+Airteagal 11 Coinníollacha maidir le CLF, SFA, SSA agus SManna a sholáthar agus maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar le haghaidh rialú ascnaimh agus aeradróim
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
---+Airteagal 11 7
---+Airteagal 11 8
|
Airteagal 11 Coinníollacha maidir le CLF, SFA, SSA agus SManna a sholáthar agus maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar le haghaidh rialú ascnaimh agus aeradróim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Gan dochar do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), i gcás inarb infheidhme, féadfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe a chinneadh CLF, SFA nó SSA, nó seirbhísí SManna a fháil i gcásanna nár ainmnigh na Ballstáit soláthraí SManna i gcomhréir le hAirteagal 10, faoi dhálaí an mhargaidh, lena n-áirítear trí bhíthin soláthairtí poiblí, nó cineálacha eile comhaontuithe i gcásanna nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin, agus cásanna sonracha á gcur san áireamh, amhail gan réiteach a bheith ar fáil ar an margadh agus breithnithe a bhaineann le leas an phobail.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoirí aerfoirt nó do ghrúpa oibreoirí aerfoirt seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú aeradróim agus/nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh a fháil faoi dhálaí an mhargaidh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hoibreoirí aerfoirt údar cuí a thabhairt go mbeifear in ann gnóthachain a bhaint amach i gcáilíocht na seirbhíse chun tairbhe úsáideoirí aerspáis, agus an leibhéal sábháilteachta is gá á choinneáil ag an am céanna.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. I gcás ina gceadaítear an soláthar dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh an t-oibreoir aerfoirt ábhartha nó grúpa oibreoirí aerfoirt ábhartha go n-áireofar ceanglais maidir le cáilíocht seirbhíse sna ceanglais theicniúla atá sna sonraíochtaí tairisceana. Ainmneoidh na Ballstáit an soláthraí seirbhísí arna roghnú mar thoradh ar an soláthar dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. I gcás ina bhfaightear seirbhísí aerloingseoireachta faoi dhálaí an mhargaidh, is i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta, mar aon le prionsabail na bhforálacha is infheidhme den Chonradh agus i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, i gcás inarb infheidhme, a dhéanfar na nósanna imeachta soláthair maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a fháil.
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go n-urramófar le soláthar seirbhísí aerthráchta faoi bhealach an ceanglas a bhaineann le cuntais ar leithligh a choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 36(3).
Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, déanfaidh an Ballstát ábhartha bearta iomchuí chun tras-fhóirdheonú le seirbhísí aerloingseoireachta eile a sheachaint.
|
|
Airteagal 11 6
|
6. Ní fhéadfar soláthraí CLF, SFA, SSA, SManna nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú aeradróim nó rialú ascnaimh a roghnú agus más iomchuí, a ainmniú chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát ach amháin mar thoradh ar sholáthar de bhun mhír 1, 2 nó 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a)
|
beidh deimhniú bailí aige de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 nó beidh dearbhú bailí aige de bhun Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
beidh a phríomháit ghnó suite ar chríoch Ballstáit;
|
|
(c)
|
beidh níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh sé á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, ach amháin mar a fhoráiltear i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an tAontas; agus
|
|
(d)
|
comhlíonfaidh sé na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta.
|
De mhaolú ar an mhír seo, aon soláthraí seirbhísí satailíte domhanda ar tugadh deimhniú dó de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun seirbhísí a sholáthar san Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar é a roghnú chun seirbhísí a sholáthar san Aontas fiú mura gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c).
|
|
Airteagal 11 7
|
7. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 23, 24, 25 agus 27 ná ag na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis na hAirteagail sin dá dtagraítear in Airteagal 28 maidir leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n-ainmniú mar thoradh ar nós imeachta soláthair arna dhéanamh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Soláthróidh na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann sonraí faoi fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), agus i réimse na sábháilteachta don údarás maoirseachta náisiúnta. Soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún gan mhoill.
|
|
Airteagal 11 8
|
8. Gan dochar do Threoir 2014/25/AE nó 2014/24/AE, an chéad uair a dhéantar seirbhís aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh nó aeradróim a fháil ag aerfort ar leith i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus i gcás ina mbeadh gá le hathrú ar shonraíochtaí tairisceana mar gheall ar choinníollacha fíor-riachtanacha, áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar na ceanglais theicniúla maidir le cáilíocht seirbhíse a áirítear sna sonraíochtaí tairisceana le haghaidh na seirbhíse sonraí lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|