+Airteagal 39 Measúnú ar ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh malairt eachtrach agus riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
---+Airteagal 39 4
---+Airteagal 39 5
---+Airteagal 39 6
---+Airteagal 39 7
---+Airteagal 39 8
---+Airteagal 39 9
|
Airteagal 39 Measúnú ar ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh malairt eachtrach agus riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna sa leabhar neamhthrádála, fíoróidh siad cé acu a shonraítear nó nach sonraítear an méid seo a leanas leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear san Airteagal sin:
|
(a)
|
raon feidhme na suíomhanna malairte eachtraí sa leabhar neamhthrádála a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse ina leith le cur chuige malartach na samhla inmheánaí agus, i gcás inarb infheidhme, an chúis fholuiteach le suíomhanna áirithe a eisiamh ón raon feidhme sin;
|
|
(b)
|
raon feidhme na suíomhanna tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse ina leith le cur chuige malartach na samhla inmheánaí, agus i gcás inarb infheidhme, an chúis fholuiteach le suíomhanna áirithe a eisiamh ón raon feidhme sin;
|
|
(c)
|
i gcás suíomhanna atá faoi réir riosca malairte eachtraí ach nach bhfuil faoi réir riosca tráchtearraí:
|
(i)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an luach a úsáidtear mar bhonn chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca malairte eachtraí ar an luach cuntasaíochta deiridh dá bhfuil ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, nó ar an gcóirluach deiridh dá bhfuil ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán Tarmligthe sin, agus an mhinicíocht a n-athríomhtar an luach sin dá réir;
|
|
(ii)
|
cé acu atá nó nach bhfuil deasca trádála ann a bhfuil a suíomhanna neamhlíneacha sa ráta malairte faoi réir na láimhseála dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 agus, i gcás inarb infheidhme, an chúis atá leis an maolú sin a bheith ann le haghaidh roinnt deasca trádála, ach gan é a bheith ann le haghaidh cinn eile;
|
|
|
(d)
|
na deasca trádála ar ina leith a ríomhtar na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír ar luach na punainne i ndáil le suíomh leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca tráchtearraí nó faoi réir riosca tráchtearraí agus riosca malairte eachtraí araon i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2023/1577, agus deasca trádála ar ina leith a ríomhtar na hathruithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (b), den Rialachán Tarmligthe sin, agus an chúis leis an rogha sin.
|
|
|
Airteagal 39 2
|
2. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna sa leabhar neamhthrádála, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear an méid seo a leanas leis na próisis inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
|
(i)
|
inrianaitheacht na suíomhanna leabhair neamhthrádála arna hionchorprú i raon feidhme chur chuige malartach na samhla inmheánaí, agus cruinneas na luachanna cuntasaíochta nó na gcóirluachanna a úsáidtear mar bhonn chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
(ii)
|
go n-áirítear suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheallann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí arna gcur in áirithe ar dháta ar leith i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;
|
|
(iii)
|
go n-áirítear aon suíomh riosca malairte eachtraí a eascraíonn as athrú ar an airgeadra tuairiscithe ar na leibhéil éagsúla chomhdhlúthúcháin (‘riosca aistriúcháin’) i raon feidhme na suíomhanna faoi réir riosca malairte eachtraí;
|
|
(iv)
|
sainaithint cheart ar shuíomhanna malairte eachtraí a chomhlíonann na coinníollacha chun an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 a úsáid, i gcás ina n-úsáideann an institiúid an láimhseáil sin;
|
|
(v)
|
sainaithint cheart iomlán ar mhíreanna a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
|
(b)
|
i ndáil le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh suíomhanna atá faoi réir riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
suíomhanna malairte eachtraí a n-úsáideann an institiúid an maolú a leagtar síos in Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, déantar iad a idirdhealú ó shuíomhanna malairte eachtraí nach n-úsáideann an institiúid an maolú sin ina leith;
|
|
(ii)
|
ní dhéantar ach fachtóirí riosca malairte eachtraí an luacha cuntasaíochta deiridh nó an chóirluacha deiridh dá bhfuil ar fáil a thabhairt cothrom le dáta chun luach an tsuímh a chinneadh sula gcuirtear i bhfeidhm an cás de shuaitheadh amach anseo, mura rud é go n-úsáidtear an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
(iii)
|
i gcás suíomhanna a n-úsáidtear an láimhseáil in Airteagal 5(1), an dara fomhír den Rialachán sin ina leith, tugtar na fachtóirí riosca uile cothrom le dáta chun luach an tsuímh a chinneadh sula gcuirtear i bhfeidhm an cás de shuaitheadh amach anseo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
|
(c)
|
i ndáil le míreanna a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
is iomchuí na critéir arna leagan síos ag an institiúid chun teagmhais a spreagann lagú a shainaithint, bunaithe ar shonraí stairiúla agus teagmhais stairiúla;
|
|
(ii)
|
tá na critéir dá dtagraítear i bpointe (i) i gcomhréir leis an mbainistíocht riosca inmheánach ar riosca lagaithe;
|
|
(iii)
|
tá an leibhéal lagaithe a aithnítear tar éis na dteagmhas dá dtagraítear i bpointe (i) bunaithe ar réasúnú oibiachtúil;
|
|
|
(d)
|
i ndáil le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh suíomhanna atá faoi réir riosca tráchtearraí nó faoi réir riosca tráchtearraí agus malairte eachtraí araon dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear cásanna de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca a bhaineann leis an gcatagóir fachtóra riosca leathan tráchtearraí agus maidir leis na fachtóirí sin amháin, agus i gcás inarb infheidhme, maidir leis an gcatagóir fachtóra riosca leathan malairte eachtraí;
|
|
(e)
|
a fhíorú cé acu a ríomhtar nó nach ríomhtar na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.
|
Chun críocha phointe (a)(iii), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi a n-áiríonn an institiúid na glansuíomhanna oscailte a eascraíonn as eintitis éagsúla an ghrúpa sa tsamhail tomhais riosca inmheánach.
|
|
Airteagal 39 3
|
3. Chun críocha mhír 2, pointe (a)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla ceann amháin den dá chur chuige seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála arna nglacadh ar dháta tagartha ar leith, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na suíomhanna sin ar áireamh i raon feidhme na suíomhanna a ghabhtar sa bheart riosca easnaimh ionchasaigh nó sa bheart riosca maidir le cás struis ar an dáta tagartha sin nó i raon feidhme shuíomhanna an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid, ar thaobh amháin, na suíomhanna leabhair neamhthrádála arna nglacadh ar dháta tagartha ar leith agus, ar an taobh eile, na suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi raon feidhme na samhla tomhais riosca inmheánaí agus faoi raon feidhme an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh ar an dáta tagartha sin a thabhairt le chéile.
|
|
|
Airteagal 39 4
|
4. Chun críocha mhír 2, pointe (a)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid cineálacha suíomhanna a áirítear sa tsamhail agus a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais nach meallann riosca margaidh a sholáthar nuair a ríomhtar na ceanglais cistí dílse ar an leibhéal aonair, ach a mheallann an riosca sin nuair a ríomhtar na ceanglais cistí dílse ar an leibhéal comhdhlúite de bharr riosca aistriúcháin.
|
|
Airteagal 39 5
|
5. Chun críocha mhír 2, pointe (a)(v), na míreanna a shainaithin an institiúid mar mhíreanna a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le cur chuige malartach na samhla inmheánaí, agus na míreanna a chomhlíonann na coinníollacha sin i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid na míreanna sin a thabhairt le chéile.
|
|
Airteagal 39 6
|
6. Chun críocha mhír 2, pointe (b), ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála agus ar dháta tagartha le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an liosta de na nithe seo a leanas a sholáthar:
|
(i)
|
fachtóirí riosca a úsáidtear mar ionchuir chun an cóirluach atá ina bhonn le haghaidh ríomh na gceanglas cistí dílse a chinneadh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
(ii)
|
as na fachtóirí riosca a áirítear sa liosta dá dtagraítear i bpointe (i), na fachtóirí riosca sin a gcuireann an institiúid cásanna de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leo le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;
|
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid luach na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar ar na dátaí seo a leanas:
|
(i)
|
an dáta ar ar cinneadh an cóirluach deiridh a bhí ar fáil;
|
|
(ii)
|
an dáta tagartha ar leith le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh nó le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis;
|
|
|
(c)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
i gcás suíomhanna nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, ní dhearnadh luach na bhfachtóirí riosca nach léiríonn riosca malairte eachtraí a thabhairt cothrom le dáta idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (b)(i) agus (b)(ii);
|
|
(ii)
|
i gcás suíomhanna a n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, rinneadh luach na bhfachtóirí riosca uile a thabhairt cothrom le dáta idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (b)(i) agus (b)(ii);
|
|
(iii)
|
ní bhaineann na fachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) ach le riosca malairte eachtraí, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.
|
|
|
|
Airteagal 39 7
|
7. Chun críocha mhír 2, pointe (b), ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála agus ar dháta tagartha le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an institiúid na fachtóirí riosca malairte eachtraí a dhícheangal ó ionchuir eile a úsáidtear chun luach cuntasaíochta suímh a chinneadh;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an liosta d’fhachtóirí riosca a sholáthar as na fachtóirí riosca malairte eachtraí dá dtagraítear i bpointe (a) a gcuireann an institiúid cásanna de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leo le linn di an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó an beart riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin a ríomh;
|
|
(c)
|
luach na bhfachtóirí riosca malairte eachtraí a fháil mar aon le luach na n-ionchur eile a úsáideadh chun an luach cuntasaíochta a chinneadh ar na dátaí seo a leanas:
|
(i)
|
an dáta ar ar cinneadh an luach cuntasaíochta deiridh a bhí ar fáil;
|
|
(ii)
|
an dáta tagartha ar leith le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh agus le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis;
|
|
|
(d)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
i gcás suíomhanna nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, ní dhearnadh na hionchuir luachála nach léiríonn riosca malairte eachtraí a thabhairt cothrom le dáta idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (c)(i) agus (c)(ii);
|
|
(ii)
|
i gcás suíomhanna a n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, na hionchuir luachála, lena n-áirítear fachtóirí riosca malairte eachtraí, tugadh cothrom le dáta iad idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (c)(i) agus (c)(ii);
|
|
(iii)
|
ní bhaineann na fachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (b) ach le riosca malairte eachtraí, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.
|
|
|
|
Airteagal 39 8
|
8. Chun críocha mhír 2, pointe (d), ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála agus ar dháta tagartha le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an liosta de na nithe seo a leanas a sholáthar:
|
(i)
|
fachtóirí riosca a úsáidtear mar ionchuir chun an cóirluach atá ina bhonn le haghaidh ríomh na gceanglas cistí dílse a chinneadh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
(ii)
|
as na fachtóirí riosca a áirítear sa liosta dá dtagraítear i bpointe (a), na fachtóirí riosca sin a gcuireann an institiúid cás de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leo le linn di an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh nó a gcuireann sí dianchás de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leo le linn di an beart riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin a ríomh;
|
|
|
(b)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, sa liosta dá dtagraítear i bpointe (a)(ii), nach bhfuil ach fachtóirí riosca ann a léiríonn riosca tráchtearraí, agus riosca malairte eachtraí i gcás inarb infheidhme.
|
|
|
Airteagal 39 9
|
9. Chun críocha mhír 2, pointe (e), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála, an modh measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid tuairisc a sholáthar ar na hionchuir luachála a úsáidtear chun luach cuntasaíochta nó cóirluach an tsuímh a chinneadh;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid luachanna na n-ionchur luachála sin a sholáthar ag deireadh an lae tar éis ríomh an tomhais luacha faoi riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ag deireadh an lae roimhe sin, de réir mar a úsáidtear i ríomh na n-athruithe hipitéiseacha agus iarbhír ar luach na punainne;
|
|
(c)
|
a fhíorú, ag brath ar an suíomh atá faoi réir an mheasúnaithe, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na luachanna a thabhairt cothrom le dáta nó a choimeád gan athrú de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|