoirlínte athbhreithnithe an ÚBE ar thosca riosca ML/TF7 , agus próiseas glactha custaiméirí mar a mhínítear thíos i roinn c ar Chustaiméirí, go háirithe do chustaiméirí ardriosca;
  • c) tuairisciú inmheánach (anailís ar idirbhearta neamhghnácha) agus STRanna a chur faoi bhráid an FIU;
  • d) taifid a choinneáil; agus
  • e) forálacha chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh AML/CFT mar atá i gcuid D maidir le Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh.
  • c. Custaiméirí, lena n-áirítear custaiméirí ardriosca

7 Treoirlínte maidir le dícheall cuí custaiméirí agus na tosca ar cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a mheas agus an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí a bhaineann le caidrimh ghnó aonair agus idirbhearta ócáideacha (“Treoirlínte maidir le tosca riosca ML/TF”) faoi Airteagail 17 agus 18(4) de Threoir (AE) 2015/849 á measúnú. EBA/GL/2021/02

43. Ba cheart dul i gcomhairle leis an oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT sula ndéanfaidh an …

Ba cheart dul i gcomhairle leis an oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT sula ndéanfaidh an ardbhainistíocht cinneadh deiridh maidir le custaiméirí nua ardriosca a ghlacadh ar bord nó caidreamh gnó a chothabháil le custaiméirí ardriosca i gcomhréir le beartais inmheánacha AML/CFT riosca-bhunaithe na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, agus go háirithe i gcásanna ina bhfuil gá go sainráite le formheas na hardbhainistíochta faoi Threoir (AE) 2015/849. Má chinneann an t-ardbhainistíocht gan comhairle an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a leanúint, ba cheart di a cinneadh a thaifeadadh go cuí agus aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a mbeartaíonn sí na rioscaí a d’ardaigh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a mhaolú.

  • d. Faireachán ar chomhlíonadh
44. Mar dhara líne cosanta, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT freagrach as …

Mar dhara líne cosanta, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT freagrach as faireachán a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann na bearta, na beartais, na rialuithe agus na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais oibleagáidí AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT maoirseacht a dhéanamh freisin ar chur i bhfeidhm éifeachtach na rialuithe AML/CFT arna gcur i bhfeidhm ag línte gnó agus ag aonaid inmheánacha (an chéad líne chosanta).

45. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go ndéantar an creat AML/CFT a …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go ndéantar an creat AML/CFT a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, agus in aon chás ina mbraitear easnaimh, ina dtagann rioscaí nua chun cinn nó ina n-athraítear an creat dlíthiúil nó rialúcháin.

46. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT bearta ceartaitheacha a mholadh don chomhlacht …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT bearta ceartaitheacha a mholadh don chomhlacht bainistíochta atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar laigí sainaitheanta i gcreat AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, lena n-áirítear laigí arna sainaithint ag údaráis inniúla nó ag iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha.

  • e. Tuairisciú don chomhlacht bainistíochta
47. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta maidir le bearta atá le déanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe, na rialacha, na rialacháin agus na caighdeáin is infheidhme, agus ba cheart dó/di a mheasúnú/a measúnú a chur ar fáil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon athruithe sa timpeallacht dhlíthiúil nó rialála ar ghníomhaíochtaí agus ar chreat comhlíontachta na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais.

48. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT aird chomhalta an chomhlachta bainistíochta nó …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT aird chomhalta an chomhlachta bainistíochta nó an ardbhainisteora atá freagrach as AML/CFT a dhíriú ar:

  • a) na réimsí inar cheart feidhmiú rialuithe AML/CFT a chur chun feidhme nó a fheabhsú;
  • b) na feabhsuithe cuí a moladh i ndáil le pointe (a) thuas;
  • c) tuarascáil ar dhul chun cinn aon chláir feabhais shuntasacha, uair sa bhliain ar a laghad mar chuid den tuarascáil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 50 agus ar bhonn ad hoc nó go tréimhsiúil, ag brath ar na feabhsuithe, chun faisnéis a sholáthar faoin leibhéal neamhchosanta ar rioscaí ML/TF, agus na bearta a glacadh nó a mholtar chun na rioscaí sin a laghdú agus a bhainistiú go héifeachtach;
  • d) cibé an bhfuil na hacmhainní daonna agus teicniúla arna leithdháileadh ar an bhfeidhm chomhlíontachta AML/CFT leordhóthanach agus ar cheart iad a atreisiú.
49. Ní mór don institiúid creidmheasa nó airgeadais a bheith réidh chun cóip den tuarascáil …

Ní mór don institiúid creidmheasa nó airgeadais a bheith réidh chun cóip den tuarascáil gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 50 a roinnt leis an údarás inniúil.

50. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT tuarascáil gníomhaíochta a tháirgeadh ar bhonn …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT tuarascáil gníomhaíochta a tháirgeadh ar bhonn bliantúil ar a laghad. Ba cheart go mbeadh an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí comhréireach le scála agus le cineál ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais. Féadfaidh an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí a bheith bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar fhaisnéis a seoladh cheana chuig na húdaráis inniúla náisiúnta i bhfoirm tuarascálacha eile. Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas ar a laghad sa tuairisc ghníomhaíochta:

1) Maidir leis an measúnú riosca ML/TF:

  • a) achoimre ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an ghnó dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2015/849, i gcás ina ndearnadh nuashonrú den sórt sin le bliain anuas, agus deimhniú maidir le cibé ar éiligh an t-údarás inniúil go gcuirfí isteach é don bhliain tuairiscithe;8
  • b) tuairisc ar aon athruithe a bhaineann leis an modh a úsáideann an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun próifíl riosca an chustaiméara aonair a mheasúnú, ag cur béime ar an gcaoi a bhfuil an t-athrú sin ailínithe le measúnú riosca ML/TF ghnó uile na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais;
  • c) custaiméirí a aicmiú de réir catagóir riosca, lena n-áirítear líon na gcomhad custaiméara de réir catagóir riosca a bhfuil athbhreithnithe agus nuashonruithe CDD le déanamh ina leith;
  • d) faisnéis agus sonraí staitistiúla maidir le:
i) ii) iii) iv) v)líon na n-idirbheart neamhghnách a braitheadh; líon na n-idirbheart neamhghnách a ndearnadh anailís orthu; líon na dtuairiscí ar idirbhearta nó ar ghníomhaíocht amhrasach chuig an FIU (de réir tír oibríochtaí); líon na gcaidreamh le custaiméirí a scoir an institiúid creidmheasa nó airgeadais de bharr údair imní AML/CFT; líon na n-iarratas ar fhaisnéis a fuarthas ón FIU, ó na cúirteanna agus ó ghníomhaireachtaí um fhorghníomhú an dlí.

2) Ar acmhainní:

  • e) cur síos gairid ar struchtúr eagraíochta AML/CFT agus, i gcás inarb iomchuí, ar aon athruithe suntasacha a rinneadh le bliain anuas agus ar an mbunréasúnaíocht;
  • f) tuairisc achomair ar na hacmhainní daonna agus teicniúla arna leithdháileadh ar an bhfeidhm chomhlíontachta AML/CFT ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais;
  • g) i gcás inarb infheidhme, liosta na bpróiseas AML/CFT arna bhfoinsiú allamuigh le tuairisc ar an maoirseacht a rinne an institiúid creidmheasa nó airgeadais ar na gníomhaíochtaí sin.

3) Ar bheartais agus nósanna imeachta:

  • h) achoimre ar na bearta tábhachtacha a glacadh agus ar na nósanna imeachta a glacadh i rith na bliana, lena n-áirítear cur síos gairid ar na moltaí, na fadhbanna, na heasnaimh agus na neamhrialtachtaí a sainaithníodh i mbliain an tuairiscithe;
  • i) tuairisc ar na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh arna ndéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais ag fostaithe, gníomhairí, dáileoirí agus soláthraithe seirbhísí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, chomh maith le leordhóthanacht aon uirlisí faireacháin a úsáideann an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun críoch AML/CFT;
  • j) tuairisc ar na gníomhaíochtaí oiliúna AML/CFT a cuireadh i gcrích, agus ar an bplean oiliúna don bhliain seo chugainn;
  • k) plean gníomhaíochtaí fheidhm an oifigigh chomhlíonta AML/CFT don bhliain dár gcionn;
  • l) torthaí iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le AML/CFT agus aon dul chun cinn atá déanta ag an institiúid chreidmheasa nó airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin;
  • m) gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear cumarsáid leis an institiúid chreidmheasa nó airgeadais, arna ndéanamh ag an údarás inniúil, tuarascálacha arna gcur isteach, sáruithe arna sainaithint agus smachtbhannaí arna bhforchur mar aon leis an gcaoi a bhfuil an institiúid chreidmheasa nó airgeadais ag tabhairt faoi na sáruithe a aithníodh a leigheas agus an chéim ag a bhfuil an ghníomhaíocht leasúcháin atá, gan dochar d’aon tuarascáil thréimhsiúil eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil i gcás gníomhaíochta maoirseachta nó gníomhaíochta leasúcháin.
  • f. Idirbhearta amhrasacha a thuairisciú

8 Féach treoirlínte an ÚBE maidir le tosca riosca ML/TF maidir le measúnuithe riosca a dhéanamh (EBA/GL/2021/02)

51. Maidir le hoibleagáid an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoi Airteagal 33(2) de Threoir (AE) …

Maidir le hoibleagáid an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoi Airteagal 33(2) de Threoir (AE) 2015/849 faisnéis dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal sin a tharchur, ba cheart dó a áirithiú go mbeidh ag comhaltaí foirne eile a lorgaítear a gcúnamh chun gnéithe den fheidhm seo a chomhlíonadh na scileanna, an t-eolas agus an oiriúnacht acu chun cabhrú leis an tasc sin. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar íogaireacht agus rúndacht na faisnéise a d’fhéadfaí a nochtadh agus ar na hoibleagáidí rúndachta a gcaithfidh an institiúid creidmheasa nó airgeadais cloí leo.

52. Nuair a tharchuireann an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT faisnéis chuig an FIU i gcomhréir …

Nuair a tharchuireann an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT faisnéis chuig an FIU i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a tharchur i bhformáid agus trí mhodhanna a chomhlíonann aon treoirlínte arna n-eisiúint ag an FIU náisiúnta, ar bhealach éifeachtach. Mar chuid dá ról faoin bhforáil sin, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT:

  • a) feidhmiú agus dearadh an chórais faireacháin idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear cásanna a chumhdaítear i gcomhréir leis na rioscaí ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó airgeadais neamhchosanta dóibh agus nósanna imeachta inmheánacha chun foláirimh a láimhseáil;
  • b) tuarascálacha a fháil ó fhostaithe, gníomhairí nó dáileoirí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, nó tuairiscí arna nginiúint ar shlí eile ag córais na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, ar eolas nó amhras faoi ML/TF, nó an raibh, an bhfuil nó an bhféadfadh baint a bheith ag duine le ML /TF;
  • c) a áirithiú go ndéanfar na tuarascálacha sin a mheas go pras chun a chinneadh an bhfuil eolas nó amhras ann gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil lena n-áirítear ML/TF iad cistí, nó cibé an raibh, an bhfuil nó an bhféadfadh baint a bheith ag duine le ML/TF; ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT freisin próiseas tosaíochta a chinneadh, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme le haghaidh na dtuarascálacha inmheánacha a fhaightear ionas go ndéileálfar leis an bpráinn is gá le tuarascálacha inmheánacha maidir le cásanna ardriosca;
  • d) agus measúnú á dhéanamh ar na tuarascálacha a fuarthas, taifead a choinneáil ar na meastóireachtaí go léir a rinneadh mar aon le haon aiseolas a fhaightear ón FIU ina dhiaidh sin chun feabhas a chur ar bhrath idirbheart amhrasach amach anseo;
  • e) a chinntiú go ndéantar eolas nó amhras faoi ML/TF nó faoi nasc duine le ML/TF a thuairisciú go pras don FIU, agus cibé fíorais, imeachtaí nó faisnéis agus doiciméadú a thíolacadh leis an tuarascáil de réir mar is gá chun an t-amhras nó cásanna ina bhfuil forais réasúnacha amhrasta a bhunú. ML/TF;
  • f) freagairt phras agus uileghabhálach a áirithiú ar aon iarratas ar fhaisnéis arna déanamh ag an FIU; agus
  • g) breithniú a dhéanamh go rialta ar na fáthanna nár cuireadh foláirimh maidir le gníomhaíocht nó idirbhearta neamhghnácha chun cinn mar thuarascálacha inmheánacha chun a chinneadh an bhfuil aon cheisteanna ar ghá aghaidh a thabhairt orthu chun a chinntiú go mbraitear go héifeachtach gníomhaíocht nó idirbhearta amhrasacha.
53. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirfidh rialuithe inmheánacha …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirfidh rialuithe inmheánacha na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais ar a chumas aon treoir a sholáthraíonn an FIU a chomhlíonadh.

54. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais aird a mbainisteoirí agus a bhfostaithe a …

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais aird a mbainisteoirí agus a bhfostaithe a tharraingt ar an oibleagáid cloí go docht leis an toirmeasc ar chur in iúl don chustaiméir nó do thríú páirtithe go bhfuil anailís ML/TF ar bun nó go bhféadfaí tús a chur léi agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a theorannú do na daoine a bhfuil sé de dhíth orthu chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Cé go bhfuil oibleagáid rúndachta infheidhme laistigh den institiúid creidmheasa nó airgeadais, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a mheas go cúramach fós cé dó laistigh den institiúid creidmheasa nó airgeadais a sholáthraítear faisnéis faoi aon tuarascálacha a cuireadh faoi bhráid an FIU nó faoi aon iarratas ar fhaisnéis a fuarthas ón FIU. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta tuairiscithe faoi rún agus ba cheart céannacht na ndaoine a bhfuil baint acu le hullmhú agus le cur ar aghaidh na tuarascála a chosaint faoin mbeartas príobháideachta.

  • g. Oiliúint agus feasacht
55. I gcomhréir leis an oibleagáid faoi Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus mar atá …

9 I gcomhréir leis an oibleagáid faoi Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus mar atá sonraithe i dtreoirlínte athbhreithnithe an ÚBE maidir le fachtóirí riosca ML/TF, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an fhoireann a chur ar an eolas go cuí faoi na rioscaí ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó airgeadais neamhchosanta dóibh, lena n-áirítear modhanna, treochtaí agus tíopeolaíochtaí ML/TF, chomh maith leis an gcur chuige riosca-bhunaithe arna chur chun feidhme ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun na rioscaí sin a mhaolú. Is féidir go mbeadh foirmeacha éagsúla ag an bhfaisnéis seo, mar litreacha cuideachta, an t-inlíon, cruinnithe.


9 Treoirlíne 6: Oiliúint ar threoirlínte athbhreithnithe ÚBE ar thosca riosca ML/TF: EBA/GL/2021/02

56. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun feidhme clár oiliúna leanúnach AML/CFT. I gcomhar le roinn acmhainní daonna na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, ba cheart plean bliantúil oiliúna agus oideachais na foirne a dhoiciméadú agus tagairt a dhéanamh dó sa tuarascáil gníomhaíochta chuig an gcomhlacht bainistíochta de réir mhír 50.

57. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go dtabharfar aird na foirne ar fad …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go dtabharfar aird na foirne ar fad ar na nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha arna nglacadh ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais.

58. I dteannta an oideachais ghinearálta, chun críocha Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849, ba …

I dteannta an oideachais ghinearálta, chun críocha Airteagal 46(1) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT measúnú a dhéanamh ar na sainriachtanais oiliúna laistigh den institiúid creidmheasa nó airgeadais agus a áirithiú go bhfuil oiliúint leordhóthanach theoiriciúil agus phraiticiúil á cur ar fáil do na daoine atá neamhchosanta i leith leibhéil éagsúla rioscaí ML/FT, amhail:

  • a) daoine atá ag obair san fheidhm chomhlíonta faoi fhreagracht an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT;
  • b) daoine a bhíonn i dteagmháil le custaiméirí nó a bhfuil sé de chúram orthu a gcuid idirbheart a dhéanamh (fostaithe, gníomhairí agus dáileoirí);
  • c) daoine atá freagrach as nósanna imeachta nó uirlisí inmheánacha a fhorbairt is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith íogair do riosca ML/TF.
59. Ba cheart inneachar na gclár oiliúna sonrach a sheachadtar do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla …

Ba cheart inneachar na gclár oiliúna sonrach a sheachadtar do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla neamhchosanta acu i leith rioscaí ML/TF acu a choigeartú ar bhonn riosca-íogair mar a thuairiscítear i dtreoirlínte athbhreithnithe an ÚBE maidir le tosca riosca ML/TF10 .


10 Treoirlíne 6: Oiliúint ar threoirlínte athbhreithnithe ÚBE ar thosca riosca ML/TF: EBA/GL/2021/02

60. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT táscairí measúnaithe a chinneadh chun …

Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT táscairí measúnaithe a chinneadh chun éifeachtacht na hoiliúna a chuirtear ar fáil a sheiceáil.

61. I gcás ina nglacann an institiúid creidmheasa nó airgeadais clár oiliúna agus múscailte …

I gcás ina nglacann an institiúid creidmheasa nó airgeadais clár oiliúna agus múscailte feasachta arna fhorbairt thar lear, e.g. ag a oifig chláraithe nó ag a mháthairghnóthas, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú go gcuirfear an clár seo in oiriúint do na rialacha dlíthiúla agus rialála is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus maidir le tíopeolaíochtaí ML/TF agus gníomhaíochtaí sonracha na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais.

62. I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí oiliúna áirithe a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse, ba …

I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí oiliúna áirithe a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse, ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a áirithiú (i) go bhfuil an t-eolas AML/CFT is gá ag an soláthraí seirbhíse chun cáilíocht na hoiliúna a bheidh le soláthar a ráthú, (ii) go bhfuil coinníollacha bainistíochta an tseachfhoinsithe socraithe agus go léirítear urraim orthu, agus (iii) go bhfuil ábhar na hoiliúna sin curtha in oiriúint do shainghnéithe na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais lena mbaineann.

4.2.5 An gaol idir an fheidhm chomhlíonta AML/CFT agus feidhmeanna eile

63. Ba cheart an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm chomhlíonta neamhspleách AML/CFT araon a …

Ba cheart an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm chomhlíonta neamhspleách AML/CFT araon a bheith suite i ndara líne chosanta na n-institiúidí creidmheasa agus airgeadais.

64. I gcás ina bhfuil difríocht idir an fheidhm chomhlíonta AML/CFT agus an fheidhm chomhlíonta …

I gcás ina bhfuil difríocht idir an fheidhm chomhlíonta AML/CFT agus an fheidhm chomhlíonta ghinearálta, de bhreis ar fhorálacha threoirlínte ÚME maidir le rialachas inmheánach 11 maidir le próiseas cinnteoireachta trédhearcach agus doiciméadaithe agus leithdháileadh soiléir freagrachtaí agus údaráis laistigh dá chreat rialaithe inmheánaigh, ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais na forálacha atá leagtha amach sa chuid seo a chomhlíonadh.

65. Níor cheart an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(b) de …

Níor cheart an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 8(4)(b) de Threoir (AE) 2015/849 a chomhcheangal leis an bhfeidhm um chomhlíonadh AML/CFT.

66. Ba cheart go mbeadh rochtain ag an bhfeidhm bainistithe riosca, a mhéid atá feidhm bainistithe …

Ba cheart go mbeadh rochtain ag an bhfeidhm bainistithe riosca, a mhéid atá feidhm bainistithe riosca ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais, agus, i gcás ina mbunófar í, ag an gcoiste riosca, ar fhaisnéis agus ar shonraí ábhartha is gá chun a ról a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí ó fheidhmeanna ábhartha corparáideacha agus rialaithe inmheánaigh, amhail comhlíonadh AML/CFT.

67. Ba cheart comhar maith a bheith ann idir an ceannaire bainistíochta riosca agus an t-oifigeach …

Ba cheart comhar maith a bheith ann idir an ceannaire bainistíochta riosca agus an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT chun faisnéis a mhalartú. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT comhoibriú leis an bhfeidhm riosca chun modheolaíochtaí AML/CFT a shocrú atá i gcomhréir le straitéis bainistithe riosca na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais.

4.2.6 Seachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT

68. De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú , de réir mar is infheidhme, agus i gcás …

De bhreis ar threoirlínte ÚME maidir le seachfhoinsiú12 , de réir mar is infheidhme, agus i gcás ina gceadaítear seachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT faoin dlí náisiúnta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais féachaint do na príomhphrionsabail seo a leanas:

  • a. Is ar an institiúid creidmheasa nó airgeadais atá an fhreagracht deiridh as comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála, cibé acu a dhéantar feidhmeanna sonracha a sheachfhoinsiú nó nach ndéantar.
  • b. Ba cheart cearta agus oibleagáidí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais agus an tsoláthraí seirbhíse a leithdháileadh go soiléir agus a leagan amach i gcomhaontú i scríbhinn.
  • c. Ba cheart don institiúid chreidmheasa nó airgeadais atá ag brath ar shocrú seachfhoinsithe leanúint de bheith freagrach as faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil.
  • d. Ba cheart go mbeadh seachfhoinsiú ionghrúpa faoi réir an chreata rialúcháin céanna agus seachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí lasmuigh den ghrúpa.13
  • e. Ní féidir le tarmligean freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta a bheith mar thoradh ar sheachfhoinsiú feidhmeanna. Níor cheart cinntí straitéiseacha maidir le AML/CFT a sheachfhoinsiú. Áirítear ar na cinntí sin, go háirithe:
  • i. formheas an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud an ghnó;
  • ii. an cinneadh maidir le heagrú inmheánach chreat AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa agus airgeadais;
  • iii. beartais agus nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT a ghlacadh;
  • iv. formheas na modheolaíochta a úsáidtear chun an riosca ML/TF a chinneadh a bhaineann le caidreamh gnó ar leith agus sannadh na próifíle riosca;
  • v. formheas na gcritéar atá le húsáid ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais chun idirbhearta amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath chun críocha faireacháin agus/nó tuairiscithe leanúnaigh.

Tá institiúidí creidmheasa agus airgeadais fós freagrach ar deireadh thiar as an gcinneadh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú don FIU, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar sainaithint agus tuairisciú idirbheart amhrasach a sheachfhoinsiú.


12 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe: EBA/GL/2019/02; Treoirlínte ÚEÁPC maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: EIOPA-BoS-20-002; Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: ESMA50-157-2403

13 Pointe 27 de na codanna Cúlra de threoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe an 25 Feabhra 2019: EBA/GL/2019/02

69. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an próiseas seachfhoinsithe a leanúint, mar …

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an próiseas seachfhoinsithe a leanúint, mar atá leagtha amach i dtreoirlínte an ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe, agus cúraimí oibríochtúla fheidhm an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT á seachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse. Áirítear leis sin rioscaí ábhartha a bhaineann leis an socrú seachfhoinsithe a shainaithint agus a mheasúnú, an bonn cirt atá leis an gcinneadh seachfhoinsiú i bhfianaise na gcuspóirí arna saothrú (cibé acu an bhfuil sé mar aidhm aige leithdháileadh optamach acmhainní AML/CFT a áirithiú ar fud an ghrúpa nó ar bhonn na gcritéar comhréireachta), dícheall cuí a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse ionchasach, agus an comhaontú seachfhoinsithe a chonrú.

70. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a dhéanann cúraimí na feidhme comhlíonta …

Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a dhéanann cúraimí na feidhme comhlíonta AML/CFT a sheachfhoinsiú na nithe seo a leanas a chur ar iontaoibh a hoifigigh um chomhlíonadh AML/CFT:

  • i) faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an tsoláthraí seirbhíse chun a áirithiú go gcuirfidh an seachfhoinsithe ar chumas na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais a cuid oibleagáidí dlíthiúla agus rialála uile AML/CFT a chomhlíonadh;
  • ii) rialú rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas a eascraíonn as an gcomhaontú ag an soláthraí seirbhíse. I gcomhréir leis an anailís dhoiciméadaithe, ba cheart go n-áiritheofaí leis an rialú rialta go gcuirfear modhanna ar fáil don fheidhm chomhlíonta AML/CFT chun tástáil agus faireachán a dhéanamh go rialta agus ó am go ham ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá de dhualgas ar an soláthraí seirbhíse. Maidir le sonraí an chustaiméara, ba cheart go mbeadh cearta rochtana ag an bhfeidhm chomhlíonta AML/CFT agus ag an údarás inniúil ar chórais/bhunachair shonraí an tsoláthraí seirbhíse;
  • iii) tuairisciú ar an seachfhoinsiú chuig an gcomhlacht bainistíochta mar chuid de thuarascáil ghníomhaíochta an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT nó aon uair is gá sna himthosca, go háirithe ionas go gcuirfear aon bhearta leasúcháin is gá chun feidhme a luaithe is féidir.
71. I gcás nach bhfuil aon oifigigh nó fostaithe dá cuid féin ag an institiúid creidmheasa nó …

I gcás nach bhfuil aon oifigigh nó fostaithe dá cuid féin ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais seachas comhlacht bainistíochta, féadfaidh sé an fheidhm chomhlíonta AML/CFT a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse. I gcásanna den sórt sin ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ina oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT ag ceann de na soláthraithe seirbhíse a bhfuil taithí nó eolas aige ar an gcineál gníomhaíochta nó idirbheart a dhéanann an institiúid creidmheasa nó airgeadais.

72. I gcásanna ina bhfuil úsáid á baint ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais as seachfhoinsiú …

I gcásanna ina bhfuil úsáid á baint ag an institiúid creidmheasa nó airgeadais as seachfhoinsiú ionghrúpa, ba cheart di, go háirithe, na bearta is gá a ghlacadh chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as comhaontú seachfhoinsithe den sórt sin a shainaithint agus a bhainistiú. Ba cheart do thuismitheoir eintiteas an ghrúpa:

  • a) a áirithiú go mbunófar fardal de chásanna seachfhoinsithe AML/CFT ionghrúpa sna heintitis lena mbaineann, chun a chinneadh cén fheidhm a bhaineann leis an eintiteas dlíthiúil, agus go gcuirfear ar fáil go rialta é le haghaidh comhairliúcháin; agus
  • b) a áirithiú nach gcuirfidh seachfhoinsiú ionghrúpa comhlíonadh a oibleagáidí AML/CFT i mbaol i gcás aon fhochuideachta, bhrainse nó chineál bunaíochta eile.
73. Ba cheart go mbeadh seachfhoinsiú cúraimí a bhaineann le AML/CFT chuig soláthraithe seirbhíse …

Ba cheart go mbeadh seachfhoinsiú cúraimí a bhaineann le AML/CFT chuig soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i dtríú tíortha faoi réir beart cosanta breise chun a áirithiú nach méadóidh an seachfhoinsithe, mar thoradh ar shuíomh an tsoláthraí seirbhíse, an riosca maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas dlí agus rialála nó comhlíonadh neamhéifeachtúil na gcúraimí seachfhoinsithe, ná nach gcuirfidh sé bac ar chumas an údaráis inniúil a chumhacht maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach maidir leis an soláthraí seirbhíse.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/