+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4
---+Airteagal 1 5
---+Airteagal 1 6
---+Airteagal 1 7
---+Airteagal 1 8
---+Airteagal 1 9
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1
|
1. Bunaítear leis an Rialachán seo an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) trí fhoráil a dhéanamh maidir le rialacha comhchoiteanna, caighdeáin chomhchoiteanna, bonneagair chomhchoiteanna agus creat rialachais comhchoiteann d’fhonn rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte a éascú chun críocha úsáid phríomhúil sonraí leictreonacha sláinte agus úsáid thánaisteach na sonraí sin.
|
|
Airteagal 1 2
|
2. Leis an Rialachán seo:
|
(a)
|
sonraítear agus comhlánaítear na cearta atá ag daoine nádúrtha i ndáil le húsáid phríomhúil agus úsáid thánaisteach a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte, arna leagan síos i Rialachán (AE) 2016/679;
|
|
(b)
|
leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le córais ríomhthaifead sláinte (‘córais RTS’) i ndáil le dhá chomhpháirt bogearraí éigeantacha comhchuibhithe, eadhon an chomhpháirt bogearraí idir-inoibritheachta Eorpach do chórais RTS agus an ‘chomhpháirt logála Eorpach do chórais RTS’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointí (n) agus (o), faoi seach, agus d’fheidhmchláir folláine lena maítear a bheith idir-inoibritheach le córais RTS i ndáil leis an dá chomhpháirt bogearraí comhchuibhithe sin i ndáil le húsáid phríomhúil sonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(c)
|
leagtar síos rialacha comhchoiteanna agus sásraí lena dtacaítear le húsáid phríomhúil sonraí leictreonacha sláinte agus úsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(d)
|
bunaítear bonneagar trasteorann lena gcumasófar úsáid phríomhúil sonraí leictreonacha pearsanta sláinte ar fud an Aontais;
|
|
(e)
|
bunaítear bonneagar éigeantach trasteorann le haghaidh úsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(f)
|
bunaítear sásraí rialachais agus comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh úsáid phríomhúil sonraí leictreonacha sláinte agus úsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte.
|
|
|
Airteagal 1 3
|
3. Beidh an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte, ná do chomhroinnt ná d’úsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte, ná do cheanglais an Aontais a bhaineann le próiseáil sonraí i ndáil le sonraí leictreonacha sláinte, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 223/2009 (24), (AE) Uimh. 536/2014 (25), (AE) 2016/679, (AE) 2018/1725, (AE) 2022/868 agus (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2002/58/CE (26) agus (AE) 2016/943 (27) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
|
Airteagal 1 4
|
4. Tuigfear freisin gurb ionann tagairtí sa Rialachán seo d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus tagairtí d’fhorálacha comhfhreagracha Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás inarb ábhartha, maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
|
|
Airteagal 1 5
|
5. Beidh an Rialachán seo gan dochar do Rialacháin (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 agus (AE) 2024/1689, a mhéid a bhaineann le sláine feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus córais intleachta saorga (IS) lena n-idirghníomhaítear le córais RTS.
|
|
Airteagal 1 6
|
6. Beidh an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le próiseáil sonraí leictreonacha sláinte chun críocha tuairiscithe, rochtain ar iarrataí ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó comhlíonadh oibleagáidí dlíthiúla nó dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a léiriú nó a fhíorú maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla a dheonú agus doiciméid oifigiúla a nochtadh.
|
|
Airteagal 1 7
|
7. Beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear do rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte le haghaidh tuilleadh próiseála ag comhlachtaí na hearnála poiblí de chuid na mBallstát, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, nó ag eintitis phríobháideacha ar cuireadh de chúram orthu leas an phobail faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, chun an cúram sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 1 8
|
8. Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte le haghaidh úsáid thánaisteach arna comhaontú faoi chuimsiú socruithe conarthacha nó riaracháin idir eintitis phoiblí nó phríobháideacha.
|
|
Airteagal 1 9
|
9. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina ndéantar an phróiseáil le linn gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;
|
|
(b)
|
i gcás ina ndéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|