|
+Airteagal 383b 4. |
Airteagal 383b 4.Féadfaidh institiúid fachtóirí riosca breise a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn d’ionstraimí innéacs cáilithe le haghaidh na n-aicmí riosca seo a leanas:
(a)
riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí;
(b)
riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha; agus
(c)
riosca cothromais. Chun críoch riosca deilte, measfar ionstraim innéacs a bheith cáilithe nuair a chomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325i. Maidir le rioscaí véige, measfar gach ionstraim innéacs a bheith cáilithe. Déanfaidh institiúid íogaireachtaí CVA agus fáluithe incháilithe ar fhachtóirí riosca innéacs cháilithe a ríomh chomh maith le híogaireachtaí ar na fachtóirí riosca nach fachtóirí riosca innéacs iad. Ríomhfaidh institiúid íogaireachtaí riosca deilte agus véige ar fhachtóir riosca innéacs cháilithe mar íogaireacht aonair ar an innéacs cáilithe foluiteach. I gcás ina bhfuil 75 % de chomhpháirteanna innéacs cháilithe mapáilte ar an earnáil chéanna mar a leagtar amach in Airteagail 383p, 383s agus 383v, déanfaidh an institiúid an t-innéacs cáilithe a mhapáil chuig an earnáil chéanna sin. Seachas sin, déanfaidh an institiúid an íogaireacht a mhapáil chuig an mbuicéad innéacs cháilithe is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|