+Airteagal 51 Catagóirí íosta sonraí leictreonacha le haghaidh úsáid thánaisteach
---+Airteagal 51 1
---+Airteagal 51 2
---+Airteagal 51 3
---+Airteagal 51 4

Airteagal 51 Catagóirí íosta sonraí leictreonacha le haghaidh úsáid thánaisteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 51 1

1.   Cuirfidh sealbhóirí sonraí sláinte na catagóirí seo a leanas de shonraí leictreonacha ar fáil le haghaidh úsáid thánaisteach i gcomhréir leis an gCaibidil seo:

(a)

sonraí leictreonacha sláinte ó RTSanna;

(b)

sonraí maidir le tosca a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte, lena n-áirítear deitéarmanaint shocheacnamaíocha, chomhshaoil agus iompraíochta na sláinte;

(c)

sonraí comhiomlánaithe maidir le riachtanais cúraim sláinte, acmhainní arna leithdháileadh ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain air, caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú;

(d)

sonraí maidir le pataiginí a bhfuil tionchar acu ar shláinte an duine;

(e)

sonraí riaracháin a bhaineann le cúram sláinte, lena n-áirítear sonraí maidir le dáiltí, éilimh aisíocaíochta agus aisíocaíochtaí;

(f)

sonraí géiniteacha daonna, eipeagéanómaíocha agus géanómaíocha;

(g)

sonraí móilíneacha eile de chuid an duine amhail sonraí próitéamaíocha, tras-scríobhamaíocha, meitibileacha, lipidéimeacha agus sonraí ómaíocha eile;

(h)

sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a ghintear go huathoibríoch, trí fheistí leighis;

(i)

sonraí ó fheidhmchláir folláine;

(j)

sonraí maidir le stádas gairmiúil, agus maidir le speisialtóireacht agus institiúid gairmithe sláinte a bhfuil baint acu le cóireáil duine nádúrtha nó le taighde;

(k)

sonraí ó chlárlanna sonraí sláinte daonra-bhunaithe (amhail clárlanna sláinte poiblí);

(l)

sonraí ó fheistí leighis agus clárlanna básmhaireachta;

(m)

sonraí ó thrialacha cliniciúla, staidéir chliniciúla, imscrúduithe cliniciúla agus imscrúdaithe feidhmíochta atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 536/2014, Rialachán (AE) 2024/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), Rialachán (AE) 2017/745 agus Rialachán (AE) 2017/746;

(n)

sonraí sláinte eile ó fheistí leighis;

(o)

sonraí ó chlárlanna de tháirgí íocshláinte agus feistí leighis;

(p)

sonraí ó chohóirt taighde, ceistneoirí agus suirbhéanna a bhaineann leis an tsláinte, tar éis na torthaí gaolmhara a fhoilsiú den chéad uair;

(q)

sonraí sláinte ó bhithbhainc agus ó bhunachair sonraí lena mbaineann.

Airteagal 51 2

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta go bhfuil catagóirí breise de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte le cur ar fáil le haghaidh úsáid thánaisteach de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 51 3

3.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú maidir le próiseáil agus úsáid sonraí leictreonacha sláinte ina bhfuil feabhsuithe a bhaineann le próiseáil na sonraí sin, amhail ceartú, anótáil nó saibhriú, bunaithe ar chead sonraí de bhun Airteagal 68.

Airteagal 51 4

4.   Féadfaidh na Ballstáit bearta níos déine agus coimircí breise a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta arb é is aidhm dóibh íogaireacht agus luach na sonraí a thagann faoi mhír 1, pointí (f), (g), (i) agus (q) a chosaint. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na bearta agus coimircí sin don Choimisiún agus, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.