+Airteagal 455 Úsáid samhlacha inmheánacha i dtaca le riosca margaidh
---+Airteagal 455 1.
---+Airteagal 455 2.
---+Airteagal 455 3.
|
Airteagal 455 Úsáid samhlacha inmheánacha i dtaca le riosca margaidh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 455 1.
|
Nochtfaidh institiúid a úsáideann na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh:
(a)
a cuspóirí maidir le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trádála agus na próisis a chuirtear chun feidhme chun an riosca margaidh a shainaithint, a thomhas, chun faireachán a dhéanamh air agus chun é a rialú;
(b)
na beartais dá dtagraítear in Airteagal 104(1) chun cinneadh a dhéanamh faoin suíomh atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;
(c)
tuairisc ghinearálta ar struchtúr na ndeasc trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear, maidir le gach deasc, tuairisc gharbh ar straitéis ghnó na deisce, na hionstraimí a cheadaítear sa straitéis sin agus na príomhchineálacha riosca a bhaineann leis an deasc sin;
(d)
forbhreathnú ar na suíomhanna leabhair trádála nach gcumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar struchtúr na deisce agus na cineálacha ionstraimí a áirítear sna deasca nó sna catagóirí deasc i gcomhréir le hAirteagal 104b;
(e)
struchtúr agus eagrú na feidhme bainistithe riosca margaidh agus rialachas;
(f)
raon feidhme, príomhthréithe agus príomhroghanna samhaltaithe na samhlacha inmheánacha éagsúla a úsáidtear chun méideanna na neamhchosanta ar riosca a ríomh le haghaidh na bpríomhshamhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, agus tuairisc ar a mhéid a léiríonn na samhlacha inmheánacha sin na samhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc gharbh ar an méid a leanas:
(i)
an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an t-easnamh ionchasach dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí;
(ii)
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b), a ríomh, seachas na sonraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 325bk(3);
(iii)
an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an muirear riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2) a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí.
|
|
Airteagal 455 2.
|
Nochtfaidh institiúidí, ar bhonn comhiomlán, maidir le gach ceann de na deasca trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az na comhpháirteanna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(a)
an luach is déanaí chomh maith leis an luach is airde, an luach is ísle agus an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
(i)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
(ii)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) le haghaidh gach catagóire leithne fachtóra riosca;
(b)
an luach is déanaí chomh maith leis an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
(i)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
(ii)
an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b);
(iii)
an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2);
(iv)
suim na gceanglas cistí dílse mar dá dtagraítear in Airteagal 325ba(3), lena n-áirítear comhpháirteanna uile na foirmle agus an fachtóir iolraitheora is infheidhme;
(c)
líon na róluaineachtaí cúltástála sna 250 lá gnó is déanaí ag an 99ú peircintíl dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6).
|
|
Airteagal 455 3.
|
Nochtfaidh na hinstitiúidí, ar bhonn comhiomlán, maidir leis na deasca trádála uile, na ceanglais cistí dílse maidir le rioscaí margaidh a ríomhfaí i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a, mura ndeonófaí cead do na hinstitiúidí a samhlacha inmheánacha a úsáid le haghaidh na ndeasc trádála sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|