+C.2.1 Dea-cháil leordhóthanach
---+13. Agus measúnú á dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil dea-cháil ar chomhaltaí chomhlacht …
---+14. Níor cheart comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bheith faoi réir smachtbhannaí, trádbhaic …
---+15. Ba cheart an measúnú ar chritéir maidir le dea-cháil chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta …
|
C.2.1 Dea-cháil leordhóthanach
C.2.1 Dea-cháil leordhóthanach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
13. Agus measúnú á dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil dea-cháil ar chomhaltaí chomhlacht …
|
Agus measúnú á dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil dea-cháil ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta eisitheora ARTanna nó CASP, ba cheart a chumhdach sa mheasúnú, i gcomhréir le hAirteagal 18(5)(a) agus Airteagal 62(3)(a) de MiCA, easpa taifid choiriúil i leith ciontuithe agus easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme agus faoin dlí seirbhísí airgeadais is infheidhme nó i ndáil leis an reachtaíocht maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, calaois nó dliteanas gairmiúil. Ina theannta sin, ba cheart a chumhdach sa mheasúnú aon fhíoras eile is eol a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an measúnú nach bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an gcomhalta mar a shonraítear sa chuid seo. Tá feidhm ag na ceanglais sin ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 34(2) agus Airteagal 68(1) de MiCA.
|
|
14. Níor cheart comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bheith faoi réir smachtbhannaí, trádbhaic …
|
Níor cheart comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bheith faoi réir smachtbhannaí, trádbhaic ná bearta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, maoiniú sceimhlitheoireachta nó leathadh arna gcinneadh ag Ballstát, ag an Aontas nó ag eagraíocht idirnáisiúnta, e.g. na Náisiúin Aontaithe. I gcás ina gcuirtear comhalta den chomhlacht bainistíochta leis an liosta sin de smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart toirmeasc a chur ar an gcomhalta sin a fheidhm a chomhlíonadh agus é nó í a bhaint den chomhlacht bainistíochta.
|
|
15. Ba cheart an measúnú ar chritéir maidir le dea-cháil chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta …
|
Ba cheart an measúnú ar chritéir maidir le dea-cháil chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta eisitheora ARTanna nó CASP a dhéanamh ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear sna Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún a glacadh de bhun Airteagal 18(6) de MiCA i gcás eisitheora ARTanna agus Airteagal 62(5) den Rialachán sin i gcás CASPanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|