+83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …

83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …

Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na critéir seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh:

  • a. sócmhainní an ghnólachta infheistíochta ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus cé acu an gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir agus na tairseacha atá leagtha amach i mír 4 d’Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034;
  • b. má tá an gnólacht infheistíochta údaraithe airgead nó sócmhainní na gcliant a shealbhú;
  • c. an cineál gníomhaíochtaí agus seirbhísí údaraithe (e.g. Cuid A agus Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile (e.g. seirbhísí imréitigh) a dhéanann an gnólacht infheistíochta;
  • d. méid na sócmhainní atá á mbainistiú;
  • e. na sócmhainní arna gcosaint agus arna riar;
  • f. méid orduithe na gcliant arna láimhseáil;
  • g. méid an tsreafa trádála laethúil
  • h. láithreacht gheografach an ghnólachta infheistíochta agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i dtríú tíortha;
  • i. an fhoirm dhlíthiúil agus na hionstraimí cothromais agus fiachais atá ar fáil;
  • j. na modhanna a úsáidtear chun na ceanglais chaipitil a chinneadh;
  • k. cé acu an bhfuil an gnólacht infheistíochta ina chuid de ghrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta a rinneadh don ghrúpa agus tréithe an ghrúpa lena mbaineann an gnólacht infheistíochta; EBA Public
  • l. an straitéis bhunaidh ghnó;
  • m. struchtúr na ngníomhaíochtaí gnó agus an tréimhse ama, intomhaisteacht agus intuarthacht rioscaí na ngníomhaíochtaí gnó;
  • n. struchtúr cistiúcháin an ghnólachta infheistíochta;;
  • o. eagrú inmheánach an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear leibhéal an luach saothair inathraithe is féidir a íoc le baill foirne shainaitheanta;
  • p. príomhfhoinsí agus struchtúr brabús agus caillteanas an ghnólachta infheistíochta;
  • q. an cineál cliant (e.g. miondíol, corparáideach, gnólachtaí beaga, eintiteas poiblí);
  • r. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
  • s. na feidhmeanna seachfhoinsithe agus na bealaí dáileacháin;
  • t. na córais teicneolaíochta faisnéise (TF) atá ann, lena n-áirítear córais leanúnachais agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.