+Airteagal 48 Idir-inoibritheacht feidhmchlár folláine le córais RTS
---+Airteagal 48 1
---+Airteagal 48 2

Airteagal 48 Idir-inoibritheacht feidhmchlár folláine le córais RTS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1

1.   Féadfaidh monaróirí feidhmchlár folláine idir-inoibritheacht le córas RTS a mhaíomh, ar choinníoll go gcomhlíontar na sonraíochtaí coiteanna ábhartha agus na ceanglais riachtanacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 36 agus in Iarscríbhinn II, faoi seach. I gcás maíomh den sórt sin, cuirfidh na monaróirí sin na húsáideoirí ar an eolas go cuí faoi idir-inoibritheacht feidhmchlár folláine den sórt sin agus faoi éifeachtaí na hidir-inoibritheachta sin.

Airteagal 48 2

2.   Ní bheidh i gceist le hidir-inoibritheacht na bhfeidhmchlár folláine le córais RTS comhroinnt uathoibríoch na sonraí sláinte uile nó cuid de na sonraí sláinte ón bhfeidhmchlár folláine, nó tarchur uathoibríoch na sonraí sláinte uile nó cuid de na sonraí sláinte, leis an gcóras RTS. Ní fhéadfar na sonraí sin a chomhroinnt ná a tharchur ach amháin má tá sé i gcomhréir le hAirteagal 5 agus tar éis don duine nádúrtha lena mbaineann toiliú a thabhairt agus beidh an idir-inoibritheacht teoranta go heisiach chun na gcríoch sin. Na monaróirí feidhmchlár folláine a mhaíonn go bhfuil siad idir-inoibritheach le córas RTS, áiritheoidh siad go mbeidh an duine nádúrtha lena mbaineann in ann na catagóirí sonraí sláinte ón bhfeidhmchlár folláine atá le cur isteach sa chóras RTS agus an imthoisc do chomhroinnt nó tarchur na gcatagóirí sonraí sin a roghnú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.