+Airteagal 384 2.

Airteagal 384 2.

Déanfaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh mar seo a leanas:

BACVAiomlántotal = β · BACVAcsr-neamhfhálaitheunhedged + DSCVA · (1 – β) · BACVAcsr-fálaithe

i gcás inarb amhlaidh gur:

BACVAiomlán

= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach;

BACVAcsr-neamhfhálaithe

= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach mar a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 le haghaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (b);

DSCVA

= 0,65 ;

β

= 0,25 ;

image

i gcás inarb amhlaidh gur:

image

image

image

image

a

= 1,4 ;

ρ

= 0,5 ;

c

= an t-innéacs a sheasann do na contrapháirtithe uile a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;

NS

= an t-innéacs a sheasann do na glanluachálacha uile le contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;

h

= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí aonainm uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;

I

= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí innéacs uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh gach contrapháirtí a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;

RWc

= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le contrapháirtí “c”; déanfar contrapháirtí “c” a mhapáil chuig ceann de na hualuithe riosca bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa agus déanfar an mhapáil sin a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1.

I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6; seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil.

image= aibíocht éifeachtach don tacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”;

imagei gcomhréir le Foirmle 162; mar sin féin, maidir leis an ríomh sin, image ní chuirfear uasteorainn 5 bliana léi, ach cuirfear í de réir na haibíochta conarthaí is faide a bheidh fágtha sa tacar glanluachála;

image

= luach neamhchosanta riosca chreidmheasa contrapháirtí an tacair glanluachála NS le contrapháirtí c, lena n-áirítear éifeacht na comhthaobhachta i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 3 go 6, de réir mar is infheidhme, maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), a ríomh;

image

= fachtóir lascaine maoirseachta do thacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”.

I gcás institiúide, ag úsáid na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6, socrófar an fachtóir lascaine maoirseachta ag 1; i ngach cás eile, déanfar an fachtóir lascaine maoirseachta a ríomh mar a leanas:

rhc

= an fachtóir comhghaolúcháin maoirseachta idir riosca raoin difríochta creidmheasa chontrapháirtí “c” agus riosca raoin difríochta creidmheasa ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe “h” le haghaidh contrapháirtí “c”, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 2;

image

= aibíocht iarmhair ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe;

image

= luach barúlach ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe;

image

= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh ionstraim aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:

image

image

= ualú riosca maoirseachta ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe; déanfar na hualuithe riosca sin a bhunú ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa raon difríochta creidmheasa tagartha na hionstraime fálaithe agus déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1;

image

= aibíocht iarmhair suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe; i gcás ina bhfuil níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna, is é image a bheidh san aibíocht ualaithe bharúlach maidir le gach ceann de na suíomhanna sin;

image

= luach barúlach iomlán suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe;

image

= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh suíomh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:

image

image

= ualú riosca maoirseachta ionstraime innéacs a aithnítear mar fhálú incháilithe; beidh image bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa na gcomhpháirteanna innéacs uile, arna ríomh mar a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna agus an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, déanfar image a ríomh mar ualú riosca ábhartha Thábla 1 don earnáil agus don cháilíocht chreidmheasa sin arna iolrú faoi 0,7 ;

(b) 

i gcás nach mbeidh na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna nó nach bhfuil an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, déanfar image a ríomh mar mheán ualaithe d’ualuithe riosca na gcomhpháirteanna innéacs uile, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, arna n-iolrú faoi 0,7 ;


Tábla 1

Earnáil an chontrapháirtí

Cáilíocht chreidmheasa

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil

Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118

0,5  %

2,0  %

Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí

1,0  %

4,0  %

Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn

5,0  %

12,0  %

Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht

3,0  %

7,0  %

Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin

3,0  %

8,5  %

Teicneolaíocht, teileachumarsáid

2,0  %

5,5  %

Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla

1,5  %

5,0  %

Earnáil eile

5,0  %

12,0  %


Tábla 2

Comhghaolta idir raon difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus an fhálaithe aonainm

Fálú aonainm h de chontrapháirtí i

Luach rhc

Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(i)

100 %

Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(ii)

80 %

Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(iii)

50 %

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas