+4 Comhréireacht
---+78. Is é is aidhm le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach in Airteagal 26(3) de …
---+79. Agus na ceanglais maidir le luach saothair agus forálacha na dtreoirlínte sin á gcur i bhfeidhm …
---+80. Tá feidhm ag an oibleagáid maidir le beartais agus cleachtais luach saothair atá fónta agus …
---+81. Agus measúnú á dhéanamh acu ar an méid atá comhréireach agus an leibhéal sofaisticiúlachta is …
---+82. I gcás go n-údaraítear gnólachtaí infheistíochta na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a …
---+83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …
---+84. Sula gcuirfear na ceanglais maidir le luach saothair agus na forálacha atá leagtha amach sna …
---+85. Agus beartais shonracha luach saothair á gcur chun feidhme le haghaidh catagóirí éagsúla ball …
---+86. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta na ceanglais …
---+87. Gan dochar do chur chun feidhme Airteagal 32(4) de Threoir 2019/2034/AE ag na Ballstáit, ní …
---+88. Agus méid an luach saothair inathraithe bhliantúil arna íoc le ball foirne agus an cóimheas …
---+89. Agus meánluach na sócmhainní don tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais …
---+90. I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha faoi phointe …
---+91. I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha a shocrú faoi …
|
4 Comhréireacht
4 Comhréireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
78. Is é is aidhm le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach in Airteagal 26(3) de …
|
Is é is aidhm le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach in Airteagal 26(3) de Threoir (AE) 2019/2034 na beartais agus na cleachtais luach saothair a chur go comhsheasmhach le próifíl riosca aonair, inghlacthacht riosca agus straitéis gnólachta infheistíochta, ionas go mbainfear amach cuspóirí cheanglais an luach saothair ar bhealach éifeachtach.
|
|
79. Agus na ceanglais maidir le luach saothair agus forálacha na dtreoirlínte sin á gcur i bhfeidhm …
|
Agus na ceanglais maidir le luach saothair agus forálacha na dtreoirlínte sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d'údaráis inniúla an cineál, an scála agus an chastacht agus na rioscaí ar gné dhílis iad de shamhail ghnó agus ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta a chur san áireamh.
|
|
80. Tá feidhm ag an oibleagáid maidir le beartais agus cleachtais luach saothair atá fónta agus …
|
Tá feidhm ag an oibleagáid maidir le beartais agus cleachtais luach saothair atá fónta agus éifeachtach a bheith ag gach gnólacht infheistíochta maidir leis na baill foirne go léir, beag beann ar thréithe éagsúla na ngnólachtaí infheistíochta. EBA Public
|
|
81. Agus measúnú á dhéanamh acu ar an méid atá comhréireach agus an leibhéal sofaisticiúlachta is …
|
Agus measúnú á dhéanamh acu ar an méid atá comhréireach agus an leibhéal sofaisticiúlachta is gá maidir leis na beartais luacha saothair agus na cineálacha cur chuige tomhais riosca á gcinneadh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d'údaráis inniúla an meascán de ghnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla na gcritéar go léir thuas a chur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh scála beag ag baint le gníomhaíocht gnó ach d’fhéadfadh sé fós go mbainfeadh gníomhaíochtaí casta agus próifílí riosca léi de dheasca chineál na ngníomhaíochtaí nó chastacht na dtáirgí.
|
|
82. I gcás go n-údaraítear gnólachtaí infheistíochta na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a …
|
I gcás go n-údaraítear gnólachtaí infheistíochta na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (2), (3), (4), (6) agus (7) de Chuid A d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2014/65/CE a sholáthar, mar phrionsabal ginearálta, ba cheart go mbeifí ag súil le leibhéal níos airde sofaisticiúlachta, go háirithe má tá an gnólacht infheistíochta údaraithe airgead nó sócmhainní na gcliant a shealbhú.
|
|
83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …
|
Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na critéir seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh: - a. sócmhainní an ghnólachta infheistíochta ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus cé acu an gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir agus na tairseacha atá leagtha amach i mír 4 d’Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034;
- b. má tá an gnólacht infheistíochta údaraithe airgead nó sócmhainní na gcliant a shealbhú;
- c. an cineál gníomhaíochtaí agus seirbhísí údaraithe (e.g. Cuid A agus Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile (e.g. seirbhísí imréitigh) a dhéanann an gnólacht infheistíochta;
- d. méid na sócmhainní atá á mbainistiú;
- e. na sócmhainní arna gcosaint agus arna riar;
- f. méid orduithe na gcliant arna láimhseáil;
- g. méid an tsreafa trádála laethúil
- h. láithreacht gheografach an ghnólachta infheistíochta agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i dtríú tíortha;
- i. an fhoirm dhlíthiúil agus na hionstraimí cothromais agus fiachais atá ar fáil;
- j. na modhanna a úsáidtear chun na ceanglais chaipitil a chinneadh;
- k. cé acu an bhfuil an gnólacht infheistíochta ina chuid de ghrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta a rinneadh don ghrúpa agus tréithe an ghrúpa lena mbaineann an gnólacht infheistíochta; EBA Public
- l. an straitéis bhunaidh ghnó;
- m. struchtúr na ngníomhaíochtaí gnó agus an tréimhse ama, intomhaisteacht agus intuarthacht rioscaí na ngníomhaíochtaí gnó;
- n. struchtúr cistiúcháin an ghnólachta infheistíochta;;
- o. eagrú inmheánach an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear leibhéal an luach saothair inathraithe is féidir a íoc le baill foirne shainaitheanta;
- p. príomhfhoinsí agus struchtúr brabús agus caillteanas an ghnólachta infheistíochta;
- q. an cineál cliant (e.g. miondíol, corparáideach, gnólachtaí beaga, eintiteas poiblí);
- r. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
- s. na feidhmeanna seachfhoinsithe agus na bealaí dáileacháin;
- t. na córais teicneolaíochta faisnéise (TF) atá ann, lena n-áirítear córais leanúnachais agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo.
|
|
84. Sula gcuirfear na ceanglais maidir le luach saothair agus na forálacha atá leagtha amach sna …
|
Sula gcuirfear na ceanglais maidir le luach saothair agus na forálacha atá leagtha amach sna treoirlínte seo i bhfeidhm ar bhealach comhréireach, ba cheart sainaithint na mball foirne, bunaithe ar na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) de Threoir (AE) 2019/2034 agus sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún arna shainordú faoi Airteagal 30(4) den Treoir sin (CTR maidir le baill foirne shainaitheanta) agus critéir inmheánacha breise, a chur i gcrích15 .
15 Féach na treoirlínte don phróiseas aitheantais atá leagtha amach i gcuid 5 de na treoirlínte seo, le do thoil.
|
|
85. Agus beartais shonracha luach saothair á gcur chun feidhme le haghaidh catagóirí éagsúla ball …
|
Agus beartais shonracha luach saothair á gcur chun feidhme le haghaidh catagóirí éagsúla ball foirne sainaitheanta i gcomhréir le cuid 3 agus 4 de na treoirlínte seo, ba cheart go gcuirfí san áireamh le cur i bhfeidhm na comhréireachta an tionchar ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó sócmhainní na catagóire ball foirne sainaitheanta sin a bhainistíonn sé.
|
|
86. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta na ceanglais …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta na ceanglais luach saothair agus na forálacha atá leagtha amach sna treoirlínte seo ar bhealach ina soláthraítear cothrom na Féinne i measc gnólachtaí infheistíochta éagsúla. Tarscaoileadh phróiseas íocaíochta an luach saothair inathraithe
|
|
87. Gan dochar do chur chun feidhme Airteagal 32(4) de Threoir 2019/2034/AE ag na Ballstáit, ní …
|
Gan dochar do chur chun feidhme Airteagal 32(4) de Threoir 2019/2034/AE ag na Ballstáit, ní fhéadfaidh gnólacht infheistíochta a bhfuil sócmhainní iomlána aige faoin tairseach a shainítear sa dlí náisiúnta na ceanglais maidir le luach saothair inathraithe a iarchur agus é a íoc amach in EBA Public ionstraimí arna leagan amach i bpointe (j), (l) d’Airteagal 32(1) agus sa tríú fomhír d’Airteagal 32(3) de Threoir (AE) 2019/2034.
|
|
88. Agus méid an luach saothair inathraithe bhliantúil arna íoc le ball foirne agus an cóimheas …
|
Agus méid an luach saothair inathraithe bhliantúil arna íoc le ball foirne agus an cóimheas éifeachtach idir an luach saothair inathraithe bliantúil agus an luach saothair seasta bliantúil chun críocha phointe (b) d’Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 á shocrú, i.e. tarscaoileadh a chur i bhfeidhm ar an gceanglas an luach saothair inathraithe do bhaill foirne aonair a iarchur agus a íoc amach in ionstraimí, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus (b) a chur san áireamh agus na coinníollacha breise i bpointe (c) go (h) a chur i bhfeidhm: - a. an luach saothair inathraithe bliantúil arna dhámhachtain don tréimhse feidhmíochta atá comhionann leis an mbliain airgeadais dá gcinntear más féidir an tarscaoileadh a chur i bhfeidhm agus na tréimhsí feidhmíochta uile dar críoch an bhliain airgeadais sin, neamhspleách ar fhad na dtréimhsí feidhmíochta bunúsacha a chríochnaigh sa bhliain airgeadais sin, e.g ba cheart go gcuimseofaí ann méid iomlán an luach saothair inathraithe bunaithe ar thréimhsí fabhraithe ilbhliantúla imrothlacha agus neamh-imrothlacha agus ar bhónais choinneála do thréimhsí níos faide ná bliain amháin i gcás gur tháinig deireadh leis an mbuntréimhse sa bhliain airgeadais ar leith;
- b. an luach saothair seasta bliantúil arna dhámhachtain don bhliain feidhmíochta roimhe sin; ní fhéadfaidh gnólachtaí infheistíochta dámhachtainí eile a mheastar a bheith ina luach saothair seasta faoi mhír 127 agus faoi mhír 128 a chur san áireamh;
- c. an luach saothair inathraithe arna dhámhachtain don bhliain feidhmíochta roimhe sin, neamhspleách ar an dóigh a n-íoctar an luach saothair, i.e. airgead tirim, ionstraimí nó foirmeacha eile de luach saothair inathraithe;
- d. ba cheart go gcuimseofaí sa luach saothair inathraithe gach cineál luach saothair inathraithe arna dhámhachtain, lena n-áirítear luach saothair inathraithe bunaithe ar fheidhmíocht, méideanna a íoctar mar luach saothair inathraithe ráthaithe, bónais choinneála, scaoilíocaíochtaí nó sochair phinsin lánroghnacha;
- e. méid an luach saothair inathraithe arna dhámhachtain do thréimhsí feidhmíochta níos faide ná bliain amháin, e.g. bunaithe ar phleananna dreasachta fadtéarmacha nó ar thréimhsí fabhraithe ilbhliantúla, agus an méid iomlán don bhliain feidhmíochta ina dtiocfaidh deireadh leis na tréimhsí feidhmíochta á chur san áireamh;
- f. méid iomlán an luach saothair inathraithe arna dhámhachtain laistigh den bhliain feidhmíochta mar luach saothair inathraithe ráthaithe, bónais choinneála, scaoilíocaíochtaí agus sochair phinsin roghnacha;
- g. ba cheart go mbeadh na méideanna bunaithe ar an sainmhíniú a thugtar ar luach saothair seasta agus inathraithe laistigh de na treoirlínte seo agus ba cheart iad a ríomh bunaithe ar an oll-luach saothair a dámhadh; EBA Public
- h. i gcás go gcinntear an méid ar bhonn aonair, ba cheart an luach saothair arna dhámhachtain ag an ngnólacht infheistíochta a chur san áireamh; i gcás go gcinntear an méid ar bhonn comhdhlúite, ba cheart gach luach saothair arna dhámhachtain laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta a chur san áireamh; agus
- i. i gcás go n-íoctar an luach saothair in airgeadra seachas EUR, ba cheart na méideanna a athrú go EUR trí úsáid a bhaint as an ráta malairte arna fhoilsiú ag an gCoimisiún le haghaidh clárú airgeadais agus as an mbuiséad don mhí dheireanach de bhliain airgeadais an ghnólachta infheistíochta.16
16 Is féidir na rátaí malairte a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh faoi: http://ec.europa.eu/budget/contracts_grants/info_contracts/inforeuro/inforeuro_en.cfm
|
|
89. Agus meánluach na sócmhainní don tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais …
|
Agus meánluach na sócmhainní don tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais reatha á ríomh chun críocha phointe (a) d’Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an meán simplí den luach sin ag deireadh na gceithre bliana airgeadais roimhe sin a úsáid. I gcás go gcoinnítear na cuntais in airgeadra seachas EUR, ba cheart na méideanna a athrú go EUR trí úsáid a bhaint as an ráta malairte arna fhoilsiú ag an gCoimisiún le haghaidh clárú airgeadais agus as an mbuiséad don mhí dheireanach gach bliana airgeadais.
|
|
90. I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha faoi phointe …
|
I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha faoi phointe (a) d’Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 a shocrú do ghnólachtaí infheistíochta aonair, ba cheart d’údaráis inniúla, agus na tairseacha á n-ísliú nó á n-ardú acu, cineál an ghnólachta infheistíochta, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí, a eagrú inmheánach nó, más infheidhme, tréithe an ghrúpa lena mbaineann sé a chur san áireamh, agus na critéir um chomhréireacht a leagtar amach sna treoirlínte seo a chur san áireamh freisin. Tá sé sin i bhfeidhm chomh maith maidir le laghduithe ar na tairseacha a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus - (e) d’Airteagal 32(5) agus d’Airteagal 32(6).
|
|
91. I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha a shocrú faoi …
|
I gcás go dtugtar cumhacht leis an dlí náisiúnta d’údaráis inniúla na tairseacha a shocrú faoi Airteagal 32(7) de Threoir (AE) 2019/2034 do bhaill foirne aonair, ba cheart d’údaráis inniúla, agus an tairseach á hísliú acu, na critéir san Airteagal seo agus tionchar ghníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé i gcomparáid le baill foirne sainaitheanta eile a chur san áireamh. Mar shampla, i gcás go bhfuil tionchar níos ábhartha ar an bpróifíl riosca, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí a éileamh go gcuirfí iarchur agus íocaíocht amach in ionstraimí i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|