+Airteagal 383c Fachtóirí riosca an ráta úis
---+Airteagal 383c 1.
---+Airteagal 383c 2.
---+Airteagal 383c 3.
---+Airteagal 383c 4.
---+Airteagal 383c 5.
---+Airteagal 383c 6.

Airteagal 383c Fachtóirí riosca an ráta úis

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 383c 1.
I gcás fhachtóirí riosca deilte an ráta úis, lena n-áirítear riosca an ráta boilscithe, beidh buicéad amháin in aghaidh an airgeadra, agus beidh cineálacha difriúla fachtóirí riosca i ngach buicéad.

Is é a bheidh i bhfachtóirí riosca deilte an ráta úis is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA na rátaí saor ó riosca le haghaidh gach airgeadra lena mbaineann agus le haghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 1 bhliain, 2 bhliain, 5 bliana, 10 mbliana agus 30 bliain.

Is é a bheidh i bhfachtóirí riosca deilte an ráta úis is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA atá íogair ar an ráta boilscithe na rátaí boilscithe le haghaidh an airgeadra lena mbaineann agus le haghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 1 bhliain, 2 bhliain, 5 bliana, 10 mbliana agus 30 bliain.

Airteagal 383c 2.
Is é a bheidh sna hairgeadraí a gcuirfidh institiúid fachtóirí riosca deilte an ráta úis i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le mír 1 an euro, krona na Sualainne, dollar na hAstráile, dollar Cheanada, punt na Breataine Móire, yen na Seapáine, dollar na Stát Aontaithe, airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide agus airgeadra Ballstáit atá rannpháirteach in ERM II.
Airteagal 383c 3.
Maidir le hairgeadraí nach sonraítear i mír 2, is é an t-athrú absalóideach sa ráta boilscithe agus an t-aistriú comhthreomhar den chuar saor ó riosca iomlán le haghaidh airgeadra ar leith a bheidh i bhfachtóirí riosca deilte an ráta úis.
Airteagal 383c 4.
Gheobhaidh na hinstitiúidí na rátaí saor ó riosca in aghaidh an airgeadra ó ionstraimí margaidh airgid atá ina leabhar trádála ag a bhfuil an riosca creidmheasa is ísle, lena n-áirítear babhtálacha innéacs thar oíche.
Airteagal 383c 5.
I gcás nach bhféadfaidh institiúidí an cur chuige dá dtagraítear i mír 4 a chur i bhfeidhm, bunófar na rátaí saor ó riosca ar chuair babhtála intuigthe ó mhargadh amháin nó níos mó ná sin, cuair arna n-úsáid ag na hinstitiúidí, chun suíomhanna ar an margadh a mharcáil, cuair babhtála ráta a thairgtear idir bainc, mar shampla.

I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuair babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc sa chéad fhomhír seo, féadfar na rátaí saor ó riosca a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith.

Airteagal 383c 6.
Is é a bheidh san fhachtóir riosca véige ráta úis is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA atá íogair ar luaineacht ráta úis luaineachtaí uile ráta úis na n-aibíochtaí uile i gcás airgeadra ar leith. Is é a bheidh san fhachtóir riosca véige ráta boilscithe is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA atá íogair ar luaineacht ráta boilscithe luaineachtaí uile ráta boilscithe na n-aibíochtaí uile i gcás airgeadra ar leith. Ríomhfar íogaireacht ghlan amháin sa ráta úis agus íogaireacht ghlanráta boilscithe amháin i gcás gach airgeadra.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas