+2.3. Socruithe eagraíochtúla
---+40. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ina …
---+41. Agus socruithe le haghaidh idirphlé le hinstitiúidí á sainiú acu, ba cheart d’údaráis inniúla …
|
2.3. Socruithe eagraíochtúla
2.3. Socruithe eagraíochtúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
40. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ina …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ina socruithe eagraíochtúla chun SREP a sheoladh: - a. tuairisc ar róil agus ar fhreagrachtaí a bhfoirne maoirseachta maidir le SREP a reáchtáil, mar aon leis na línte tuairiscithe ábhartha, i ngnáthchúinsí agus i gcúinsí éigeandála araon;
- b. nósanna imeachta chun torthaí agus breithiúnais mhaoirseachta a dhoiciméadú agus a thaifeadadh;
- c. socruithe chun na torthaí agus na scóir a fhormheas, chomh maith le nósanna imeachta géaraithe sa chás go bhfuil tuairimí easaontacha le tabhairt faoi deara laistigh den údarás inniúil, i ngnáthchúinsí agus i gcúinsí éigeandála araon;
- d. socruithe maidir le hidirphlé a eagrú leis an institiúid de réir na samhla rannpháirtíochta íosta mar a shonraítear i Rannóg 2.4 chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe aonair SREP;
- e. socruithe le haghaidh comhairliúcháin le hinstitiúid agus torthaí SREP a chur in iúl don institiúid, lena léirítear an idirghníomhaíocht faoi chuimsiú choláistí maoirseoirí do ghrúpaí trasteorann agus a n-eintitis, i gcomhréir le Rialachán Cur i bhfeidhm (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún10 .
- f. seiceálacha agus cothromaíochtaí inmheánacha chun tacú le cinntí éifeachtacha, comhsheasmhacht na dtorthaí agus cuntasacht.
10 Rialachán Cur i bhfeidhm (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2014 maidir le caighdeáin theicniúla cur i bhfeidhm a leagan síos i leith coinníollacha chur i bhfeidhm an phróisis chinnidh chomhpháirtigh um cheanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí de réir na Treorach 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 188, 27.6.2014, lch. 19, ELI: ).http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/710/oj
|
|
41. Agus socruithe le haghaidh idirphlé le hinstitiúidí á sainiú acu, ba cheart d’údaráis inniúla …
|
Agus socruithe le haghaidh idirphlé le hinstitiúidí á sainiú acu, ba cheart d’údaráis inniúla na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le scóir a sholáthar do na hinstitiúidí i dtéarmaí a n-oibleagáidí nochta de bhun cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 596/201411 agus Treoracha 2014/57/AE12 agus 2004/109/CE13 a mheas.
11 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1). 12 Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 179,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj). 13 Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a gceadaítear dóibh a gcuid urrús a thrádáil ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/109/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|