+Airteagal 32 Muirir a bhunú
---+Airteagal 32 1
---+Airteagal 32 2
---+Airteagal 32 3
---+Airteagal 32 4
---+Airteagal 32 5
---+Airteagal 32 6
---+Airteagal 32 7
---+Airteagal 32 8

Airteagal 32 Muirir a bhunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1

1.   Toibheofar muirir ar úsáideoirí aerspáis as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, agus acmhainneachtaí táirgeachta coibhneasta na n-aerárthaí éagsúla lena mbaineann á gcur san áireamh. Nuair a dhéantar muirir a fhorchur ar úsáideoirí aerspáis difriúla chun an tseirbhís chéanna a úsáid, ní dhéanfar idirdhealú ar bith i ndáil le náisiúntacht ná catagóir an úsáideora.

Airteagal 32 2

2.   Ríomhfar an muirear faoi bhealach le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta d’eitilt ar leith i limistéar muirearaithe ar bhealach ar leith ar bhonn an ráta aonaid arna bhunú don limistéar muirearaithe ar bhealach sin agus na haonaid seirbhísí faoi bhealach don eitilt sin.

Airteagal 32 3

3.   Ríomhfar an muirear críochfoirt le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta d’eitilt ar leith i limistéar muirearaithe críochfoirt ar leith ar bhonn an ráta aonaid arna bhunú don limistéar muirearaithe críochfoirt sin agus na haonaid seirbhísí críochfoirt don eitilt sin. Chun an muirear críochfoirt a ríomh, measfar gur eitilt aonair atá in ascnamh agus imeacht eitilte.

Airteagal 32 4

4.   Féadfar úsáideoirí áirithe aerspáis nó eitiltí áirithe, go háirithe na cinn a úsáideann aerárthaí éadroma agus aerárthaí stáit nó a oibrítear leis na haerárthaí sin, a dhíolmhú ó mhuirir aerloingseoireachta, ar choinníoll go gcumhdaítear costas na díolúine sin le hacmhainní eile agus nach ngearrtar ar úsáideoirí aerspáis eile í.

Airteagal 32 5

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, le soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus le húsáideoirí aerspáis, staidéar ar an méid a rannchuidíonn modhnú muirear le cuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair, a shainítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119, a bhaint amach. Déanfar measúnú sa staidéar sin freisin ar indéantacht an mhodhnaithe sin agus ar a thionchar ar aerthrácht, ar sholáthar seirbhísí, ar chostais riaracháin agus ar gheallsealbhóirí.

Airteagal 32 6

6.   Le toradh an staidéir dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, soláthrófar an fhaisnéis fhíor-riachtanach don Choimisiún chun a chinneadh ar cheart gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48(3), chun a áirithiú go gcuirfear modhnú muirear faoi bhealach i bhfeidhm go haonfhoirmeach chun úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil mar shampla úsáid an ródúcháin is éifeachtúla ó thaobh breosla de atá ar fáil, úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí tiomána glana malartacha lena n-áirítear breoslaí malartacha inbhuanaithe, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir á choinneáil ag an am céanna.

Airteagal 32 7

7.   Is é a bheidh sa mhodhnú dá dtagraítear i mír 6 buntáistí nó míbhuntáistí airgeadais agus beidh sé neodrach ó thaobh an ioncaim de le haghaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta.

Airteagal 32 8

8.   I dteannta an mhodhnaithe muirear dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh na Ballstáit muirir a mhodhnú chun soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsuithe ar cháilíocht na seirbhísí mar shampla acmhainneacht mhéadaithe, moilleanna laghdaithe agus forbairt inbhuanaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.