+Iarscríbhinn V – Tomhas riosca praghsála aistrithe

Iarscríbhinn V – Tomhas riosca praghsála aistrithe

Ba cheart P2R le haghaidh riosca praghsála aistrithe a chinneadh tríd an P2R a chomhfhreagraíonn don riosca atá nasctha le gach socrú praghsála aistrithe (TPA) atá bunaithe ar mhodh brabúis an idirbhirt (TPM) dá dtagraítear i mír 173 de na Treoirlínte seo a shuimiú. Ba cheart cineálacha eile TPA, lena n-aistrítear caillteanais ábhartha chuig eintiteas an Aontais ar an gcaoi chéanna, a mheasúnú ar an mbealach céanna. Ba cheart P2R a chomhfhreagraíonn do TPA a bhaineann leis an TPM socraithe a chinneadh mar a leanas:

  • a) Ba cheart don institiúid an phunann a aithint arb iad a brabúis agus a caillteanais a úsáidtear mar bhunús chun an méid atá le leithdháileadh ar an institiúid de bhun an TPA a chinneadh.
  • b) Bunaithe ar (i) fhianaise eimpíreach agus (ii) phríomh-mhéadrachtaí atá san áireamh sa socrú praghsála mar a dtagraítear dó i mír 174, pointe (b), de na Treoirlínte seo, ba cheart don institiúid a ranníocaíocht corrlach 'm' a chinneadh i leith na bpríomh-mhéadrachtaí a úsáidtear chun an chuid de na brabúis agus de na caillteanais atá le leithdháileadh ar na heintitis atá páirteach sa TPA a chinneadh.
  • c) Ba cheart don institiúid na ceanglais chaipitil maidir le riosca margaidh ( C_MRPortfolio ) a bhaineann leis an bpunann a shainaithnítear i bpointe (a) a fháil.
  • d) Is é m × C_MRPortfolio an P2R don socrú praghsála aistrithe. D'fhéadfaí é seo a theorannú de réir an chaillteanais uasta is féidir a leithdháileadh ar an institiúid i gcomhréir leis an TPA.

Féadfaidh eintiteas atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil an TPA ann leis C_MRPortfolio a sholáthar don institiúid. Féadfaidh an t-eintiteas sin na ceanglais chaipitil a sholáthar ar bhonn na rialacha maidir le riosca margaidh atá infheidhme sa dhlínse ina bhfuil sé bunaithe. Sa chás go bhfuil na forálacha tríú tír sin bunaithe ar chreat caipitil Cholún 1 nach bhfuil ag teacht le creat caipitil riosca margaidh Cholún 1 a chuirtear i bhfeidhm san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 575/2013, ba cheart d’údaráis inniúla an ceanglas a mhéadú faoi fhachtóir 1.5. Is féidir le húdaráis inniúla an t-iolraitheoir sin a ísliú nó a ardú chun léiriú a thabhairt ar ábharthacht na ndifríochtaí sna rialacha maidir le riosca an mhargaidh idir an tAontas Eorpach agus an tríú tír.

Féadfaidh údaráis inniúla P2R de shocrú praghsála aistrithe a shocrú ar luach níos ísle ná an ceann a fhaightear de bhun an chéad mhír den Iarscríbhinn seo nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

  • a. I gcomhthéacs an TPA sin, measúnaítear gurb í an institiúid a shealbhaíonn agus a bhainistíonn formhór an riosca margaidh a bhaineann leis an bpunann, ar a bhfuil an socrú praghsála aistrithe bunaithe;
  • b. Tugann an tsamhail áirithinte le tuiscint go bhféadfaidh an institiúid a caillteanais leabhair trádála a leithdháileadh ar eintitis eile a ghlacann páirt sa socrú praghsála aistrithe;
  • c. Soláthraíonn an institiúid fianaise leordhóthanach, i bhfianaise a ról mar phríomh-ranníocóir leis an TPA de réir bhrí phointe (a), go gclúdaíonn na ceanglais chaipitil don riosca margaidh a bhaineann leis na suíomhanna atá faoi réir an TPA cheana féin caillteanais fhéideartha a eascraíonn as an TPA.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.