+15 Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme
---+134. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht …
---+135. Ba cheart go mbeadh próiseas cinnteoireachta atá soiléir, trédhearcach agus doiciméadaithe ag …
---+136. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na beartais, sásraí agus nósanna imeachta sin a chur …
---+137. Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí …
---+138. Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi …

15 Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme

15 Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
134. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht …

Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht an chreata, na bpróiseas agus na sásraí rialaithe inmheánaigh a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus as maoirseacht a dhéanamh ar gach líne ghnó agus gach aonad inmheánach, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh (amhail comhlíonadh AML/CFT i gcás ina bhfuil siad ar leithligh ón bhfeidhm chomhlíonta, agus bainistiú riosca agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí i gcás ina mbunaítear a leithéid). Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta beartais, sásraí agus nósanna imeachta leordhóthanacha um rialú inmheánach i scríbhinn a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus ba cheart don chomhlacht bainistíochta iad a fhormheas. Sa chás nach mbunaítear aon fheidhm bhainistíochta riosca, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as nósanna imeachta agus beartais leordhóthanacha maidir le bainistiú riosca a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu.

135. Ba cheart go mbeadh próiseas cinnteoireachta atá soiléir, trédhearcach agus doiciméadaithe ag …

Ba cheart go mbeadh próiseas cinnteoireachta atá soiléir, trédhearcach agus doiciméadaithe ag gnólacht infheistíochta agus ba cheart go mbeadh freagrachtaí agus údarás á leithdháileadh go soiléir laistigh dá chreat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear a línte gnó, aonaid inmheánacha agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh.

136. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na beartais, sásraí agus nósanna imeachta sin a chur …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na beartais, sásraí agus nósanna imeachta sin a chur in iúl don fhoireann ar fad agus gach uair a dhéanfar athruithe ábhartha.

137. Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí …

Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí agus nósanna imeachta a leagtar amach sa chreat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme i gceart ina réimsí inniúlachta faoi seach.

138. Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi …

Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta go rialta maidir le móreasnaimh a sainaithníodh. Ba cheart go n-áireofaí sna tuarascálacha sin, i gcás gach móreasnamh nua a shainaithneofar, na rioscaí ábhartha a bheidh i gceist, measúnú tionchair, moltaí agus bearta ceartaitheacha a bheidh le cur i gcrích. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta obair leantach a dhéanamh ar thorthaí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar bhealach tráthúil agus éifeachtach agus bearta ceartaitheacha leordhóthanacha a éileamh. Ba cheart nós imeachta leantach foirmiúil a bhunú maidir leis na torthaí agus na bearta ceartaitheacha a cuireadh i gcrích.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/