+Iarscríbhinn I – Liosta de chatagóirí íosta táscairí an phlean téarnaimh agus liosta léiritheach de tháscairí an phlean téarnaimh
---+Liosta de chatagóirí íosta agus liosta neamh-uileghabhálach de tháscairí an phlean téarnaimh
---+A. Catagóirí íosta do gach eisitheoir ARTanna agus EMTanna
---+Catagóir 1. Táscairí riosca leachtachta
---+Catagóir 2. Táscairí riosca oibriúcháin
---+Catagóir 3. Táscairí riosca creidmheasa/cáilíochta sócmhainní
---+Catagóir 4. Táscairí a bhaineann le sócmhainní tagartha
---+Catagóir 5. Táscairí leordhóthanachta caipitil
---+d’eisitheoirí eile nach dtugann údar iomchuí leis an neamháireamh don údarás inniúil
---+Catagóir 6. Táscairí riosca margaidh
---+Catagóir 7. Táscairí riosca comhchruinnithe

Iarscríbhinn I – Liosta de chatagóirí íosta táscairí an phlean téarnaimh agus liosta léiritheach de tháscairí an phlean téarnaimh

Iarscríbhinn I – Liosta de chatagóirí íosta táscairí an phlean téarnaimh agus liosta léiritheach de tháscairí an phlean téarnaimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Liosta de chatagóirí íosta agus liosta neamh-uileghabhálach de tháscairí an phlean téarnaimh

Liosta de chatagóirí íosta agus liosta neamh-uileghabhálach de tháscairí an phlean téarnaimh

A. Catagóirí íosta do gach eisitheoir ARTanna agus EMTanna

A. Catagóirí íosta do gach eisitheoir ARTanna agus EMTanna

Catagóir 1. Táscairí riosca leachtachta
  • a) Taiscí ar amharc in institiúidí creidmheasa agus (i gcás inarb infheidhme) i mbainc cheannais/méid fuascailte laethúil (meán cúig lá rollacha)
  • b) Taiscí ar amharc in institiúidí creidmheasa agus (i gcás inarb infheidhme) i mbainc cheannais + comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh le fógra aon lae oibre + ionstraimí airgeadais fíorleachtacha/an méid fuascailte laethúil is airde le trí mhí anuas
  • c) Taiscí ar amharc in institiúidí creidmheasa agus (i gcás inarb infheidhme) i mbainc cheannais + comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh le fógra cúig lá oibre + ionstraimí airgeadais fíorleachtacha/suim na gcúig mhéid fuascailte laethúla is airde le dhá mhí dhéag anuas
  • d) Taiscí ar amharc in institiúidí creidmheasa agus (i gcás inarb infheidhme) i mbainc cheannais + comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh le fógra aon lae oibre + ionstraimí airgeadais fíorleachtacha/suim den mhéid fuascailte laethúil is airde le trí mhí anuas do na (x6 ) sealbhóirí ceadchomhartha is mó
  • e) Glansreabhadh laethúil, i.e. ceadchomhartha eisithe – ceadchomhartha fuascailte (meán cúig lá rollach)

6 Líon na sealbhóirí ceadchomharthaí is mó trí na prionsabail a leagtar síos sna treoirlínte seo a chur san áireamh. Is féidir táscairí iomadúla a úsáid, gach ceann acu le líon difriúil de na sealbhóirí comhartha is mó má oireann sé seo níos fearr lena gcleachtais bainistíochta riosca.

Catagóir 2. Táscairí riosca oibriúcháin
  • a) Aon teagmhas a chuireann isteach go mór ar fheidhmiú rialta sheirbhísí an eisitheora nó ar a leanúnachas gnó (e.g. éaradh fada seirbhíse a dhéanann difear do chórais TF nó do chórais seachadta comharthaí; teipeanna bonneagair, lena n-áirítear mífheidhmithe na Teicneolaíochta Mórleabhar Dáilte; rioscaí a eascraíonn as idir-inoibritheacht bonneagar éagsúil, e.g. trí dhroichid), agus i gcás inarb é soláthraí seirbhíse tríú páirtí is cúis leis freisin
  • b) An cuspóir aga athshlánaithe (i.e. an t-uasmhéid ama inghlactha chun téarnamh ó chliseadh táirge nó córais)
  • c) Tréimhse uasta ó d’éirigh príomhphearsanra as oifig nó óna n-asláithreacht ar feadh tréimhse fhada
  • d) Sárú nó sárú ionchasach ar aon cheanglas rialála
  • e) Riosca dlíthiúil
Catagóir 3. Táscairí riosca creidmheasa/cáilíochta sócmhainní
  • a) Sócmhainní airgeadais fíorleachtacha a bhfuil táscairí lagaithe acu (e.g. táscairí lagaithe ar cháilíocht chreidmheasa mar a leagtar síos in IFRS 9)/cúlchiste sócmhainní
  • b) Méid iomlán an chúlchiste sócmhainní a shealbhaítear mar thaiscí arna gcur i dtaisce in institiúidí creidmheasa a bhfuil an rátáil chreidmheasa is ísle acu de réir inghlacthacht riosca an eisitheora i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114 / taisce baincéireachta iomlán laistigh den chúlchiste sócmhainní
  • c) Fad ón íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh (mar a shonraítear faoi Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114)
  • d) Athrú diúltach ar rátáil chreidmheasa príomhchontrapháirtithe (e.g. institiúid creidmheasa a bhfuil taisce eisitheora ina seilbh aici)
Catagóir 4. Táscairí a bhaineann le sócmhainní tagartha
  • a) Riosca díphionnála, le tomhas mar an cóimheas idir margadhluach an chomhartha agus margadhluach na sócmhainne/na sócmhainní dá dtagraítear
  • b) Athruithe rialála a dhéanann difear diúltach don tsócmhainn nó do na sócmhainní dá dtagraítear
  • c) Reo nó athrú diúltach suntasach ar leachtacht an mhargaidh i gcás ina malartaítear an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear
Catagóir 5. Táscairí leordhóthanachta caipitil
  • a) Táscaire cistí dílse

B. Catagóirí íosta breise d’eisitheoirí ARTanna suntasacha agus EMTanna suntasacha agus

d’eisitheoirí eile nach dtugann údar iomchuí leis an neamháireamh don údarás inniúil

d’eisitheoirí eile nach dtugann údar iomchuí leis an neamháireamh don údarás inniúil

Catagóir 6. Táscairí riosca margaidh
  • a) Cóimheas “Athrú laethúil ar mhargadhluach cúlchiste sócmhainní/(x7 ) meán lae rollaigh”
  • b) Cóimheas luaineacht “Cúlchiste sócmhainní/sócmhainní tagartha”
  • c) Íogaireacht d’athruithe ar rátaí úis an chúlchiste sócmhainní
  • d) Cóimheas “Luach faoi Riosca an chúlchiste sócmhainní/chistí dílse an eisitheora”

7 Líon na laethanta, trí na prionsabail a leagtar síos sna treoirlínte seo a chur san áireamh. Is féidir go leor táscairí a úsáid, gach ceann acu le tréimhse ama difriúil má oireann sé sin níos fearr dá gcleachtais bainistíochta riosca.

Catagóir 7. Táscairí riosca comhchruinnithe
  • a) Cóimheas “Luach an chomhartha i seilbh na gcúig chontrapháirtí is mó/luach iomlán an chomhartha a eisíodh”
  • b) Cóimheas “(Taisce ag grúpa baincéireachta aonair + urrúis eisithe ag contrapháirtí aonair)/uasteorainn chomhchruinnithe8 ”
  • c) Cóimheas comhchruinnithe taiscí a shealbhaítear in institiúidí creidmheasa/cóimheas uasta comhchruinnithe le haghaidh taiscí

8 I gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/