+Airteagal 39 2

Airteagal 39 2

2.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna sa leabhar neamhthrádála, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear an méid seo a leanas leis na próisis inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(i)

inrianaitheacht na suíomhanna leabhair neamhthrádála arna hionchorprú i raon feidhme chur chuige malartach na samhla inmheánaí, agus cruinneas na luachanna cuntasaíochta nó na gcóirluachanna a úsáidtear mar bhonn chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;

(ii)

go n-áirítear suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheallann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí arna gcur in áirithe ar dháta ar leith i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;

(iii)

go n-áirítear aon suíomh riosca malairte eachtraí a eascraíonn as athrú ar an airgeadra tuairiscithe ar na leibhéil éagsúla chomhdhlúthúcháin (‘riosca aistriúcháin’) i raon feidhme na suíomhanna faoi réir riosca malairte eachtraí;

(iv)

sainaithint cheart ar shuíomhanna malairte eachtraí a chomhlíonann na coinníollacha chun an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 a úsáid, i gcás ina n-úsáideann an institiúid an láimhseáil sin;

(v)

sainaithint cheart iomlán ar mhíreanna a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;

(b)

i ndáil le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh suíomhanna atá faoi réir riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

suíomhanna malairte eachtraí a n-úsáideann an institiúid an maolú a leagtar síos in Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, déantar iad a idirdhealú ó shuíomhanna malairte eachtraí nach n-úsáideann an institiúid an maolú sin ina leith;

(ii)

ní dhéantar ach fachtóirí riosca malairte eachtraí an luacha cuntasaíochta deiridh nó an chóirluacha deiridh dá bhfuil ar fáil a thabhairt cothrom le dáta chun luach an tsuímh a chinneadh sula gcuirtear i bhfeidhm an cás de shuaitheadh amach anseo, mura rud é go n-úsáidtear an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;

(iii)

i gcás suíomhanna a n-úsáidtear an láimhseáil in Airteagal 5(1), an dara fomhír den Rialachán sin ina leith, tugtar na fachtóirí riosca uile cothrom le dáta chun luach an tsuímh a chinneadh sula gcuirtear i bhfeidhm an cás de shuaitheadh amach anseo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;

(c)

i ndáil le míreanna a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

is iomchuí na critéir arna leagan síos ag an institiúid chun teagmhais a spreagann lagú a shainaithint, bunaithe ar shonraí stairiúla agus teagmhais stairiúla;

(ii)

tá na critéir dá dtagraítear i bpointe (i) i gcomhréir leis an mbainistíocht riosca inmheánach ar riosca lagaithe;

(iii)

tá an leibhéal lagaithe a aithnítear tar éis na dteagmhas dá dtagraítear i bpointe (i) bunaithe ar réasúnú oibiachtúil;

(d)

i ndáil le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh suíomhanna atá faoi réir riosca tráchtearraí nó faoi réir riosca tráchtearraí agus malairte eachtraí araon dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear cásanna de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca a bhaineann leis an gcatagóir fachtóra riosca leathan tráchtearraí agus maidir leis na fachtóirí sin amháin, agus i gcás inarb infheidhme, maidir leis an gcatagóir fachtóra riosca leathan malairte eachtraí;

(e)

a fhíorú cé acu a ríomhtar nó nach ríomhtar na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.

Chun críocha phointe (a)(iii), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi a n-áiríonn an institiúid na glansuíomhanna oscailte a eascraíonn as eintitis éagsúla an ghrúpa sa tsamhail tomhais riosca inmheánach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.