+Airteagal 52 Rúndacht
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3

Airteagal 52 Rúndacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1

1.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, ná na húdaráis inniúla náisiúnta, ná an Coimisiún, ná BAF, ná an Bainisteoir Gréasáin, ná an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis de chineál rúnda, go háirithe faisnéis faoi sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, a gcaidreamh gnó nó a ngnéithe costais ná ioncaim, a nochtadh.

Airteagal 52 2

2.   Ní dochar mír 1 do cheart na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus an Choimisiúin faisnéis a nochtadh i gcás ina bhfuil sé seo fíor-riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Sa chás sin, beidh nochtadh den sórt sin comhréireach agus beidh aird aige ar leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na n-úsáideoirí aerspáis, na n-aerfort nó na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ó thaobh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a chosaint.

Airteagal 52 3

3.   Nochtfar go poiblí faisnéis agus sonraí ar a dtugtar rochtain de bhun Airteagail 12(4), 23(10), 24(6), 25(2), 36(3) agus 36(4) nó a thuairiscítear de bhun Airteagal 29(6), go háirithe maidir le costais arna gcinneadh, chomh maith le costais iarbhír, na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe, faoi réir cúrsaí slándála poiblí, cosanta agus míleata nó leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n-áirítear maoin intleachtúil, a chosaint, mura rud é go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.