+14.5 Ceann na feidhme bainistíochta riosca
---+132. I gcás ina bhfuil sé bunaithe, ba cheart do cheann RMF a bheith freagrach as faisnéis …
---+133. Ba cheart go mbeadh dóthain saineolais, neamhspleáchais agus sinsearachta ag ceann RMF chun …
---+134. Ba cheart do cheann RMF a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéanann …
---+135. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna próisis neartaithe a bhunú chun cinntí ar léirigh ceann RMF …

14.5 Ceann na feidhme bainistíochta riosca

14.5 Ceann na feidhme bainistíochta riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
132. I gcás ina bhfuil sé bunaithe, ba cheart do cheann RMF a bheith freagrach as faisnéis …

I gcás ina bhfuil sé bunaithe, ba cheart do cheann RMF a bheith freagrach as faisnéis chuimsitheach agus intuigthe a sholáthar maidir le rioscaí agus comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta, rud a chuirfeadh ar chumas an chomhlachta sin próifíl riosca fhoriomlán eisitheoir ARTanna a thuiscint. I gcás nár bunaíodh aon fheidhm neamhspleách, is iad na baill foirne ar cuireadh na nósanna imeachta bainistíochta riosca de chúram orthu nó comhaltaí an chomhlachta bainistíochta go díreach a bheidh freagrach as ceann na feidhme bainistíochta riosca.

133. Ba cheart go mbeadh dóthain saineolais, neamhspleáchais agus sinsearachta ag ceann RMF chun …

Ba cheart go mbeadh dóthain saineolais, neamhspleáchais agus sinsearachta ag ceann RMF chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéanann difear do neamhchosaint eisitheoir ARTanna ar rioscaí. I gcás nach comhalta den chomhlacht bainistíochta é ceann RMF, agus prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach i dTeideal I á chur san áireamh, ba cheart d’eisitheoir ARTanna ceann neamhspleách RMF a cheapadh nach bhfuil aon fhreagracht air as feidhmeanna eile agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta. I gcás nach bhfuil sé comhréireach duine a cheapadh atá tiomnaithe do ról cheann RMF amháin, agus prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach i dTeideal I á chur san áireamh, is féidir an fheidhm sin a chomhcheangal le ceann na feidhme comhlíonta nó is féidir le duine sinsearach eile í a dhéanamh, ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann idir na cúraimí a dhéantar. In aon chás, ba cheart údarás, stádas agus neamhspleáchas leordhóthanach a bheith ag an duine sin (e.g. ceann dlí).

134. Ba cheart do cheann RMF a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéanann …

Ba cheart do cheann RMF a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéanann bainistíocht an eisitheora agus a chomhlachta bainistíochta, agus ba cheart na forais le hagóidí a dhoiciméadú go foirmiúil. Más mian le heisitheoir ARTanna an ceart a thabhairt do cheann RMF cinntí a chrosadh (e.g. cinneadh creidmheasa nó infheistíochta nó teorainn a shocrú) a dhéantar ag leibhéil faoi bhun an chomhlachta bainistíochta, ba cheart dó raon feidhme an chirt chrosta den sórt sin, na nósanna imeachta géaraithe nó achomhairc, agus an chaoi a mbeidh an comhlacht bainistíochta rannpháirteach a shonrú.

135. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna próisis neartaithe a bhunú chun cinntí ar léirigh ceann RMF …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna próisis neartaithe a bhunú chun cinntí ar léirigh ceann RMF dearcadh diúltach ina leith a fhormheas. Ina fheidhm mhaoirseachta, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith in ann cumarsáid dhíreach a dhéanamh le ceann RMF maidir le príomh-shaincheisteanna riosca, lena n-áirítear forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir le straitéis riosca agus inghlacthacht riosca eisitheoir ARTanna agus ba cheart do cheann RMF a bheith in ann ábhair imní ábhartha a thuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/