+Airteagal 23 1

Airteagal 23 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gceanglas go n-áireofar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach na fachtóirí riosca a úsáidtear i ríomh na gceanglas cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach, ar a laghad, fíoróidh an t-údarás inniúil cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadaíonn an institiúid an ann d’fhachtóirí riosca a úsáidtear sna cineálacha cur chuige caighdeánaithe ach nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(b)

cuireann an institiúid na gnéithe uile seo a leanas i dtábhacht:

(i)

cé acu is ann nó nach ann d’airgeadraí nach samhaltaítear riosca an ráta úis ghinearálta ina leith, lena n-áirítear riosca boilscithe nó riosca trasairgeadra-bhunaithe;

(ii)

cé acu is ann nó nach ann do raonta difríochta creidmheasa eisitheoirí nach samhaltaítear;

(iii)

cé acu is ann nó nach ann do spotphraghsanna cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais nach samhaltaítear;

(iv)

cé acu is ann nó nach ann do spotphraghsanna tráchtearraí nach samhaltaítear;

(v)

cé acu is ann nó nach ann do spotrátaí malairte nach samhaltaítear;

(vi)

cé acu is ann nó nach ann do chásanna nach samhaltaítear an luaineacht intuigthe in ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht;

(c)

i gcás inar ann d’fhachtóirí riosca a úsáidtear sa chur chuige caighdeánaithe ach nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, déanann an institiúid, i dteannta faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a imríonn eisiamh na bhfachtóirí riosca sin ar na torthaí sannta brabúis agus caillteanais mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an méid seo a leanas:

(i)

réasúnaíocht iomchuí a sholáthar gan na fachtóirí riosca sin a áireamh sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus, i gcás ina mbeidh an t-eisiamh sin i ngeall ar easpa praghsanna ionadaíocha le haghaidh na bhfachtóirí riosca sin, an réasúnaíocht a sholáthar gan na fachtóirí riosca sin a ghabháil i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus an réasúnaíocht sin a dhoiciméadú;

(ii)

ríomh agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar ar na ceanglais cistí dílse a leanann as eisiamh na bhfachtóirí riosca sin ón tsamhail tomhais riosca inmheánach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas