+5. Maidir le rialachas inmheánach agus rialuithe inmheánacha an BTT, ba cheart go n-áireofaí san …
|
5. Maidir le rialachas inmheánach agus rialuithe inmheánacha an BTT, ba cheart go n-áireofaí san …
Maidir le rialachas inmheánach agus rialuithe inmheánacha an BTT, ba cheart go n-áireofaí san iarratas an fhaisnéis seo a leanas: - a) cairt de struchtúr eagraíochtúil beartaithe an BTT, agus míníthe ábhartha ag gabháil leis;
- b) céannacht gach duine den bheirt ar a laghad a stiúrfaidh an BTT go héifeachtach nó, i gcás inarb infheidhme, gach comhalta den choiste bainistíochta áitiúil agus an fhaisnéis don mheasúnú oiriúnachta gaolmhar i gcomhréir le hAirteagal 91 de CRD, mar a shonraítear i gcaighdeán teicniúil rialála ÚBE maidir le faisnéis agus doiciméadú chun measúnú oiriúnachta chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a dhéanamh faoi airteagal 91 de CRD6 , rud a mbeidh feidhm aige mutatis mutandis agus i gcomhréir le hAirteagal 48g(1) de CRD; Ba cheart go mbeadh san iarratas torthaí an mheasúnaithe inmheánaigh oiriúnachta is déanaí a rinne an ceannghnóthas is iarratasóir ar bheirt daoine ar a laghad a stiúrann an BTT go héifeachtach, nó, i gcás inarb infheidhme, ar chomhaltaí an choiste bainistí ochta áitiúil;
- c) i gcás ina bhfuil sé ar fáil, measúnú oiriúnachta inmheánach shealbhóirí príomhfheidhme an BTT atá beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme de réir an dlí náisiúnta, an fhaisnéis tacaíochta do mheasúnú oiriúnachta an údaráis inniúil;
- d) cur síos ar leithdháileadh na ndualgas idir an bheirt ar a laghad de dhaoine a stiúrann an BTT go héifeachtach agus, i gcás inarb infheidhme, i measc chomhaltaí an choiste bhainistíochta áitiúla;
- e) beartais agus nósanna imeachta lena rialaítear na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, i.e. bainistíocht riosca, comhlíonadh agus iniúchadh inmheánach;
- f) cur síos ar na línte tuairiscithe idir na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus na daoine a stiúrann ghnó an BTT go héifeachtach agus, más infheidhme, an coiste bainistíochta áitiúil chomh maith le comhlacht bainistíochta an cheannghnóthais.
- g) i gcás inarb infheidhme, cóip de na rialacha nós imeachta don choiste bainistíochta áitiúil;
- h) léargas ar bheartas riosca creidmheasa an BTT agus, i gcás inarb infheidhme, ar rialacha nós imeachta an choiste riosca creidmheasa;
- i) léargas ar bheartas luacha saothair an BTT;
- j) tuairisc ar an straitéis TFC, lena n- áirítear creat bainistíochta riosca TFC a chomhlíonann Rialachán (AE) 2022/2554 (Rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais)7 ;
6 Tá an Páipéar Comhairliúcháin ar fáil ag https://www.eba.europa.eu/publications-and-media/press-releases/eba-and-esma-launch-consultation-revised-suitability-assessment-framework-banks-and-investment-firms 7 Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) 9 - k) cur síos ar na socruithe tríú páirtí a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
- l) sonraí na socruithe inmheánacha faoina ndéanann an ceannghnóthas feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an BTT a chomhlíonadh;
- m) léargas ar an bplean leanúnachais gnó, agus faisnéis maidir le cumhdach an BTT faoi phlean téarnaimh na gceannghnóthais is iarratasóir (na gceannghnóthas is iarratasóirí).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|