+IARSCRÍBHINN IV Rialacha maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu de bhun Airteagail 13a agus 13b
|
IARSCRÍBHINN IV Rialacha maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu de bhun Airteagail 13a agus 13b
IARSCRÍBHINN IV
Rialacha maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu de bhun Airteagail 13a agus 13b
CUID A: SONRAÍ A BHFUIL FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ LE DÉANAMH AG NA BALLSTÁIT ORTHU
(a)
uimhreacha aitheantais feithicle na bhfeithiclí nua tromshaothair uile dá dtagraítear in Airteagal 2 atá cláraithe ar chríoch an Bhallstáit;
▼M4
(b)
ainm an mhonaróra dá sanntar an fheithicil tromshaothair i gcomhréir le hAirteagal 7a, pointe (a), (b) nó (c);
▼M1
(c)
déantús (trádainm an mhonaróra);
(d)
cód an chabhalra mar a shonraítear in iontráil 38 den deimhniú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na digití forlíontacha dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;
(e)
i gcás na bhfeithiclí tromshaothair dá dtagraítear in Airteagal 2(1), an chéad mhír, pointe (a) nó (b), an fhaisnéis maidir leis an gcóras tiomána a shonraítear in iontrálacha 23, 23.1 agus 26 den deimhniú comhréireachta;
(f)
uasluas na feithicle tromshaothair mar a shonraítear in iontráil 29 den deimhniú comhréireachta;
(g)
céim an chríochnaithe, mar a léirítear sa tsamhail a roghnaíodh den deimhniú comhréireachta i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (
*6
);
(h)
catagóir na feithicle mar a shonraítear in iontráil 0.4 den deimhniú comhréireachta;
(i)
an líon acastóirí mar a shonraítear in iontráil 1 den deimhniú comhréireachta;
(j)
an TPMLM, mar a shonraítear in iontráil 16.1 den deimhniú comhréireachta;
(k)
inphrionta hais chripteagrafach chomhad taifead an mhonaróra mar a shonraítear in iontráil 49.1 den deimhniú comhréireachta; maidir le feithiclí tromshaothair a chlárófar go dtí an 30 Meitheamh 2025, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach na chéad ocht gcarachtar den hais chripteagrafach a thuairisciú;
(l)
na hastaíochtaí sonracha CO2 mar a shonraítear in iontráil 49.5 den deimhniú comhréireachta;
(m)
an meánluach pálasta mar a shonraítear in iontráil 49.6 den deimhniú comhréireachta;
(o)
an TPMLM i gcás feithiclí tromshaothair de chatagóir N3 i gcomhthéacs thar a bheith trom (EHC) dá dtagraítear in Airteagal 3 pointe (25), mar a shonraítear in iontráil 16.4 den deimhniú comhréireachta nó den deimhniú ar cheadú feithicle aonair;
(p)
maidir le feithiclí sainchuspóireacha, a n-ainmniú mar a shonraítear in iontráil 51 den deimhniú comhréireachta;
(q)
an líon acastóirí tiomána mar a shonraítear in iontráil 3 den deimhniú comhréireachta
(r)
maidir le feithiclí tromshaothair a fhormheastar faoi Airteagal 2(3)(b) de Rialachán (AE) 2018/858, an fhaisnéis gur dearadh agus gur tógadh nó gur oiriúnaíodh an fheithicil tromshaothair lena húsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag seirbhísí dóiteáin agus ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choinneáil ar bun;
(s)
maidir le feithiclí tromshaothair atá cláraithe lena n-úsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag seirbhísí dóiteáin nó ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choinneáil ar bun, an deimhniú go bhfuil an fheithicil cláraithe lena húsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag seirbhísí dóiteáin nó ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choinneáil ar bun agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3a(5), den Rialachán seo. Maidir le gach feithicil tromshaothair lena n-áirítear feithiclí arna gceadú ina n-aonar, is í an fhaisnéis chomhfhreagrach an fhaisnéis atá le soláthar i ndeimhniú comhréireachta an Aontais nó i deimhniú an Aontais ar cheadú feithicle tromshaothair aonair nó sa deimhniú náisiúnta ar cheadú aonair i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 gan beann ar aon díolúine náisiúnta is infheidhme faoi Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/858;
▼M4
(t)
maidir le feithiclí de chatagóir M, ainm an mhonaróra feithicle iomláine nó lánchríochnaithe a bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe dá bhforáiltear sa cholún “Monaróir feithiclí” den chéad tábla i gCuid B d’Iarscríbhinn IV maidir leo;
(u)
maidir le feithiclí de chatagóir M, cód an aitheantóra monaróra dhomhanda (WMI) ina bhfuil trí charachtar, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid 2, Roinn A, pointe 2.2., a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 (1) ón gCoimisiún, de chuid an mhonaróra feithicle iomláine nó lánchríochnaithe dá dtagraítear i bpointe (t). I gcás inar “9” an tríú carachtar den chód WMI, sa bhreis air sin an tríú, an ceathrú agus an cúigiú carachtar sa chuid táscaire feithicle, a shanntar chun an monaróir sin a shainaithint i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid 2, Roinn A, pointe 2.2.3., a ghabhann leis an Rialachán sin.
▼M1
CUID B: SONRAÍ ATÁ LE TUAIRISCIÚ AG MONARÓIRÍ AGUS EINTITIS EILE
I gcomhréir le hAirteagal 13b den Rialachán seo, tuairisceoidh gach tuairisceoir na sonraí seo a leanas maidir leis na feithiclí tromshaothair sin, a bhfuil sé d’oibleagáid air Comhad Taifead an Mhonaróra (MRF) nó Comhad Faisnéise na Feithicle (VIF) a tháirgeadh ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.
▼C2
Maidir le feithiclí tromshaothair dá dtagraítear i gCuid A, pointí (r) agus (s) d’Iarscríbhinn IV, cuirfidh an monaróir dá dtagraítear in Airteagal 7a an Coimisiún ar an eolas freisin i gcomhréir le hAirteagal 3a(4) agus (5), mura bhfuil feithicil tromshaothair, atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3a(1), (2) agus (3) murach sin, díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin.
▼M1
|
Catagóirí feithiclí / foghrúpaí feithiclí
|
Tuairisceoirí
|
|
Monaróir na príomhfheithicle ()
|
Monaróir na feithicle eatramhaí ()
|
Monaróir feithiclí () ()
|
Seirbhís theicniúil ainmnithe ()
|
|
N / gach ceann
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
M / gach ceann
|
maidir leis an bpríomhfheithicil.
|
Ní bhaineann le hábhar
|
maidir leis an bhfeithicil iomláin nó lánchríochnaithe.
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
O / gach ceann
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
|
(1)
Airteagal 3, pointe (29), de Rialachán (AE) 2017/2400.
(2)
Airteagal 3, pointe (31) de Rialachán (AE) 2017/2400.
(3)
Airteagal 3, pointe (4a) de Rialachán (AE) 2017/2400.
(4)
Comhad Taifead an Mhonaróra (MRF), Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2017/2400.
(5)
Comhad Faisnéise na Feithicle (VIF), Airteagal 3, pointe (25), de Rialachán (AE) 2017/2400.
(6)
Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.
(7)
Comhad Taifead an Mhonaróra (MRF), Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.
(8)
Airteagal 8(6) agus(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.
►M4
(9)
Mar a shonraítear sa tábla dar teideal “Faisnéis bhreise”.
◄
|
▼M4
|
Faisnéis bhreise
|
|
Uimh.
|
Paraiméadar faireacháin
|
Foinse (1)
|
Catagóirí feithiclí a bhfuil feidhm ag an bparaiméadar faireacháin maidir leo (2)
|
|
15
|
Déantús (trádainm an mhonaróra)
|
|
Gach ceann
|
|
24
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra tras-seolta (3)
|
Pointe 0.4 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
25
|
Déantús (trádainm an mhonaróra tras-seolta) (3)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
32
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra acastóra (3)
|
Pointe 0.4 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
33
|
Déantús (trádainm an mhonaróra acastóra) (3)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
39
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra bonn
|
Pointe 1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
40
|
Déantús (trádainm an mhonaróra bonn)
|
Pointe 3 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
72
|
Uimhir an cheadúnais chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú
|
|
Gach ceann
|
|
75
|
Astaíocht maise CO2 an innill le linn WHTC (4) (g/kWh)
|
Pointe 1.4.2 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.2 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 (5) ón gCoimisiún, cibé acu is infheidhme
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
76
|
Ídiú breosla an innill le linn WHTC (g/kWh) (6)
|
Pointe 1.4.2 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.2 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011, cibé acu is infheidhme
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
77
|
Astaíocht maise CO2 an innill le linn WHSC (7) (g/kWh)
|
Pointe 1.4.1 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.1 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011, cibé acu is infheidhme
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
78
|
Ídiú breosla an innill le linn WHSC (g/kWh) (6)
|
Pointe 1.4.1 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.1 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011, cibé acu is infheidhme
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
101
|
Maidir le feithiclí tromshaothair a bhfuil dáta ionsamhlúcháin acu ón 1 Iúil 2020, uimhir chineálcheadaithe an innill
|
Pointe 1.2.1 den aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, 6 nó 7 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011, cibé acu is infheidhme
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
102
|
Maidir le feithiclí tromshaothair a bhfuil dáta ionsamhlúcháin acu ón 1 Iúil 2021, an comhad luachanna camógdheighilte a bhfuil an t-ainm céanna air agus atá ar an gcomhad poist agus ar a bhfuil iarmhír.vsum arb é atá ann na torthaí comhiomlánaithe in aghaidh na próifíle misin ionsamhlaithe agus choinníoll an phálasta
|
Comhad arna ghiniúint ag an uirlis ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2400 ina leagan de chomhéadan grafach úsáideora (GUI)
|
Gach ceann
|
|
103
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra innill dócháin inmheánaigh
|
Pointe 0.5 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
104
|
Déantús (trádainm an mhonaróra innill dócháin inmheánaigh)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
105
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra córais meaisín leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta feithicle leictrí hibridí de chineál 1 (3)
|
Pointe 0.5 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
Catagóir O.
|
|
106
|
Déantús (trádainm an mhonaróra córais meaisín leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta feithicle leictrí hibridí de chineál 1) (3)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
107
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra breosla-cheall (3)
|
Pointe 0.5 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
108
|
Déantús (trádainm an mhonaróra breosla-cheall) (3)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin.
|
|
109
|
Ainm agus seoladh an mhonaróra córais stórála fuinnimh leictrigh (3)
|
Pointe 0.5 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
110
|
Déantús (trádainm an mhonaróra córais stórála fuinnimh leictrigh) (3)
|
Pointe 0.1 den tsamhail de dheimhniú comhpháirte, d’aonad teicniúil ar leithligh nó de chóras d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
|
Catagóir N;
Catagóir M: an phríomhfheithicil amháin;
Catagóir O.
|
|
111
|
An bhfuil inneall dócháin inmheánaigh ann chun an t-aonad cuisniúcháin a chumhachtú? (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
112
|
Comhéifeacht K (W/m2-K)
|
Pointe 7.2.4 den tsamhail de dheimhniú comhlíontachta an trealaimh leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí meatacha agus maidir leis an trealamh speisialta atá le húsáid i ndáil leis an iompar sin (ATP) (8), a shonraítear in Iarscríbhinn 1, Foscríbhinn 3, a ghabhann leis an gComhaontú
|
Catagóir O (9).
|
|
113
|
An bhfuil urlár beo gníomhraithe ann? (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
114
|
Leantóir ar mó ná 3.5 airde inmheánach na cabhlach aige, mar a shainmhínítear i bpointe 1(4) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
115
|
An bhfuil an dara hurlár ann a chlúdaíonn níos mó ná 50 % d’fhad inmheánach chabhail an leantóra, mar a shainmhínítear i bpointe 1(5) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362? (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
116
|
Deimhniú iompair traschórais ar bóthar agus ar iarnród de réir Bhileog UIC 596-5 (10) nó Bhileog UIC 597 (11) (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
117
|
Deimhniú iompair traschórais ar bóthar agus ar bhád farantóireachta de réir MSC.479(102) (12) (tá/níl)
|
|
Catagóir O.
|
|
118
|
Uimhir an deimhnithe ADR ar cheadú le haghaidh leantóirí EX/III
|
Pointe 1 den tsamhail le haghaidh deimhniú ar cheadú d’fheithiclí a iompraíonn earraí contúirteacha áirithe a shonraítear i gCuid 9, Caibidil 9.1, pointe 9.1.3.5 den Chomhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) (13).
|
Catagóir O (14).
|
|
119
|
Faisnéis maidir le teicneolaíochtaí feithicle sonracha nach gcumhdaítear le haon ceann de na paraiméadair faireacháin thuas (roghnach)
|
|
Gach ceann (15)
|
(1)
I gcás ina n-úsáidtear luachanna caighdeánacha le haghaidh comhpháirte, aonad teicniúil faoi leith nó córais dá dtagraíonn paraiméadar faireacháin chun na hastaíochtaí CO2 a chinneadh faoi Rialachán (AE) 2017/2400 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 in ionad luachanna deimhnithe, déanfaidh tuairisceoirí tagairt dá ndoiciméadacht inmheánach mar fhoinse an pharaiméadair faireacháin chomhfhreagraigh. I gcás nach sonraítear foinse paraiméadair faireacháin go sainráite, déanfaidh tuairisceoirí tagairt dá ndoiciméadacht inmheánach freisin.
(2)
I gcás nach bhfuil comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh nó córas, nó saintréith theicniúil dá dtagraíonn paraiméadar faireacháin, ag feithicil tromshaothair, ní thuairisceofar an paraiméadar faireacháin comhfhreagrach le haghaidh na feithicle atá i gceist.
(3)
I gcás ina bhfuil comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh nó córais iomadúla den chineál céanna i bhfeithicil tromshaothair arna dtáirgeadh ag monaróirí éagsúla, tuairisceofar an paraiméadar faireacháin le haghaidh gach monaróra.
(4)
Timthriall Díomuan Comhchuibhithe Domhanda.
(5)
Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/582/oj).
(6)
I gcás feithiclí tromshaothair débhreosla, tuairisceofar an paraiméadar faireacháin sin ar leithligh le haghaidh gach breosla a dhearbhaítear le linn an CO2 a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400.
(7)
Timthriall Foistine Comhchuibhithe Domhanda.
(8)
An Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí meatacha agus maidir leis an trealamh speisialta atá le húsáid i ndáil leis an iompar sin (ATP), arna dhéanamh sa Ghinéiv an 1 Meán Fómhair 1970 agus a tháinig i bhfeidhm an 21 Samhain 1976, arna leasú.
(9)
Ní thuairisceofar an paraiméadar sin ach amháin le haghaidh leantóirí ag a bhfuil deimhniú comhlíontachta ATP.
(10)
Bileog UIC 596-5 Semi-trailers for grab handling [Leathleantóirí le haghaidh láimhseáil alpairí].
(11)
Bileog UIC 597 Semi-trailers on bogies [Leathleantóirí ar bhógaithe].
(12)
Rún IMO MSC.479(102) (arna ghlacadh an 11 Samhain 2020), Revised Guidelines for Securing Arrangements for the Transport of Road Vehicles on Ro-Ro Ships [Treoirlínte Athbhreithnithe maidir leis na Socruithe um Dhaingniú le haghaidh Iompar Feithiclí Bóthair ar Longa RóRó].
(13)
An Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), arna dhéanamh sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957 agus a tháinig i bhfeidhm an 29 Eanáir 1968, arna leasú.
(14)
Ní thuairisceofar an paraiméadar sin ach amháin le haghaidh leantóirí EX/III ag a bhfuil deimhniú ADR ar cheadú.
(15)
Féadfar an paraiméadar sin a thuairisciú ar bhonn roghnach le haghaidh feithiclí ag a bhfuil teicneolaíochtaí feithicle sonracha nach gcumhdaítear le haon pharaiméadar faireacháin eile chun gur féidir iad a shainaithint.
|
▼M1
CUID C: RAONTA LUACH CÚLTARRAINGTHE AEIR (CDXA) CHUN CRÍCHE FOILSITHE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 13c
▼M4
Chun an luach CdxA i gcomhad taifead an mhonaróra a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 13c, bainfidh an Coimisiún úsáid as na raonta a shainmhínítear sa tábla seo a leanas ina bhfuil an raon comhfhreagrach le gach luach CdxA:
▼M1
|
Raon
|
luach CdxA [m2]
|
|
Min CdxA (CdxA ≥ min CdxA)
|
Max CdxA (CdxA < MaxCdxA)
|
|
A1
|
0,00
|
3,00
|
|
A2
|
3,00
|
3,15
|
|
A3
|
3,15
|
3,31
|
|
A4
|
3,31
|
3,48
|
|
A5
|
3,48
|
3,65
|
|
A6
|
3,65
|
3,83
|
|
A7
|
3,83
|
4,02
|
|
A8
|
4,02
|
4,22
|
|
A9
|
4,22
|
4,43
|
|
A10
|
4,43
|
4,65
|
|
A11
|
4,65
|
4,88
|
|
A12
|
4,88
|
5,12
|
|
A13
|
5,12
|
5,38
|
|
A14
|
5,38
|
5,65
|
|
A15
|
5,65
|
5,93
|
|
A16
|
5,93
|
6,23
|
|
A17
|
6,23
|
6,54
|
|
A18
|
6,54
|
6,87
|
|
A19
|
6,87
|
7,21
|
|
A20
|
7,21
|
7,57
|
|
A21
|
7,57
|
7,95
|
|
A22
|
7,95
|
8,35
|
|
A23
|
8,35
|
8,77
|
|
A24
|
8,77
|
9,21
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|