+RIALACHÁN (Euratom) 2021/948 ÓN gCOMHAIRLE an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014
---+Preamble: 1
---+TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 2 Cuspóirí na hIonstraime
---------+Airteagal 2 1
---------+Airteagal 2 2
------+Airteagal 3 Comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht
---------+Airteagal 3 1
---------+Airteagal 3 2
---------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 4 Buiséad na hIonstraime
------+Airteagal 5 Creat beartais
---+TEIDEAL II AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME
------+Airteagal 6 Cláir ilbhliantúla tháscacha
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---------+Airteagal 6 3
---------+Airteagal 6 4
---------+Airteagal 6 5
---------+Airteagal 6 6
---------+Airteagal 6 7
------+Airteagal 7 Pleananna bliantúla gníomhaíochta agus bearta
---------+Airteagal 7 1
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
---------+Airteagal 7 4
------+Airteagal 8 Bearta tacaíochta
---------+Airteagal 8 1
---------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 9 Modhanna comhair
------+Airteagal 10 Foirmeacha agus modhanna cur chun feidhme an chistiúcháin ón Aontas
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---------+Airteagal 10 3
------+Airteagal 11 Daoine agus eintitis incháilithe
---------+Airteagal 11 1
---------+Airteagal 11 2
---------+Airteagal 11 3
---------+Airteagal 11 4
---------+Airteagal 11 5
---------+Airteagal 11 6
---------+Airteagal 11 7
---------+Airteagal 11 8
---------+Airteagal 11 9
------+Airteagal 12 Na critéir a bhfuil feidhm acu maidir le comhar idirnáisiúnta i dtaca le sábháilteacht núicléach
---------+Airteagal 12 1
---------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 12 3
---------+Airteagal 12 4
------+Airteagal 13 Tairbhithe an chomhair
---------+Airteagal 13 1
---------+Airteagal 13 2
------+Airteagal 14 Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht
---------+Airteagal 14 1
---------+Airteagal 14 2
---+TEIDEAL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 15 Coiste
---------+Airteagal 15 1
---------+Airteagal 15 2
---------+Airteagal 15 3
------+Airteagal 16 Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht, agus maolú ar cheanglais infheictheachta
------+Airteagal 17 SEGS
------+Airteagal 18 Aisghairm
------+Airteagal 19 Forálacha idirthréimhseacha
---------+Airteagal 19 1
---------+Airteagal 19 2
---------+Airteagal 19 3
---------+Airteagal 19 4
------+Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm
|
English -
European Union -
Environment -
RIALACHÁN (Euratom) 2021/948 ÓN gCOMHAIRLE an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014
RIALACHÁN (Euratom) 2021/948 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2021
lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 203 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Ba cheart don Aontas a chuid leasanna agus luachanna a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus Airteagail 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
|
|
(2)
|
Chun an creat idirnáisiúnta nua a bhunaítear le Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt a chur chun feidhme, féachtar le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) comhleanúnachas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú agus éifeachtacht na gníomhaíochta sin a áirithiú trína iarrachtaí a dhíriú trí ionstraim chuíchóirithe chun cur chun feidhme bheartais dhifriúla na gníomhaíochta seachtraí a fheabhsú.
|
|
(3)
|
Ba cheart do chur chun cinn ardleibhéil sábháilteachta núicléiche, cosaint ar radaíocht agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha ar ábhair núicléacha a chur i bhfeidhm i dtríú tíortha, lena gcuirtear leis na gníomhaíochtaí laistigh den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhphobal), a bheith mar chuspóir ag an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach (an “Ionstraim”) lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 . Laistigh den chuspóir sin, is é is aidhm don Rialachán seo tacú le cur chun cinn na trédhearcachta i bpróisis cinnteoireachta na n-údarás i dtríú tíortha i dtaca le cúrsaí núicléacha.
|
|
(4)
|
Ba cheart an Ionstraim a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a fad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).
|
|
(5)
|
Is cuid den chreat arna cheapadh chun comhar a phleanáil é an Rialachán seo agus ba cheart na bearta sin um chomhar núicléach a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/947 a chomhlánú leis.
|
|
(6)
|
Is Páirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a síníodh an 1 Iúil 1968 iad Ballstáit an Aontais agus cuireann siad an Prótacal Breise i bhfeidhm i ndáil lena gcomhaontuithe faoi seach maidir le coimirciú a tugadh i gcrích leis nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA).
|
|
(7)
|
Chun feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ar rialáil na sábháilteachta sin a choinneáil agus a chur chun cinn, ghlac an Chomhairle Treoracha 2009/71/Euratom (4), 2011/70/Euratom (5) agus 2013/59/Euratom (6). Is eiseamláirí iad na Treoracha sin agus ardchaighdeáin na sábháilteachta núicléiche agus bhainistiú na dramhaíola radaighníomhaí agus an bhreosla spíonta a chuirtear chun feidhme sa Chomhphobal chun tríú tíortha a spreagadh chun ardchaighdeáin mar iad a ghlacadh.
|
|
(8)
|
Is Páirtithe Conarthacha iad an Comhphobal agus a Bhallstáit sa Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Núicléach arna ghlacadh an 17 Meitheamh 1994 agus sa Choinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí arna ghlacadh an 5 Meán Fómhair 1997.
|
|
(9)
|
Ba cheart don Chomhphobal leanúint dá dhlúthchomhar le IAEA, i gcomhréir le Caibidil 10 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ("Conradh Euratom”), a mhéid a bhaineann le sábháilteacht núicléach agus coimircí núicléacha, chun cuspóirí Chaibidlí 3 agus 7 de Theideal II de Chonradh Euratom a chur chun cinn. Bíonn an Comhphobal ag obair i gcomhar le heagraíochtaí agus cláir idirnáisiúnta eile a shaothraíonn cuspóirí comhchosúla.
|
|
(10)
|
Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Ionstraim sin do ghníomhaíochtaí atá mar thacaíocht ag na cuspóirí arna saothrú agus atá i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh cheana faoi Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle (7). Baineann na cuspóirí sin le cur chun cinn chultúr na sábháilteachta núicléiche agus le cur chun feidhme na gcaighdeán is airde maidir le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht agus feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach, bainistiú freagrach sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí, díchoimisiúnú agus feabhsú iar-shuíomhanna agus iar-shuiteálacha núicléacha, agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha le haghaidh ábhar núicléach i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí ionchasacha agus tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa.
|
|
(11)
|
Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar chomhairliúchán, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit agus lena n-údaráis ábhartha, go háirithe na húdaráis rialála inniúla i réimse na sábháilteacht núicléiche, leis an nGrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach agus tríd an gCoiste um Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach, agus ar idirphlé leis na tíortha comhpháirtíochta. Ba cheart na conclúidí ón gComhairle maidir le cúnamh do thríú tíortha i réimse na sábháilteachta agus na slándála núicléiche a glacadh an 9 Nollaig 2008 a chur san áireamh le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
|
|
(12)
|
Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Chomhphobail ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha tírshonracha atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena agus b’fhearr iad a bhunú ar Chreat an Aontais le haghaidh Torthaí sa Chomhar Idirnáisiúnta agus san Fhorbairt. Ba cheart na táscairí a bhunú ar cháilíocht, ar fheidhmíocht agus ar thorthaí, chun níos mó freagrachta agus cuntasachta a éileamh ó thíortha tairbhíocha i leith an Aontais agus a Bhallstát i dtaca le torthaí a baineadh amach agus bearta feabhsúcháin sábháilteachta á gcur chun feidhme.
|
|
(13)
|
Ba cheart don Aontas agus don Chomhphobal féachaint leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is fearr is féidir a bheith ag a ngníomhaíocht sheachtrach. Is trí chomhleanúnachas agus comhlántacht idir ionstraimí an Aontais um maoiniú seachtrach ba cheart é sin a bhaint amach, agus trí shineirgí a chruthú le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Ionas go mbainfear an leas is mó is féidir as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart an deis a bheith ann a bhuí leis an Rialachán seo cistiúchán a chomhcheangal le cláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.
|
|
(14)
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán na hIonstraime arb é atá le bheith ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
|
|
(15)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.
|
|
(16)
|
Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/947 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, mar is iomchuí, agus ba cheart na forálacha cur chun feidhme faoin Rialachán seo a bheith ar aon dul leis na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán sin.
|
|
(17)
|
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 106a de Chonradh Euratom agus Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE”) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 106a de Chonradh Euratom agus Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.
|
|
(18)
|
Na cineálacha cistiúcháin ón Aontas agus na modhanna ina gcuirfear an cistiú sin chun feidhme a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis sin, cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.
|
|
(19)
|
Ba cheart gur phleananna gníomhaíochta agus bearta bliantúla a bheadh sna cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad amháin.
|
|
(20)
|
Chun leanúnachas sholáthar na tacaíochta sa réimse beartais ábhartha a áirithiú agus ionas gur féidir é a chur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ní mór foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ó thús na bliana airgeadais 2021.
|
|
(21)
|
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (11), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (12) agus (AE) 2017/1939 (13) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ("OLAF”) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.
Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain don Choimisiún, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha. Ar an gcúis sin, ba cheart forálacha a bheith sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le in aon chonradh nó in aon chomhaontú a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus do OIPE iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n-áiritheofar go ndeonóidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.
|
|
(22)
|
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 a aisghairm.
|
|
(23)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
|
|
(24)
|
Na tagairtí d’ionstraimí cúnaimh sheachtraigh i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (16), ba cheart iad a léamh mar thagairtí don Rialachán seo agus do na Rialacháin sin dá dtagraítear ann. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.
|
|
(25)
|
Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo cloí go docht leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach le bearta sriantacha an Aontais,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. SIZA VIEIRA
|
|
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
TEIDEAL II AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME
|
TEIDEAL II AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME
|
|
TEIDEAL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
TEIDEAL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.06.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0948
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|