+4.7. An modh ríomha agus a athbhreithniú rialta a chalabrú
---+81. Ba cheart don SRT an modh ríomha a chalabrú bunaithe ar bhreithiúnas saineolach, agus …
---+82. Ba cheart don SRT a léiriú i ranníocaíocht gach ball-institiúide, agus, dá bhrí sin i gcalabrú …
---+83. Ba cheart don SRT na dreasachtaí a sholáthraítear leis an modh ríomha a ailíniú le ceanglais …
---+84. Ba cheart don SRT cleachtais náisiúnta chuntasaíochta agus tuairiscithe a chur san áireamh.
---+85. Ba cheart don SRT gnéithe uile an mhodha ríofa a chalabrú chun go mbeidh siad comhsheasmhach …
---+86. Ba cheart don údarás inniúil, i gcomhar le húdarás ainmnithe, comparáid a dhéanamh go rialta — …
---+87. Ba cheart don SRT athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe uile an mhodha ríomha agus, i gcás inar …

4.7. An modh ríomha agus a athbhreithniú rialta a chalabrú

4.7. An modh ríomha agus a athbhreithniú rialta a chalabrú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
81. Ba cheart don SRT an modh ríomha a chalabrú bunaithe ar bhreithiúnas saineolach, agus …

Ba cheart don SRT an modh ríomha a chalabrú bunaithe ar bhreithiúnas saineolach, agus saintréithe na hearnála baincéireachta náisiúnta á gcur san áireamh, mar aon le méid na hilchineálachta i measc ball-institiúidí. Áirítear an méid seo a leanas i gcalabrú an mhodha ríomha:

  • a. roghnú na dtáscairí riosca;
  • b. ualú na dtáscairí riosca;
  • c. uasteorainneacha agus íosteorainneacha IRS;
  • d. an modh chun IRS a ríomh;
  • e. tairseacha ARW;
  • f. an modh chun ARW a ríomh;
  • g. modhnuithe roghnacha ar an bhfoirmle ríomha a chur i bhfeidhm.
82. Ba cheart don SRT a léiriú i ranníocaíocht gach ball-institiúide, agus, dá bhrí sin i gcalabrú …

Ba cheart don SRT a léiriú i ranníocaíocht gach ball-institiúide, agus, dá bhrí sin i gcalabrú an mhodha ríomha, dliteanas méadaithe arna thabhú ag SRT mar thoradh ar rannpháirtíocht bhaill a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • a. an dóchúlacht go ndéanfaidh SRT idirghabháil;
  • b. na caillteanais fhéideartha don SRT a eascraíonn as idirghabháil SRT, ar bhonn glan tar éis aisghabhálacha féideartha ó eastát féimheachta na hinstitiúide ar theip uirthi.
83. Ba cheart don SRT na dreasachtaí a sholáthraítear leis an modh ríomha a ailíniú le ceanglais …

Ba cheart don SRT na dreasachtaí a sholáthraítear leis an modh ríomha a ailíniú le ceanglais stuamachta.

84. Ba cheart don SRT cleachtais náisiúnta chuntasaíochta agus tuairiscithe a chur san áireamh.

Ba cheart don SRT cleachtais náisiúnta chuntasaíochta agus tuairiscithe a chur san áireamh.

85. Ba cheart don SRT gnéithe uile an mhodha ríofa a chalabrú chun go mbeidh siad comhsheasmhach …

Ba cheart don SRT gnéithe uile an mhodha ríofa a chalabrú chun go mbeidh siad comhsheasmhach leis na sonraí stairiúla ábhartha. Chun na críche sin, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh sna sonraí stairiúla: (i) sonraí faoi chliseadh institiúidí, idirghabhálacha SRT, gníomhaíocht réitigh nó bearta arna ndéanamh ag údaráis phoiblí eile chun an cliseadh a chosc; agus (ii) sonraí faoi ghlanchaillteanais nó faoi rátaí téarnaimh an SRT ó theagmhais den sórt sin.

86. Ba cheart don údarás inniúil, i gcomhar le húdarás ainmnithe, comparáid a dhéanamh go rialta — …

Ba cheart don údarás inniúil, i gcomhar le húdarás ainmnithe, comparáid a dhéanamh go rialta — gach 5 bliana ar a laghad agus roimh an athbhreithniú rialta 5 bliana ar na Treoirlínte seo — idir na torthaí a fuarthas agus an modh ríomha á chur i bhfeidhm agus tagarmharc iomchuí dá measúnú riosca, mar shampla leis an measúnú riosca a dhéantar faoi SREP. Ba cheart an chomparáid sin a dhéanamh ar bhealach iomlánaíoch. Ba cheart don údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe, ÚBE a chur ar an eolas faoi thoradh iomlánaíoch na comparáide sin agus faoi na neamhréireachtaí a tugadh faoi deara.

87. Ba cheart don SRT athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe uile an mhodha ríomha agus, i gcás inar …

Ba cheart don SRT athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe uile an mhodha ríomha agus, i gcás inar gá, iad a athchalabrú – gach 5 bliana ar a laghad agus tar éis an athbhreithnithe rialta 5 bliana ar na Treoirlínte sin – chun a áirithiú go bhfuil feidhmíocht an mhodha ríomha íogair go leor ó thaobh riosca de agus go bhforáiltear leis d’idirdhealú riosca leordhóthanach ar a chuid ball-institiúidí. Ba cheart go spreagfadh athruithe i dtuairisciú sonraí, athruithe rialála nó institiúideacha seiceáil agus fíorú fheidhmíocht na samhla freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/