+Airteagal 13 18.
|
Airteagal 13 18.
Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, ag gabháil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Soláthrófar an fhaisnéis agus na treoracha sin i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca. Beidh siad soiléir, intuigthe agus inléite. Ceadófar leo na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shuiteáil, a oibriú agus a úsáid ar bhealach slán. Déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II a choinneáil ar fáil d’úsáideoirí agus d’údaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide. I gcás ina gcuirfear an fhaisnéis agus na treoracha sin ar fáil ar líne, áiritheoidh monaróirí go mbeidh siad inrochtana, soláimhsithe agus ar fáil ar líne go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|