+28. Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní …
|
28. Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní …
Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní nó aon uair a eascraíonn siad ó mhalartú criptea-shócmhainní in airgeadra fiat, ba cheart d’údaráis inniúla, i dteannta chur i bhfeidhm na modheolaíochta measúnaithe a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 14 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le hamhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, an méid seo a leanas a shainaithint freisin: - a. an seoladh mórleabhair dháilte a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás ina bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó a leithéid, agus uimhir an chuntais chriptea-shócmhainní a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;
- b. uimhir an chuntais chriptea-shócmhainní a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás nach bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó a leithéid;
- c. i gcás nach bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó teicneolaíocht chomhchosúil agus nach ndéantar é ó chuntas criptea-shócmhainní ná chuig cuntas criptea-shócmhainní, aitheantóir idirbhirt uathúil; agus
- d. soláthraí nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na bpáirtithe san idirbheart, de réir mar is infheidhme.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|