+Airteagal 35 1
|
Airteagal 35 1
1. Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann caighdeáin sonraí institiúide na híoschaighdeáin ionas go bhféadfaí an tsamhail tomhais riosca inmheánach a bhreithniú mar shamhail atá réasúnta cruinn maidir le rioscaí a thomhas mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh an méid seo a leanas nó nach amhlaidh:
|
(a)
|
doiciméadaíonn an institiúid, mar chuid dá beartais inmheánacha, aon mhodheolaíocht a úsáidtear chun amshraitheanna ina bhfuil pointí sonraí in easnamh a líonadh, agus cé acu atá nó nach bhfuil anailís fhónta sa doiciméadacht sin a thaispeánann nach ndéanann na modheolaíochtaí sin difear do luaineachtaí ná comhghaolta na bhfachtóirí riosca;
|
|
(b)
|
tá critéir oibiachtúla leagtha síos ag an institiúid lena leagtar amach an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an amshraith a líonadh isteach, i gcás ina bhfuil níos mó ná modheolaíocht amháin ar fáil, agus tá na critéir sin doiciméadaithe aici ina beartais inmheánacha;
|
|
(c)
|
an próiseas a bheidh le leanúint aon uair a athraítear na luachanna in amshraith, tá sé leagtha síos ag an institiúid mar chuid dá beartais inmheánacha, agus cé acu a áirítear nó nach n-áirítear doiciméadacht na n-athruithe a dhéantar sa phróiseas sin;
|
|
(d)
|
ní dhéanann an institiúid scagadh ar shonraí, lena n-áirítear ríomh an íosráta, caidhpeáil agus eisiamh i ndáil le hasluitigh, mura rud é go bhfuil an institiúid in ann a léiriú go mbaineann an pointe sonraí arna eisiamh le sonraí earráideacha nó rite, agus go ndoiciméadaíonn an institiúid an t-eisiamh sin;
|
|
(e)
|
déanann an institiúid seiceálacha cáilíochta tréimhsiúla ar an amshraith a úsáidtear chun an beart riosca easnaimh ionchasaigh a ríomh, agus doiciméadaíonn sí na seiceálacha sin mar aon leis na torthaí comhfhreagracha;
|
|
(f)
|
déanann an institiúid anailís, mar chuid de na seiceálacha dá dtagraítear i bpointe (e), ar an éifeacht atá ag sonraí atá in easnamh nó ag sonraí arna n-ionadú, agus ag an modheolaíocht a úsáidtear chun an amshraith a fháil, ar luaineachtaí agus comhghaolta na bhfachtóirí riosca;
|
|
(g)
|
is iomchuí cáilíocht sonraí na hamshraithe arna húsáid ag an institiúid.
|
Chun críocha phointe (e), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid faireachán, mar chuid de na seiceálacha dá dtagraítear sa phointe sin, ar an méid seo a leanas i gcás gach amshraithe:
|
(a)
|
an líon laethanta a raibh pointí sonraí in easnamh ina leith ar dtús agus a líonadh isteach ina dhiaidh sin trí úsáid a bhaint as modheolaíocht ar leith;
|
|
(b)
|
an líon laethanta a raibh pointí sonraí ar fáil ina leith ar dtús agus a ionadaíodh ina dhiaidh sin trí úsáid a bhaint as modheolaíocht ar leith;
|
|
(c)
|
an líon laethanta gan aon athrú laethúil;
|
|
(d)
|
an t-uaslíon laethanta as a chéile gan aon athrú laethúil.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|