+Córas TF agus cáilíocht sonraí CSRBB
---+139. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …
---+140. Ba cheart go mbeadh an córas TF in ann saintréithe raon difríochta creidmheasa na dtáirgí a …
---+141. Ba cheart go mbeadh na córais atá in úsáid chun CSRBB a thomhas in ann eolas maidir le …
---+142. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …
---+143. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur …

Córas TF agus cáilíocht sonraí CSRBB

Córas TF agus cáilíocht sonraí CSRBB

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
139. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …

Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun oibríochtaí a dhéanamh, a phróiseáil agus a thaifeadadh, chun neamhchosaintí a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú, agus chun tuarascálacha a ghiniúint, in ann tacú le bainistíocht CSRBB go tráthúil agus go beacht. Go háirithe, ba cheart do na córais tacú leis an méid seo a leanas:

  • (a) Sonraí maidir le raon difríochta creidmheasa gafa maidir le neamhchosaintí uile ar CSRBB na hinstitiúide. Ba cheart go dtacódh sé seo le córas tomhais na hinstitiúide chun mórfhoinsí neamhchosaintí ar CSRBB a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú;
  • (b) A bheith in ann gach idirbheart a dhéanann an institiúid a thaifeadadh go hiomlán agus go soiléir, agus a saintréithe CSRBB a chur san áireamh;
  • (c) A bheith saincheaptha do chastacht agus don líon idirbheart a raibh CSRBB á chruthú acu;
  • (d) A bheith sách solúbtha chun freastal ar raon réasúnta cásanna turrainge agus struis CSRBB agus aon chásanna breise;
  • (e) Cur ar chumas na n-institiúidí an tionchar atá acu ar idirbhearta aonair dá neamhchosaint fhoriomlán a thomhas, a mheas agus faireachán a dhéanamh orthu;
  • (f) A bheith in ann bearta CSRBB a ríomh.
140. Ba cheart go mbeadh an córas TF in ann saintréithe raon difríochta creidmheasa na dtáirgí a …

Ba cheart go mbeadh an córas TF in ann saintréithe raon difríochta creidmheasa na dtáirgí a thaifeadadh.

141. Ba cheart go mbeadh na córais atá in úsáid chun CSRBB a thomhas in ann eolas maidir le …

Ba cheart go mbeadh na córais atá in úsáid chun CSRBB a thomhas in ann eolas maidir le saintréithe CSRBB gach táirge a ghabháil.

142. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …

Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba cheart d'institiúidí grinnscrúdú a dhéanamh ar chaighdeán foinsí seachtracha eolais a úsáidtear chun bunachair sonraí stairiúla de raonta difríochta creidmheasa a bhunú, mar aon le minicíocht nuashonraithe na mbunachar sonraí.

143. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur …

D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun feidhme a áirithíonn go bhfuil na sonraí a iontráiltear sa chóras TF ceart. Ba cheart ionchur sonraí a dhéanamh a dhéanamh ar bhonn uathoibrithe oiread agus is féidir chun earráidí riaracháin a laghdú, agus ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar mhapáil sonraí agus iad a thástáil i gcomparáid le leagan faofa den tsamhail. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh dóthain doiciméad ar fáil maidir leis na mórfhoinsí sonraí a úsáidtear i bpróiseas tomhais riosca na hinstitiúide. Chomh maith leis sin, ba cheart d'institiúidí sásraí oiriúnacha a bhunú chun ceartaiseacht an phróisis comhiomlánaithe agus iontaofacht thorthaí na samhla a fhíorú. Ba cheart go ndeimhneodh na sásraí seo beachtas agus iontaofacht na sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/