+IARSCRÍBHINN II Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh

IARSCRÍBHINN II Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh




IARSCRÍBHINN II

Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh

(dá dtagraítear in Airteagal 3)



An Treoir seo Airteagal 3

Táscairí éigeantacha

Táscairí roghnacha

(a)  Forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí agus tithíocht shóisialta)

— de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

— foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de

— foirgnimh is neamhfheidhmiúla (lena n-áirítear sainmhíniú)

— an 43 % is neamhfheidhmiúla

— de na foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad meastachán ar sciar na bhfoirgneamh atá díolmhaithe de bhun Airteagal 9(6), pointe (b)

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2):

— de réir aois an fhoirgnimh

— de réir mhéid an fhoirgnimh

— in aghaidh an limistéir aeráide

— scartáil (líon agus achar urláir iomlán (m2))

Líon na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh:

— in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí)

— in aghaidh aicme feidhmíochta fuinnimh

Líon na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh:

— in aghaidh na tréimhse foirgníochta

Rátaí athchóirithe bliantúla: líon agus achar urláir iomlán (m2)

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

— go dtí leibhéil foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus/nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha

— in aghaidh na doimhneachta athchóirithe (meán-athchóiriú ualaithe)

— foirgnimh phoiblí

 

Tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil agus deiridh (ktoe):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

— in aghaidh na húsáide deiridh

Coigiltis fuinnimh (ktoe):

— foirgnimh chónaithe

— foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

— foirgnimh phoiblí

Meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) le haghaidh foirgnimh chónaithe

Sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála (MW suiteáilte nó GWh ginte):

— le haghaidh úsáidí éagsúla

Laghdú ar chostais fuinnimh (EUR) in aghaidh an teaghlaigh (meán)

Úsáid fuinnimh phríomhúil foirgnimh a chomhfhreagraíonn don 15 % is airde (tairseach rannchuidithe shubstaintiúil) agus an 30 % is airde (gan an tairseach le haghaidh dochar suntasach a dhéanamh) den stoc náisiúnta foirgneamh, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139

Sciar de chóras téimh san earnáil tógála in aghaidh an chineáil coire/córas téimh

Sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála (MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint):

— ar an láthair

— as an láthair

Astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla bliantúla (kgCO2eq/(m2.y):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Laghdú bliantúil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla (kgCO2eq/(m2.y):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

GWP ar feadh saolré (kgCO2eq/m2) i bhfoirgnimh nua:

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

— dreasachtaí deighilte

— acmhainneacht na hearnála tógála agus na hearnála fuinnimh

Measúnú ar na hacmhainneachtaí san earnáil tógála, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh agus in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

— riaracháin

— airgeadais

— teicniúil

— feasacht

— eile

An líon:

— cuideachtaí seirbhíse fuinnimh

— cuideachtaí tógála

— ailtirí agus innealtóirí

— oibrithe oilte

— ionad ilfhreastail

— FBManna san earnáil tógála/athchóirithe

— comhphobal fuinnimh in-athnuaite agus tionscnamh athchóirithe faoi stiúir na saoránach

Réamh-mheastacháin an lucht saothair tógála:

— ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte atá ag dul ar scor

— ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte atá ag teacht isteach sa mhargadh

— daoine óga san earnáil

— mná san earnáil

Forléargas agus réamhaisnéis ar éabhlóid na bpraghsanna ar ábhair thógála agus ar fhorbairtí sa mhargadh náisiúnta

Bochtaineacht fuinnimh (sainmhíniú):

— % de na daoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu

— an cion d’ioncam indiúscartha teaghlaigh a chaitear ar fhuinneamh

— daonra ina gcónaí faoi dhálaí cónaithe nach bhfuil sách maith (e.g. díon ag sileadh) nó le dálaí compoird theirmigh nach bhfuil sách maith

 

Príomhfhachtóirí fuinnimh:

— in aghaidh an iompróra fuinnimh

— fachtóir fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite

— príomhfhachtóir fuinnimh in-athnuaite

— fachtóir fuinnimh phríomhúil iomlán

 

Sainmhíniú ar fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de d“fhoirgnimh nua agus d”fhoirgnimh atá ann cheana féin

Forléargas ar an gcreat dlíthiúil agus riaracháin

Ceanglais íosta le haghaidh feidhmíochta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de le haghaidh foirgneamh nua agus foirgneamh atá ann cheana féin

 

(b)  Treochlár le haghaidh 2030, 2040, 2050

Spriocanna do rátaí athchóirithe bliantúla: líon agus achar urláir iomlán (m2):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

— foirgnimh is neamhfheidhmiúla

— an 43 % is neamhfheidhmiúla

De na foirgnimh chónaithe Eolas de bhun Airteagal 9(1):

— critéir chun foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhú

— sciar measta na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad díolmhaithe

— meastachán ar fheabhsuithe coibhéiseacha ar fheidhmíocht fuinnimh mar gheall ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad dhíolmhaithe

Spriocanna le haghaidh sciar ionchasach (%) d’fhoirgnimh athchóirithe:

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

— in aghaidh na doimhneachta athchóirithe

Spriocanna don tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil agus deiridh a bhfuiltear ag súil leis (ktoe):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

— in aghaidh na húsáide deiridh

An coigilteas fuinnimh measta:

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 15a de Threoir (AE) 2018/2001

Spriocanna uimhriúla maidir le grianfhuinneamh a chur in úsáid i bhfoirgnimh

An sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála (MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint)

Spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla measta (kgCO2eq/(m2.y):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla measta (%):

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Foroinnt idir astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III [suiteálacha do-aistrithe], Caibidil IVa [córas trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus d’earnálacha breise] de Threoir 2003/87/CE, agus stoc eile;

Spriocanna measta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine (kgCO2eq/(m2.y) i bhfoirgnimh nua:

— in aghaidh an chineáil foirgnimh

Na sochair mheasta níos leithne:

— Laghdú % ar na daoine a bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh orthu

— Poist nua a chruthú

— Méadú ar OTI (scair agus billiún Euro)

Rannchuidiú an Bhallstáit le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 atá inchurtha i leith athchóiriú a stoic foirgneamh (sciar agus figiúr ktoe)

 

Rannchuidiú an Bhallstáit le spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 atá inchurtha i leith athchóiriú stoic foirgneamh (sciar, MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint)

 

(c)  Forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)  cuir chuige chostéifeachtacha i leith athchóiriú a shainaithint le haghaidh cineálacha éagsúla foirgneamh agus criosanna aeráide, ag féachaint do na truicphointí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann i saolré an fhoirgnimh;

(b)  íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh náisiúnta de bhun Airteagal 9 agus beartais agus gníomhaíochtaí eile chun díriú ar na codanna is neamhfheidhmiúla den stoc náisiúnta foirgneamh, lena n-áirítear na coimircí dá dtagraítear in Airteagal 17(19);

(c)  athchóiriú domhain foirgneamh, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach a chur chun cinn;

(d)  custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791, agus inacmhainneacht tithíochta;

(e)  ionaid ilfhreastail nó sásraí dá samhail a chruthú de bhun Airteagal 18 chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar;

(f)  téamh agus fuarú a dhícharbónú, lena n-áirítear trí ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair, agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú d’fhonn deireadh iomlán a chur le coirí breosla iontaise faoi 2040;

(g)  dramhaíl tógála agus scartála a chosc agus cóireáil ar ardcháilíocht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, go háirithe a mhéid a bhaineann le hord na réiteach dramhaíola, agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh;

(h)  foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn i bhfoirgnimh i gcomhréir leis an sprioc tháscach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála a leagtar síos in Airteagal 15a(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(i)  suiteálacha grianfhuinnimh a chur in úsáid ar fhoirgnimh;

(j)  an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine chun foirgnimh a fhoirgniú, a athchóiriú, a oibriú agus a chríochnú, agus chun glacadh le haistrithe carbóin;

(k)  cur chuige an cheantair agus na comharsanachta agus cláir athchóirithe chomhtháite a chur chun cinn ar leibhéal an cheantair, lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna mar shampla fuinneamh, soghluaisteacht, bonneagar glas, cóireáil dramhaíola agus uisce agus gnéithe eile den phleanáil uirbeach agus lena bhféadfar acmhainní áitiúla agus réigiúnacha, ciorclaíocht agus leordhóthanacht a chur san áireamh;

(l)  feabhsú foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791;

(m)  teicneolaíochtaí cliste agus bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh a chur chun cinn;

(n)  aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh;

(o)  aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus oideachas, oiliúint spriocdhírithe, uas-sciliú agus athsciliú a chur chun cinn san earnáil tógála, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh agus san earnáil fuinnimh in-athnuaite (poiblí nó príobháideach), d’fhonn a áirithiú go mbeidh go leor oibrithe ann ag a bhfuil an leibhéal iomchuí scileanna a chomhfhreagraíonn do na riachtanais san earnáil tógála, agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí atá faoi ghannionadaíocht;

(p)  feachtais ardaithe feasachta agus uirlisí comhairleacha eile; agus

(q)  réitigh mhodúlacha agus thionsclaithe chun tógáil agus athchóiriú foirgneamh a chur chun cinn.

I gcás gach beartais agus birt:

— ainm an bheartais nó an bhirt

— tuairisc ghairid (raon feidhme beacht, cuspóir agus coinníollacha oibríochta)

— cuspóir cainníochtaithe

— cineál beartais nó birt (mar shampla beartas nó beart reachtach; eacnamaíoch; fioscach; oiliúint, feasacht)

— an buiséad agus foinsí maoinithe atá beartaithe

— eintitis atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme

— an tionchar a bhfuiltear ag súil leis

— stádas cur chun feidhme

— dáta teacht i bhfeidhm

— tréimhse chur chun feidhme

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)  athléimneacht foirgneamh ó thaobh aeráide de a mhéadú;

(b)  an margadh seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn;

(c)  méadú ar shábháilteacht ó dhóiteán;

(d)  athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaiste a mhéadú, lena n-áirítear priacail a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach;

(e)  substaintí guaiseacha a bhaint, lena n-áirítear aispeist;

(f)  inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(g)  ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach i gcuir chuige ceantair agus comharsanachta;

(h)  aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna in acmhainneachtaí an duine; agus

(i)  aghaidh a thabhairt ar cháilíocht na timpeallachta laistigh a fheabhsú.

I gcás gach beartais agus birt:

— acmhainní agus acmhainneachtaí riaracháin

— an réimse/na réimsí a chumhdaítear

— is neamhfheidhmiúla

— íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

— bochtaineacht fuinnimh, tithíocht shóisialta

— foirgnimh phoiblí

— cónaitheach (teaghlach aonair, ilchlann)

— foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

— tionscal

— foinsí in-athnuaite fuinnimh

— deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú

— astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine

— an geilleagar ciorclach agus dramhaíl

— ionaid ilfhreastail

— pasanna athchóirithe

— teicneolaíochtaí cliste

— soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh

— cur chuige ceantair agus comharsanachta

— scileanna, oiliúint

— feachtais feasachta agus uirlisí comhairleacha

(d)  Achoimre ar na riachtanais infheistíochta, ar na foinsí buiséadacha agus ar na hacmhainní riaracháin

— riachtanais iomlána infheistíochta le haghaidh 2030, 2040, 2050 (EUR milliún)

— infheistíochtaí poiblí (EUR milliún)

— infheistíochtaí príobháideacha (EUR milliún)

— acmhainní buiséadacha

 

(e)  Tairseacha le haghaidh foirgnimh astaíochtaí nialasacha nua agus athchóirithe, dá dtagraítear in Airteagal 11

— tairseacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha nua;

— tairseacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha athchóirithe;

— tairseacha d’úsáid fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha nua;

— tairseacha d’úsáid fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha athchóirithe

 

(f)  Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

— uastairseacha feidhmíochta fuinnimh, de bhun Airteagal 9(1)

 

(g)  Conair náisiúnta chun an stoic foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile

— an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile, lena n-áirítear garspriocanna 2030 agus 2035 le haghaidh meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y), de bhun Airteagal 9(2)

 

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.