+Airteagal 12 Seirbhísí coiteanna faisnéise a sholáthar
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6

Airteagal 12 Seirbhísí coiteanna faisnéise a sholáthar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1

1.   I gcás ina soláthraítear SCFanna, léireoidh na sonraí a scaiptear an tsláine agus an cháilíocht is gá chun a áirithiú go gcumasófar na seirbhísí a sholáthar go sábháilte agus go slán i dtaca le bainistíocht thrácht na n-aerárthaí gan foireann ar bhealach ina gcumasaítear úsáid chomhroinnte an aerspáis in éineacht le haerárthaí le foireann.

Airteagal 12 2

2.   Comhlíonfaidh an soláthraí SCFanna na ceanglais charnacha seo a leanas:

(a)

comhlíonfaidh sé na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta;

(b)

beidh a phríomháit gnó suite ar chríoch Ballstáit; agus

(c)

beidh níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh sé á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú le tríú tír is comhaontú ar páirtí ann an tAontas.

Airteagal 12 3

3.   I gcás ina ndéanann soláthraí SCF aonair arna ainmniú ag an mBallstát SCFanna a sholáthar i leith aerspás U-Space sonrach, beidh praghas na seirbhísí sin bunaithe ar na costais sheasta agus athraitheacha a bhaineann leis an tseirbhís lena mbaineann a sholáthar agus féadfar a áireamh ann, ina theannta sin, marcáil suas lena léirítear comhbhabhtáil iomchuí idir riosca agus toradh. I gcás nach soláthraíonn soláthraí SCF aonair SCFanna, soláthrófar an SCF aonair saor in aisce.

Airteagal 12 4

4.   Leagfar amach na costais ar ar a mbonn a shocraítear an praghas le haghaidh SCFanna i gcuntas a bheidh ar leithligh ó na cuntais a bhaineann le haon ghníomhaíochtaí eile de chuid an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann agus a mbeidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann air. Cuirfear na costais sin ar fáil go poiblí gan dochar d’Airteagal 52(3).

Airteagal 12 5

5.   Beidh an praghas arna shocrú ag soláthraí SCFanna faoi réir mheasúnú agus fhormheas na n-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Cuirfear praghas seirbhísí den sórt sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 12 6

6.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na sonraí is gá le haghaidh oibriú aerárthach gan foireann in aerspás U-Space ar fáil, ar bhonn neamh-idirdhealaithe, gan dochar don tslándáil náisiúnta, don bheartas poiblí ná do leasanna beartais cosanta. Ní bhainfidh soláthraithe SCFanna ná soláthraithe seirbhíse U-Space úsáid as na sonraí sin ach amháin chun críocha oibríochtúla na seirbhísí a sholáthraíonn siad.

Beidh praghsanna le haghaidh rochtain ar shonraí den sórt sin bunaithe ar na costais bhreise a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil agus ar an gcostas a bhaineann leis na sonraí a ghiniúint, i gcás nach gcumhdaítear na costais deiridh sin faoi Airteagal 30 agus mura n-úsáideann na Ballstáit acmhainní airgeadais eile chun costais den sórt sin a chumhdach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.