+Airteagal 59 Tuairisciú ó chomhlachtaí rochtana sonraí sláinte
---+Airteagal 59 1
---+Airteagal 59 2
|
Airteagal 59 Tuairisciú ó chomhlachtaí rochtana sonraí sláinte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1
|
1. Foilseoidh gach comhlacht rochtana sonraí sláinte, gach dara bliain, tuarascáil ar ghníomhaíochtaí agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin í. Má ainmníonn Ballstát níos mó ná comhlacht rochtana sonraí sláinte amháin, beidh an comhlacht comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(1) freagrach as an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí agus iarrfaidh sé an fhaisnéis is gá ó na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte eile. Beidh struchtúr na tuarascála sin ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le struchtúr a chomhaontaigh Bord EHDS de bhun Airteagal 94(2), pointe (d), agus beidh na catagóirí faisnéise seo a leanas ar a laghad inti:
|
(a)
|
faisnéis a bhaineann leis na hiarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus na hiarrataí ar shonraí sláinte a cuireadh isteach, amhail na cineálacha iarratasóirí ar shonraí sláinte, líon na gceadanna sonraí arna n-eisiúint nó arna ndiúltú, catagóirí chríocha na rochtana agus catagóirí na sonraí leictreonacha sláinte ar a bhfuarthas rochtain, agus achoimre ar thorthaí úsáidí na sonraí leictreonacha sláinte, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(b)
|
faisnéis faoina mhéid a chomhlíonann úsáideoirí sonraí sláinte agus sealbhóirí sonraí sláinte gealltanais rialála agus chonarthacha, mar aon le líon agus méid na bhfíneálacha riaracháin arna bhforchur ag comhlachtaí rochtana sonraí sláinte;
|
|
(c)
|
faisnéis faoi iniúchtaí arna ndéanamh ar úsáideoirí sonraí sláinte chun comhlíonadh na próiseála a dhéanann siad a áirithiú sa timpeallacht shlán phróiseála de bhun Airteagal 73(1), pointe (e);
|
|
(d)
|
faisnéis faoi iniúchtaí inmheánacha agus tríú páirtí ar chomhlíonadh na dtimpeallachtaí slána próiseála leis na caighdeáin, na sonraíochtaí agus na ceanglais atá sainithe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 73(3);
|
|
(e)
|
faisnéis maidir le láimhseáil iarrataí ó dhaoine nádúrtha a bhaineann le feidhmiú a gceart cosanta sonraí;
|
|
(f)
|
tuairisc ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta rochtana sonraí sláinte a rinne sé i ndáil le teagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha agus comhairliúchán leo;
|
|
(g)
|
ioncam ó cheadanna sonraí agus ó iarrataí ar shonraí sláinte;
|
|
(h)
|
meánlíon na laethanta idir iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte nó iarrataí ar shonraí sláinte a dhéanamh agus an rochtain a fháil ar shonraí;
|
|
(i)
|
líon na lipéad cáilíochta sonraí arna n-eisiúint ag sealbhóirí sonraí sláinte, imdhealaithe de réir catagóir cáilíochta;
|
|
(j)
|
líon na bhfoilseachán taighde piarmheasúnaithe, na ndoiciméad beartais agus na nósanna imeachta rialála a bhaineann úsáid as sonraí a bhfuarthas rochtain orthu trí EHDS;
|
|
(k)
|
líon na dtáirgí agus na seirbhísí sláinte digití, lena n-áirítear feidhmchláir IS, a forbraíodh trí úsáid a bhaint as sonraí a bhfuarthas rochtain orthu trí EHDS.
|
|
|
Airteagal 59 2
|
2. Cuirfear an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin agus Bhord EHDS laistigh de 6 mhí ó dheireadh an dara bliain den tréimhse tuairiscithe ábhartha. Beidh rochtain ar an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí ar fáil trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|