6. Maidir le hinstitiúidí tríú tír is freagróirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais an méid seo a leanas:
|
(a)
|
staonadh ó ghaolmhaireachtaí nua gnó a dhéanamh leis an institiúid tríú tír is freagróir ach amháin má chinneann siad, ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi Airteagal 36 nó faoi Airteagal 37, gur féidir leis na bearta maolaitheacha a chuirtear ar bun maidir leis an ngaolmhaireacht gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir agus leis na bearta atá i bhfeidhm san institiúid tríú tír is freagróir maolú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó sin;
|
|
(b)
|
i gcás gaolmhaireachtaí leanúnacha gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir:
|
(i)
|
an fhaisnéis faoin institiúid is freagróir a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 36 nó Airteagal 37;
|
|
(ii)
|
an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh mura gcinneann siad, ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi phointe (i), gur féidir leis na bearta maolaitheacha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ngaolmhaireacht gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir agus maidir leis na bearta atá i bhfeidhm san institiúid tríú tír is freagróir maolú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó sin;
|
|
|
(c)
|
an institiúid is freagróir a chur ar an eolas faoi na conclúidí ar tháinig siad orthu i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht chomhfhreagrach tar éis an mholta ó AMLA agus na mbeart a rinneadh de bhun phointí (a) nó (b).
|
I gcás ina bhfuil moladh tarraingthe siar ag AMLA de bhun mhír 5, déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais athbhreithniú ar a measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na hinstitiúidí tríú tír is freagróirí aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 3.